‘Campas Gaeilge’ molta do Ghaeltacht na Gaillimhe chun freastal ar oibrithe sa tseirbhís phoiblí

Dúradh ag cruinniú i dTeach Laighean an tseachtain seo go bhfuil taithí ag muintir na Gaeltachta a bheith ag freastal ar fhoghlaimeoirí teanga, idir dhaltaí na gcoláistí samhraidh, ábhar oidí agus mhic léinn tríú leibhéal

‘Campas Gaeilge’ molta do Ghaeltacht na Gaillimhe chun freastal ar oibrithe sa tseirbhís phoiblí

Tá sé ráite ag comharchumann Gaeltachta go gcruthóidh an t-éileamh a bheidh ar chúrsaí Gaeilge sa tseirbhís phoiblí sna blianta amach romhainn deiseanna do phobail agus do gheilleagar na Gaeltachta.

Deir Forbairt Chonamara Láir go mbeidh tóir ar chúrsaí Gaeilge i measc státseirbhíseach agus oibrithe eile sa tseirbhís phoiblí de thoradh na sprice earcaíochta 20% atá sa reachtaíocht agus gur chóir don rialtas leas a bhaint as na hacmhainní atá ann cheana féin sa nGaeltacht chun freastal uirthi.

Tá Forbairt Chonamara Láir ag moladh go mbunófaí “mol oideachais” i gCarna chun freastal ar chuid den éileamh a bheidh ann.

Agus cur i láthair á dhéanamh os comhair choiste Gaeilge an Oireachtais i dTeach Laighean an tseachtain seo, dúradh go bhfuil taithí ag muintir na Gaeltachta a bheith ag freastal ar fhoghlaimeoirí teanga, idir dhaltaí na gcoláistí samhraidh, ábhar oidí agus mhic léinn tríú leibhéal, agus go bhféadfaí tógáil ar an taithí sin chun freastal ar an tseirbhís phoiblí.

Tá sprioc leagtha síos sa reachtaíocht gur cainteoirí Gaeilge a bheadh in 20% de na hearcaigh chun na seirbhíse poiblí faoi dheireadh na bliana 2030.

Dúradh go raibh na hacmhainní a bheadh ag teastáil chun cúrsaí a chur ar fáil i gceantar Charna cheana féin agus moladh go mbeadh ról ceannaireachta ar an scéim ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, a bhfuil ionad acu i gCarna.

Dúirt Máirín Ní Choisdealbha-Seoige, bainisteoir an chomharchumainn, go bhféadfaí, mar shampla, cúrsaí trí seachtaine a chur ar fáil, go mbeadh na foghlaimeoirí ag fanacht sa gceantar agus go mbeadh ócáidí á reáchtáil leis an bpobal áitiúil chun tacú leis an sealbhú teanga. Thabharfaí deis dóibh a bheith ag obair ón nGaeltacht chomh maith trí chóras na gteiceanna.

“Tuigeann muid go mba chóir go mbeadh deiseanna ann do státseirbhísigh barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge agus go bhféadfaí é seo a dhéanamh tríd an gcóras acadúil.

“Bheadh buntáiste faoi leith ann dá mbeadh deis acu fanacht i gceantar Gaeltachta, an Ghaeilge a fhoghlaim agus bheadh siad in ann a bheith ag obair go laethúil freisin ó Charna. Bheadh siad ag fáil taithí ar shaol Gaeilge [sa nGaeltacht],” a dúirt Máirín Ní Choisdealbha-Seoige, bainisteoir Fhorbairt Chonamara Láir.

“I gcroílár an togra seo tá an smaoineamh tógáil ar na bunstruchtúir láidre atá sa phobal cheana féin.”

Dúirt Ní Choisdealbha-Seoige go mbíonn ábhar oidí agus daltaí na gcoláistí samhraidh ag teacht go Carna ach go raibh “míonna ciúine” sa bpobal sa gcéad chuid den bhliain. Deis a bheadh anseo, a dúirt sí, borradh a chur faoi gheilleagar an cheantair.

Dúirt sí go bhféadfaí an scéim a bhunú ar bhonn píolótach ar dtús chun freastal ar idir 30-60 duine.

“Dá mbeadh scéim phíolótach tosaithe i gCarna ar dtús, bheadh torthaí dearfacha uirthi, mar atá leis an seimeastar Gaeltachta do na mic léinn, [agus] tá mé ag ceapadh gur airgead a bheadh caite go maith a bheadh ann,” a dúirt sí.

Cuireadh fáilte roimh an moladh ag an gcoiste Oireachtais agus moladh go scríobhfadh an coiste chuig na hairí rialtais lena mbaineann an scéal chun tuilleadh plé a dhéanamh air.

Fág freagra ar '‘Campas Gaeilge’ molta do Ghaeltacht na Gaillimhe chun freastal ar oibrithe sa tseirbhís phoiblí'