Mana Gaeilge mistéireach na gCorcaíoch, cruachás caide na Gaeltachta agus lá mór na nGooners

Sa cholún seo, tugtar léargas ar scéalta beaga, móra, aisteacha agus iontacha ó shaol an spóirt

Mana Gaeilge mistéireach na gCorcaíoch, cruachás caide na Gaeltachta agus lá mór na nGooners

Mana mistéireach na gCorcaíoch

Cuireadh spéis roinnt blianta ó shin i siombail uathúil a bhí ar chúl gheansaithe iománaithe Luimnigh. Ba chosúil le snaidhm Cheilteach an tsiombail, a chonacthas ar dtús le linn craobh Covid 2020, ach dhiúltaigh imreoirí agus lucht bainistíochta a rá cén tábhacht a bhí leis seachas gur bhain sé le “luachanna” na foirne.

“Níl muid chun a rá cén chiall ata leis,” a dúirt bainisteoir na foirne John Kiely ag an am. “Is rud é atá ar an ngeansaí dúinn féin i mbliana, toisc an bhliain atá ann.”

D’fhan an tsiombail ar chúl na ngeansaithe níos faide ná an bhliain sin, áfach. Agus ceithre cinn de chraobhacha buaite ag Luimneach idir 2020-2023, chaithfeá a rá gur oibrigh sí. Léiriú é ar an gcaidreamh agus an ceangal atá idir imreoirí Luimnigh nár sceitheadh an rún riamh.

Bhí an tsiombail fós ar chúl na ngeansaithe anuraidh ach tar éis d’Áth Cliath teacht aniar aduaidh ar Luimneach i mbabhtaí ceathrú ceannais na hÉireann anuraidh, is léir go bhfuil luachanna Luimnigh athraithe agus siombail nua ar chúl an gheansaí i mbliana. Tá mistéir arís ag baint leis an tsiombail nua is léir agus an t-aon scéal sna meáin a thagair dó, a foilsíodh ar shuíomh an Limerick Leader, bainte anuas.

Tá iománaithe Chorcaí anois tar éis sampla Luimnigh a leanúint agus mana, mistéireach, dothuigthe a chur ar a ngeansaithe. Bheadh sé feicthe ag an té atá géarshúileach go bhfuil ‘Sin Cad a Dhéanaimid’ scríofa ar mhuinchille na ngeansaithe traenála a bhíonn á gcaitheamh ag na Corcaígh roimh chluichí. Céard a chiallaíonn sé? Cá bhfios.

‘That’s what we do’ atá ag saoi aistriúcháin Google agus is dócha gurb é sin atá i gceist, go dtagraíonn sé do bhunluachanna nó bunphrionsabail na gCorcaíoch. Bheadh tuairimí difriúla acu laistigh agus lasmuigh den chontae ar céard iad go díreach na bunphrionsabail sin.

Má tá moladh ag ár léitheoirí d’aistriúchán níos fearr ar mhana Chorcaí, fág trácht.

Cruachás caide na Gaeltachta

Imreofar cluichí ceannais peile agus iomána na hÉireann sna craobhacha Faoi 20 an deireadh seachtaine seo.

Ar an nDomhnach, beidh iománaithe óga na Gaillimhe agus an Chláir ag tabhairt aghaidh ar a chéile i Staid Semple ag 3.30pm. Suimiúil go leor, cé gur bhuaigh Gaillimh cúig cinn de chraobhacha mionúir idir an dá linn, tá ort dul siar go dtí 2011 don uair dheireanach go mbaineadar craobh na hÉireann ag an leibhéal seo. Tá na Cláirínigh ag fanacht beagnach chomh fada céanna agus a gcraobh dheireanach buaite acusan in 2014.

Roimhe sin, beidh an cluiche ceannais peile i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn agus Ciarraí agus Tír Eoghain le haghaidh a thabhairt ar a chéile ag a 5.00pm. Chas na foirne céanna ar a chéile i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann agus bua trí phointe bainte amach ag Tír Eoghain sula ndeachaigh siad ar aghaidh chun craobh na hÉireann a bhaint.

Tá Aodhna Ó Beaglaoich na Gaeltachta ar dhuine de bhuíon bheag imreoirí ó Chiarraí a bhfuil deis acu díoltas a bhaint amach agus Seán Ó Cuinn ón gcumann ar an bpainéal i mbliana chomh maith. Duine de chlann cáiliúil Uí Shé Ard an Bhóthair, Tomás, atá ina bhainisteoir ar an bhfoireann chomh maith, rud a fhágann go mbeidh suim mhór sa gcluiche sa bpobal.

An fhadhb atá ann ná leathuair an chloig i ndiaidh don liathróid a bheith caite isteach i bPáirc an Chrócaigh, beidh foireann shinsir na Gaeltachta ag dul chun páirce i gComórtas Peile na Gaeltachta breis is 200km siar ó thuaidh. Is ag 5.30pm atá an cluiche idir an Ghaeltacht agus Naomh Abán agus caillfidh daoine cluiche tábhachtach, is cuma cé acu i mBaile Átha Cliath nó i gCill Charthaigh a bheidh siad.

Is mór an chailliúint don Ghaeltacht Ó Beaglaoich agus Ó Cuinn ar an gcéad dul síos ach beidh sé níos deacra fós ar sheaimpíní Idirmheánach na hÉireann má bhíonn deartháireacha Aodhna – Rónán agus Cathal – agus  deartháir Sheáin – Éanna Ó Conchúir – i bPáirc an Chrócaigh ag tacú leo.

Go deimhin, is cinnte gur bhreá le bainisteoir na Gaeltachta Fergal Ó Sé a bheith ann chomh maith agus a dheartháir féin i gceannas ar fhoireann na Ríochta.

Ní hin an t-aon chluiche ceannais ag clann Fhergal Dé Sathairn, áfach. Beidh a iníon Niamh ag imirt d’fhoireann Faoi 14 Chiarraí i gcluiche ceannais óir na hÉireann in aghaidh chontae an Dúin ag 2.00pm i gCill Tuama i Ros Comáin. Tá cailín óg eile ó chumann Chorca Dhuibhne, Ciara Ní Laoithe ar an bpainéal chomh maith.

Cluiche an deireadh seachtaine – Arsenal v Paris Saint-Germain – Dé Sathairn, 5.00pm (Beo ar RTÉ2)

Tá súil againn nach bhfuil mórán Gooners i measc imreoirí na Gaeltachta nó beidh siad i sáinn cheart Dé Sathairn. Is ag a 5.00pm a bheidh cluiche mór Arsenal i mBúdaipeist agus foireann Mikel Arteta ag dul chun páirce in aghaidh Paris Saint-Germain i gcluiche ceannais Shraith na gCuradh. Fágann bua na Gunners i bPríomhroinn Shasana go mbeidh cuimhne ar an séasúr seo ar feadh i bhfad ach má éiríonn leo príomhchorn na hEorpa a bhuachan den chéad uair riamh chomh maith, bheadh 2026 ar an mbliain is mó i stair an chumainn.

Is mór an dúshlán atá rompu áfach agus PSG ag iarraidh an comórtas a bhuachan don dara bhliain as a chéile. Cé gur chaith Catar na billiúin ar PSG ó cheannaigh siad an cumann in 2011, ceap magaidh a bhí sa bhfoireann ar feadh i bhfad ach tá an Spáinneach Luis Enrique tar éis an fhoireann a chur ar bhóthar a leasa agus slán fágtha leis na réalta ollmhóra, leithéidí Lionel Messi, Neymar agus Killian Mbappé, agus imreoirí óga díograiseacha tugtha isteach ina n-áit. Réalta nua iad na tosaithe Ousmane Dembélé, Khvicha Kvaratskhelia agus Désiré Doué ach tá PSG chomh láidir céanna i lár na páirce agus sa gcosaint.

Tá modhanna imeartha difriúla ag an dá fhoireann agus Arsenal ag brath go mór ar chiceanna cúinne agus ciceanna saora chun deiseanna a chruthú. Beidh an cumas acu freisin an liathróid a choinneáil ó PSG, a bhíonn an-láidir ar an bhfrithionsaí, agus beidh Arteta sásta go maith an t-am a mheilt agus an cluiche a lot má thugann sé deis níos fearr dá fhoireann. Ní fhaca muid aon dream go fóill a bhí in ann stop a chur le foireann seo PSG agus í i mbarr a maitheasa ach déanfaidh fir Arsenal a ndícheall.

Fág freagra ar 'Mana Gaeilge mistéireach na gCorcaíoch, cruachás caide na Gaeltachta agus lá mór na nGooners'

  • alan titley

    B’fhearr ‘Déanaimis an bheart!’ d’iománaithe Chorcaí (agus do na peileadóirí chomh maith), cé nach aistriúchán cruinn é ar a bhfuil i gceist. Nó ‘Cuirimid an báire i gcrích.’ Nó ‘Cac an diabhail ar an namhaid,’ ach ní dócha go mbeadh glacadh leis sin.

  • Kevin Hickey

    Is mór an trua nár míníodh dóibh gurb ionann ‘a’ sa Ghaeilge agus ‘what’ sa Bhéarla sa chás seo; níl aon ghá le ‘cad’ ar chaoi ar bith.

    Thairis sin, tá sé chomh doiléir céanna sa dá theanga, faraor.