Chonac cheana tú arsa an cat leis an mbainne te agus beidh smuta de san ann i bPáirc a’ Chrócaigh inniu le hÁth Cliath agus an Lú ag casadh ar chéile. Ba iad an Lú a bhí scólta go maith ar fhágaint Phort Laoise dhóibh i dtús na míosa ach an bhfuil mórán athraithe a fhágfadh deis níos fearr acu agus an lá deireanach den mBealtaine buailte linn? Bearna deich bpointe agus dúbailt scóranna a bhí ceithre seachtaine ó shin ann, 0-20 le 0-10. An bhfuil aon chúinsí ar leith a mhaolóidh an bhearna deich bpointe sin eatarthu agus an bhfuil aon ní tarlaithe ó shin a thabharfadh léasanna beaga dóchais don Lú agus iad ag gabháil an bóthar anuas inniu?
Tá láthair na himeartha athraithe ar an gcéad dul síos agus, cé go bhfuil na Dubs ag imirt ar a bhfód féin i bPáirc a’ Chrócaigh, ní dhéanfaidh san aon díobháil don Lú. Ní bheidh sé chomh furaist ar thosaithe Áth Cliath an fáscadh céanna a dhéanamh ar chúlaithe an Lú is a deineadh i bPort Laoise agus iad ag gabháil amach leis an gcaid. Deirtear gur breá leis an dtosaí nádúrtha Páirc a’ Chrócaigh ach tá gá le scóip i bhfad níos mó ag an gcúlaí chomh maith agus é ag iarraidh an chaid a iompar amach. Cuimhnigh siar go dtí an díshealbhú cinniúnach a dhein Niall Scully ar Paul Matthews sa 55ú nóimeat den gcluiche leathcheannais. Ní tharlóidh a leithéid sin inniu nó má tharlaíonn, níl contae Lú ag foghlaim.
Rud eile atá athraithe, ná go bhfuil bulaí mór lár páirce Átha Cliath, Peadar Ó Cofaigh Byrne ar lár agus ina áit (má ghéilleann tú don rogha a foilsíodh oíche Déardaoin) tá Ciarán Kilkenny agus Brian Howard. Dá fheabhas iad an bheirt seo agus dá mhéid é a dtaithí, tá fianaise láidir ann go bhfuil na cosa ag teip orthu beirt agus má tá, tá deis anseo don Lú ar fhód fairsing Pháirc a’ Chrócaigh.
An tríú rud atá athraithe ó thús na míosa agus is athrú mór é, ná go bhfuil a ndaonnacht agus a leochaileacht léirithe uair amháin eile ag buíon imreoirí seo Átha Cliath tar éis a mbris in aghaidh na hIarmhí i gcluiche ceannais Laighean. Cheapamar lena dtaispeántas máistriúil an uair dheireanach in aghaidh Lú go raibh an t-amhras a lean a dtaispeántas in gcoinne Chill Mhantáin curtha laistiar dóibh ach b’eo ar ais leis na púcaí is na taibhsí go léir coicíos ó shin agus is deacair an t-amhras a dhíbirt óna meon agus óna gcuid imeartha anois.
Díreach nuair a cheapann tú áfach, go bhfuil an bhearna ag ídiú eatarthu, chíonn tú ainm Con O’Callaghan ar an liosta foilsithe agus athraíonn do phort ó bhonn. Fiú más féidir talamh slán a dhéanamh de ná gheobhaidh Cormac Costello deich bpointe arís, athraíonn Con ar an ndaichead slat múnla na himeartha agus cuireann claochló míorúilteach ar chur chuige Átha Cliath chun tosaigh.
Má tá Con lánfhuinte, tosóidh Seán Bugler agus Niall Scully ag crónán arís agus tá Paddy Small agus Costello fós ana-dhainséarach istigh ach an soláthar a fháil.
Ní hionann san is a rá go bhfuil an Lú gan seans. Caithfidh mórán rudaí rith leo áfach, chun go mbainfidís a spriocanna amach. Ní féidir leo trí cinn déag d’iarrachtaí a chur amú an uair seo, ná ceithre iarracht lena chois a sheoladh isteach i lámha Evan Comerford. Caithfidh siad dul ceangailte in Comerford ó thús mar má tá an fear fé bhrú agus, mar a léirigh an Iarmhí, is féidir é a chnagadh.
Caithfidh Sam Mulroy lá thar laethanta a bheith aige, caithfidh Craig Lennon fanacht amach as an cul de sac a theanntaíonn uaireanta é nuair a théann sé ar na ruathair sin agus caithfidh Conor Grimes iontaisí beaga eile a chruthú seachas é bheith chomh furaist léamh air. Tá ana-chuid ansan a chaithfidh a tharlúint ach b’fhéidir go gcaithfidh Áth Cliath a bheith ana-fheargach agus ana-chrosta chomh maith leis an tslí atá caite lena mbainisteoir, Ger Brennan, i bhfianaise na súile caocha agus na gcluasa bodhra a bhí ag cruinnithe smachta an tseachtain seo. B’fhéidir go gcífí cuid den ngomh sin i bPáirc a’Chrócaigh inniu. Tá a fhios aige Dia, tá tamall ó chonaiceamar uathu é.
Dhá uair a’chloig an bóthar suas, beidh Muineachán ag iarraidh an gomh sin a bhí ar feadh seal acu in aghaidh Ard Mhacha, a athghabháil agus Maigh Eo chucu. Nuair a chasadar ar a chéile breis is ráithe ó shin i gCluain Eois, bhí naoi bpointe dhéag farasbairr ag Maigh Eo. Ainmhí ana-dhifriúil iad Muineachán anois ach tá comhartha ceiste ana-mhór faoin méid a shúigh cluiche ceannais Uladh amach astu agus cén phaisteáil is féidir leo a dhéanamh ar chúrsaí spride is meanman tar éis dóibh bheith i ngiorracht cic amháin agus blocáil Dharragh McMullen do chorn an Anglo Celt a bheith ina seilbh.
Más fíor gur fearr poll sa phutóg ná poll san onóir, níl an dara rogha ag Muineachán anois ach tabhairt fé arís. Beidh tuairim againn laistigh de chúig nóimeat an bhfuil an goile chun catha iontu mar tá Maigh Eo, leis, ag faire ar a seans. Deirtear gur scaoileadh imreoirí Mhaigh Eo thar n-ais ag imirt lena gclubanna sa tréimhse feithimh cúig seachtaine a bhí idir cluiche an lae inniu agus cluiche Ros Comáin agus deirtear chomh maith go bhfuil an púdar coimeádta chomh tirim agus is féidir i gcontae ar nós Mhaigh Eo.
Más fíor a ndeirtear, agus más slat tomhais iad na blianta eile go raibh Maigh Eo ag bóithreoireacht an t-am seo den mbliain, ba cheart go dtabharfadh léargas agus tuiscint Andy Moran ar imreoirí Mhuineacháin buntáiste éigin dá chriú inniu. Má táid inniúil a ndóthain chun leas a bhaint as an léargas san, rithfidh leo.
Fág freagra ar 'B’fhéidir go bhfeicfear fearg Átha Cliath i bPáirc a’Chrócaigh den chéad uair le tamall'