Is fada Feidhmeannas Stormont ag rá nárbh fhéidir pleanáil cheart a dhéanamh d’uireasa maoiniú fadtéarmach ó Westminster. Cuirfidh Seansailéir an Státchiste cor nua sa scéal sin inniu. Ba iad infheistíocht, athchóiriú, athnuachan agus seasmhacht na focail faire i Londain roimh fhógra Rachel Reeves maidir leis an athbhreithniú a rinneadh ar chaiteachas. Beidh tábhacht lena cinntí do Thuaisceart Éireann agus ciallachais thromchúiseacha ag conas a láimhseálfaidh an Feidhmeannas an maoiniú.
Faoi am lóin inniu, Dé Céadaoin, an 11 Meitheamh, ba cheart go mbeadh a fhios ag polaiteoirí Stormont agus an pobal abhus cén sciar den chiste a gheobhaidh siad. Beidh deis dá bharr buiséad trí bliana a chur i dtoll a chéile; beidh súil ag an bpobal go mbainfear leas as an mbuntáiste agus go ndéanfar é gan tarraingt cos.
Tá sé fógartha cheana féin go bhfuil an liúntas breosla do phinsinéirí a chuir rialtas an Lucht Oibre ar ceal á thabhairt ar ais. Cuireadh fáilte mhór roimh an u-chasadh. Níl na mionsonraí soiléir go fóill ach bhí thart ar 250,000 i dTuaisceart Éireann i dteideal an liúntais anuraidh.
Séard atá soiléir gur maoiniú trí bliana don bhuiséad reatha a chinnteofar, beart a bhí á éileamh ag Stormont le fada. £113 billiún de chaiteachas caipitil don Ríocht Aontaithe do na ceithre bliana seo chugainn a fhógrófar; beidh suim thar na bearta san sciar a gheobhaidh an Tuaisceart agus céard le haghaidh.
Réiteodh blúire den ollbhuiséad caipitil sin ceist pholaitiúil íogair Pháirc Mhic Easmuinn dá ndeonófaí é. Tá lucht Chumann Lúthchleas Gael ag súil le deontas maith lena aghaidh as an mbuiséad caipitil, cé gur dóigh nach gceadófar an £150 milliún d’easnamh ar chiste atógála na staide. Deir an Lucht Oibre go dtabharfar tosaíocht do thograí infreastruchtúir, fuinnimh, iompair agus scéimeanna chun a dhul i ngleic le hathrú aeráide. Níl aon amhras ach gur tionscadal infreastruchtúir tábhachtach í Páirc Mhic Easmuinn.
Bheadh éifeacht ollmhór ag staid nua ar eacnamaíocht iarthar Bhéal Feirste gan trácht ar a luach mar áis spóirt, fóillíochta agus sóisialta.
Thairis sin, ní léir cé na tosaíochtaí a bheidh ag an bhFeidhmeannas don chuid den bhuiséad caipitil a gheobhaidh sé. Tá liodáin d’éilimh ag ceantair éagsúla agus tá géarghá le huasghrádú ar an gcóras uisce agus séarachais, gan ach sampla amháin a lua. Go ginearálta tá gá le forbairt ar bhonneagar, nuálaíocht, oiliúint chomh maith le athchóiriú ar sheirbhísí poiblí. Tá straitéis infheistíochta an Fheidhmeannais geallta ach ní fhacthas tada fós.
Is faoin mbuiséad do chaiteachas laethúil is mó a chloistear an béal bocht ag Stormont. Deirtear go méadóidh an Seansailéir caiteachas ar shláinte agus ar chúrsaí cosanta ach gur beag a bheidh le fail ag aon roinn eile. Ní bheadh buntáiste ar bith le baint abhus as an maoiniú cosanta mar nach bhfuil sé díláraithe ach bheadh Stormont i dteideal céatadán den tsuim a chaithfí ar an tseirbhís sláinte, an NHS – timpeall 3% sa bhreis.
Aontaíodh anuraidh go raibh an blocdheontas a bhíodh ag an Tuaisceart a áiríodh de réir foirmle Barnett ró-íseal don riachtanas. Dá réir méadaíodh an sciar go £124 don Tuaisceart i gcomparáid le £100 i Sasana. Bhí méadú ar an 124% á éileamh ag Stormont, uasmhéid 128% á iarraidh ag an Aire John O’Dowd ina chomhráití le feidhmeannaigh an Státchiste.
Ina theannta sin fuair Stormont airgead breise anuraidh chun arduithe pá sa tseirbhís phoiblí a íoc. Rithfidh an t-airgead sin amach i mbliana agus fágfaidh sé easnamh timpeall £500 milliún ag an bhFeidhmeannas an bhliain seo chugainn. Ní fios an gcuirfear san áireamh é sa bhlocdheontas.
Cibé suim a bheidh sa bhuiséad do chaiteachas laethúil is faoin gcomh-aireacht reatha a bheidh sé a theacht ar phlean trí bliana 2026 go 2029 faoin leas a bhainfear as.
Den chéad uair ó 2011 (nuair a aontaíodh buiséad go 2015) beidh siad in ann pleanáil fhadtéarmach a dhéanamh. Go dtí seo chualathas go leor faoin méid ba mhaith leo a dhéanamh ach nárbh fhéidir a chur i gcrích in achar róghearr agus d’uireasa maoinithe.
Ní bheidh easpa ama ag cur laincis orthu an babhta seo agus, fiú má deir siad nach leor an t-airgead dá n-aidhmeanna uile, beidh siad in ann tosaíochtaí a roghnú ar mhaithe leis an bpobal. Tá seans acu a chruthú go bhfuil siad níos cumasaí ná mar a léirigh siad go fóill. Déanfar promhadh orthu.
Fág freagra ar 'Seans ag lucht Stormont a chruthú go bhfuil siad níos cumasaí ná mar a shíltear'