LITIR as ALBAIN: Mothaím go bhfuil oibrithe sláinte mo mhacasamhail féin i liombó faoi láthair – an ciúnas roimh an anfa

Tá muid ag faire ar na físeáin ó na hospidéal san Iodáil atá á scaipeadh ar na meáin shóisialta agus ag súil nach dtarlóidh a leithéid anseo, a deir dochtúir teaghlaigh faoi oiliúint atá ag obair i gcóras an NHS

LITIR as ALBAIN: Mothaím go bhfuil oibrithe sláinte mo mhacasamhail féin i liombó faoi láthair – an ciúnas roimh an anfa

Is dochtúir teaghlaigh faoi oiliúint as Éirinn mé agus tá mé ag obair in aonad síciatrachta in ospidéal de chuid an NHS in Albain. Daoine an-leochaileach iad na hothair san aonad síciatrach, a mbíonn fadhbanna sláinte eile ag cur as dóibh go minic.

Is ábhar mór imní é go raibh cuairteoirí ag dul isteach agus amach ón aonad go dtí roinnt laethanta ó shin.

Mothaím go bhfuil oibrithe sláinte mo mhacasamhail féin i liombó faoi láthair; an ciúnas roimh an anfa. Tá deireadh leis na clinicí ar fad nach mór agus muid ag faire ar scéala go mbogfar muid chuig na bardaí dianchúraim, áit a mbeidh othair atá buailte leis an ngalar Covid-19.

Tá strus agus brú go leor i measc oibrithe an NHS faoi láthair. Tá imní orainn, tá muid buartha go bhfaighidh muid féin an galar agus go scaipfimid é i ngan fhios dúinn féin.

San ospidéal tá sé an-deacair cloí le rialacha maidir leis an scoitheadh sóisialta. Idir dhochtúirí, bhanaltraí agus oibrithe eile san ospidéal, bíonn an oiread sin daoine i mullach a chéile. Cuir leis sin go mbíonn orainn taisteal chun na hoibre ar an gcóras iompair poiblí, áit eile nach éasca an scoitheadh sóisialta a chur i bhfeidhm.

Is é an t-ábhar imní is mó sa chóras sláinte anseo nach mbeidh dóthain oibrithe sláinte ar fáil le haire a thabhairt don líon mór othar a bheas buailte leis an ngalar ag an am céanna. Más amhlaidh a bheidh, beidh éifeacht an domanó le brath ar fud an chórais sláinte agus muid ar ár seacht ndícheall cúram ceart a thabhairt d’othair eile.  Tá ganntanas trealamh féinchosanta ina ábhar imní d’oibrithe sláinte chomh maith ach tá gealltanas tugtha dúinn go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí go luath.

Tá muid ag faire ar na físeáin ó na hospidéal san Iodáil atá á scaipeadh ar na meáin shóisialta agus ag súil nach dtarlóidh a leithéid anseo.

Tá dóchas agam nach dtarlóidh.

Cinnte tá mé den bharúil go ndearnadh bearta maithe i ndeisceart na hÉireann le scaipeadh an ghalair a mhoilliú. Cá bhfios an ndearnadh a dóthain in am trátha sa Bhreatain?

Bhí daoine buartha faoi chur chuige na Breataine agus faoin easpa tástálacha. Ach ó fógraíodh an t-ordú dianghlasála tá cúrsaí athraithe go mór. Ní fhacamar an galar seo riamh roimhe seo agus is í an aimsir amháin a neosfaidh cad é an bealach is fearr le dul i ngleic leis an aicíd nua.

Ach ábhar dóchais amháin an oiread de spiorad na meithle atá le feiceáil i measc oibrithe sláinte agus an pobal. Má dhéanann gach éinne a gcuid, beidh linn.

Fág freagra ar 'LITIR as ALBAIN: Mothaím go bhfuil oibrithe sláinte mo mhacasamhail féin i liombó faoi láthair – an ciúnas roimh an anfa'

  • Fearn

    Treise leat agus le lucht míochaine ar fud an domhain le linn na géarchéime.
    Tá sinn buíoch díbh!