Ní bheadh MI6 an-mhórálach as spíodóirí an spóirt ná asam féin agus mo chairde

Baintear úsáid go leor as crainn, sceacha agus scrobarnach nuair a bhíonn daoine ag iarraidh a dhul i bhfolach

Ní bheadh MI6 an-mhórálach as spíodóirí an spóirt ná asam féin agus mo chairde

Agus deireadh an tséasúir sroichte, beidh mórchuid de na heagraíochtaí agus de na clubanna sacair i Sasana ag fógairt cé hiad laochra na tréimhse sin. Mar a dúirt an saor cloiche fadó agus drochshimléar tógtha aige “Muna dtarraingeoidh sé deatach, tarraingeoidh sé caint.”

Ní fhaca mé fós gradam liostáilte a raibh ‘Bobarún na Bliana’ greanta air, ach dá mb’amhlaidh bheadh an ‘bua gan choimhlint’ (nó an w/o) ag Southampton. Bhí siadsan i bhfoisceacht cluiche amháin d’áit i bPríomhroinn Sraithe Sacair Shasana nuair a tháinig sé chun solais go raibh ceann de na rialacha briste acu.

Lena bheith ag déanamh spíodóireachta ar do chéilí comhraic a bhain an riail, ceann a bhí sáraithe acu cúpla uair ach nár rugadh orthu go raibh áit bainte amach acu sa gcluiche d’fhágfadh áit sa bPríomhroinn ag na buaiteoirí – meastar gur fiú ar a laghad £230 milliún sin.

Sula dtarlódh sin níor mhór dóibh an bua a fháil ar Middlesbrough – foireann ar chinn ar Southampton iad a bhualadh sa dá chluiche eatarthu le linn an tséasúir féin.

‘Breith nó fág’ mar sin a bhí sa gcluiche leathcheannais cáilithe agus beartaíodh iarracht bhreise a dhéanamh san ullmhúchán.

Ar cheann de na rudaí a rinne Southampton bhí duine dá bhfoireann chóitseála a chur ag breathnú ar Middlesbrough i mbun traenála ainneoin a leithéid a bheith coiscthe ón mbliain 2019 nuair a ciontaíodh Leeds United as an obair chéanna.

Locht amháin féin níl agam ar an riail. Ach tá an bealach suarach, seafóideach ar tugadh faoi sa dá chás ag dul ó thuiscint orm.

Greamaire (pionsúr) agus gloiní fadradharcacha bhí ag an spíodóir a bhí gléasta i mbréagriocht nuair a thángthas air sna sceacha taobh amuigh de pháirc traenála Derby.

In ainm Chroim. Faoi 2019 bhí 50 bliain díreach caite ó leag Neil Armstrong cos ar an ngealach; bhí ceamara curtha i gcloigeann an ghadhair a bhí ag James Bond agus bhí athraithe níos mó curtha ag Silicone Valley ar an domhan ná a bhí eatarthu ag Impireachtaí Otamán, na Mongóile, na Róimhe, Na Breataine agus na Rúise!

Fós, ba mhó uirlisí a bheadh ag caoladóir ná a bhí ag ‘spíodóir Leeds’ bocht. Fíneáil £200,000 a chuaigh ar an gclub – pingeacha suaracha go leor i gcomparáid lenar chaill Middlesbrough.

Ní hé go raibh mórán níos mó cóiríochta ar an bhfear as Southampton an lá faoi dheireadh. Ar chúl crainn a bhí sé siúd agus fón póca á úsáid aige. Thug sé do na sála é nuair a cuireadh ceist air céard a bhí ar bun aige, isteach sa leithreas i gcúrsa gailf a bhí in aice láimhe agus amach tríd an mbialann ansiúd.

Is fada an lá go bhfaigfeadh sé misean eile ó ‘M.’ dá mba í a bheadh ina cheannas mar a bhí sí ar 007.

Bhí an bua faighte ag Southampton nuair a tháinig seo ar fad chun solais, ach sula bhfuaireadar deis ar an mbabhta ceannais tugadh bata agus bóthar amach dóibh as an gcomórtas. Bhí deireadh leis an seans go mbainfeadh siad an Phríomhoinn amach agus an £230,000,000 a théann léi.

Níos measa ná sin dóibh tá a gcuid imreoirí ag cuimhneamh anois ar chás cúirte a thabhairt i gcoinne an chlub, bunaithe ar an gcaillteanas airgid atá i ndán dóibh. Tá urraithe freisin ag brath ar an rud céanna a dhéanamh.

Bunaithe ar a bhfuil scríofa go dtí seo agam, tabhair faoi deara úsáid go leor a bheith bainte as crainn, sceacha agus scrobarnach acu siúd a bhí ag iarraidh a dhul i bhfolach. Tá sin le rá freisin faoin eachtra ‘spíodóireachta’ is cáiliúla a bhaineann leis na Cluichí Gaelacha.

Achar gairid sular imir Ciarraí agus Dún na nGall a chéile i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann in 2014 a thit sin amach agus foireann na Ríochta i mbun traenála i gCill Airne.

Ariamh anall ba bheag de chosc a bhí ar aon duine bualadh isteach ag na seisiúin thraenála a dhéanadh peileadóirí Chiarraí. Ach nuair a ceapadh Éamonn Fitzmaurice ina bhainisteoir níor theastaigh uaidhsean go mbeadh eolas ag an saol Fódlach ar an réiteach a bhí ar bun ag a chuid imreoirí. Cuireadh glas ar gheataí Staid an Ghearaltaigh.

Agus seisiún faoi lán seoil tráthnóna ansiúd seachtain roimh an gCluiche Ceannais chualathas bileoga ag siosarnach agus torann mar a bheadh géaga á bpléascadh i gcrann a bhí in aice láimhe. Nuair a chuas i mbun fiosraithe léim fear anuas as agus d’imigh leis ar nós na gaoithe.

Marcanna fánacha a thabharfadh ár gcara ‘M’. dó seo freisin. Ina chuid fuadair thit sparán amach as a phóca. As sin frítheadh amach go mba Chonallach a bhí ann a bhí ag cur faoi i gCiarraí ag an am.

Ar a chonlán féin a thug sé faoin gcúram, a dúirt sé ina dhiaidh sin.

Ní bheadh MI6 an-mhórálach as siúd ach an oiread, ná go deimhin le heachtra a bhain dom féin agus mé i mo scorach.

Ar an mbaile ba ghaire don áit inar tógadh mé, bhí bean a raibh crainn bhreátha úlla dearga ar chúl an tí aici. Thugadh sí aire na huibhe dóibh agus dá bhfeicfeadh sí tú ina ngaobhar, bhí scéala curtha aici chuig an mbeairic nó chuig an scoil.

Faoi choim na hoíche a bhí fáil ar aon seans a bhí ann.

Bhí leaid amháin inár measc a bhí dornán de bhlianta ní ba shine ná an chuid eile againn. Bhí an scoil fágtha aige agus gan cumhacht ag an máistir air ní ba mhó. Eisean a d’eagraigh an ruathar.

Ní raibh againne ach ceann nó péire de na lampaí beaga sin a bhíodh á ngreamú ar thús rothair ach bhí tóirse mór breá ag ár gceannasaí. Sháraigh muid na ballaí cosanta chomh paiteanta agus a rinne Bond an lá ab fhearr a bhí sé. B’ansin a d’fhógair fear an tóirse gurb é féin amháin a thiocfadh in airde crainn áit a dtosódh sé ag croitheadh na ngéag. Bhaileodh na saighdiúirí coise a dtitfeadh ar an talamh. Soicindí a bheadh idir theacht agus imeacht dhúinn.

Leath bealaigh suas ar an gcrann a bhí sé nuair a d’oscail cúldoras an tí agus amach leis an úinéir agus chaon uaill aici. ‘Who’s there?’

Na hIarlaí féin níor theith chomh tréan linne a bhí ar talamh, ach bhí fear an chrainn i dteannta.

Agus é ag iarraidh an tóirse a mhúchadh, thit sin uaidh, agus chuaigh de phlap ó ghéagán go géagán gur bhain sé an talamh amach. Ansiúd scairt sé suas ar an gcrann mar a dhéanfadh spotsolas in Amharclann na Mainistreach.

Ní raibh aon ghá ní ba mhó leis an ‘Who’s There?’.

Fág freagra ar 'Ní bheadh MI6 an-mhórálach as spíodóirí an spóirt ná asam féin agus mo chairde'