Deireadh seachtaine cois trá romhainn agus Comórtas Peile na Gaeltachta ag filleadh ar Chill Charthaigh

Beidh súil ag muintir na háite go mbainfear an chraobh shinsir den ochtú huair Dé Luain, rud a chuirfeadh Cill Charthaigh ar comhchéim le Gaoth Dobhair agus Naomh Abán ar an rolla onóra.

Deireadh seachtaine cois trá romhainn agus Comórtas Peile na Gaeltachta ag filleadh ar Chill Charthaigh

Tá breis is 20 bliain ann ó reáchtáladh Comórtas Peile na Gaeltachta i gCill Charthaigh, rud a fhágann go mbeidh cuid mhaith de na cuairteoirí a dhéanfaidh an t-aistear ó thuaidh go Dún na nGall an deireadh seachtaine seo ag tabhairt cuairt ar an áit den chéad uair.

Is beag seans gurb é an deireadh seachtaine seo an chéad uair acu radharc a fháil ar pháirc imeartha CLG Chill Charthaigh, páirc bhreá na Tamhnaí, áfach. Tá an pháirc, atá suite cois cuain ag bun na gcnoc, aitheanta ar cheann de na páirceanna is áille sa tír agus í le feiceáil ar feadh i bhfad mar chúlra ar The Sunday Game ar RTÉ.

Cé nár imríodh Comórtas Peile na Gaeltachta i gCill Charthaigh ach an t-aon uair amháin, in 2004, tá dlúthcheangal ag an gcumann leis an gcomórtas agus cuimhní geala acu air.

Ba in 1984 a osclaíodh an pháirc nua ar an Tamhnaigh, lár ré órga an chumainn. Bhuaigh Cill Charthaigh ceithre cinn de chraobhacha sinsir ag Comórtas Peile na Gaeltachta idir 1987 agus 1991 nuair a bhí laoch mór an chumainn, Máirtín Beag McHugh, agus a dheartháir James i mbarr a réime. Bhí ar na buachaillí ó Bhaile an Droichid fanacht go dtí 2008 chun greim a fháil ar Chorn an Aire arís agus tá sé tugtha leo acu dhá bhabhta eile ó shin agus clann mhac Mháirtín – Mark agus Ryan – agus James agus Eoin – lárnach i ngaiscí 2014 agus 2024.

Beidh súil ag muintir na háite go mbainfear an chraobh shinsir den ochtú huair Dé Luain, rud a chuirfeadh Cill Charthaigh ar comhchéim le Gaoth Dobhair agus Naomh Abán ar an rolla onóra.

Is í seo an chéad uair ag Gaoth Dobhair ag an gcomórtas náisiúnta ó bhí 2018 ann agus níl an chraobh shinsir buaite ag fir Mhachaire Gathlán ó 2013. Bóthar fada a bheidh le taisteal acu má más leo í a bhaint i mbliana, áfach, agus ceithre chluiche in imeacht ceithre lá le himirt ag foireann Rónán Mhic Niallias, a bheidh amuigh in aghaidh Chill tSéadhna as Maigh Eo i réamhbhabhta ceathrú ceannais anocht.

Tá ort dul siar go dtí 2005 don uair dheireanach a bhuaigh Naomh Abán an chraobh shinsir agus gan an cluiche ceannais féin bainte amach ag cumann Bhaile Bhuirne idir an dá linn. Is ag tabhairt aghaidh ar sheaimpíní Idirmheánach na hÉireann a bheidh siad ina gcluiche ceathrú ceannais Dé Sathairn ach beidh roinnt de ghaiscígh an gheimhridh ar iarraidh ar an nGaeltacht don chluiche seo agus Aodhna Ó Beaglaoich agus Seán Ó Coinn gafa le foireann Faoi 20 Chiarraí a bheidh ag imirt i gcluiche ceannais na hÉireann. Beidh Brian Ó Beaglaoich le foireann shinsir na Ríochta.

Is iad Bhulf Tón na Mí seaimpíní na bliana seo caite agus teacht aniar dochreidte déanta acu chun an cluiche ceannais a bhaint i gcoinne an Tearmainn. Tá ag éirí go maith leo go dtí seo i mbliana agus gach ceann de na sé chluiche sraithe atá imeartha acu go dtí seo sa Mhí buaite ag Bhulf Tón. Tabharfaidh siad aghaidh ar an Rinn i gcluiche ceathrú ceannais an lae amárach, coimhlint atá feicthe againn roinnt mhaith uaireanta ag an gcomórtas le blianta beaga anuas.

Áirítear Maigh Cuilinn ar cheann de na foirne is láidre i nGaillimh ach feicfimid linn cé a bheidh ar fáil chun tabhairt faoin turas ó thuaidh. Tá naoscaire na foirne Dessie Conneely san Astráil agus Seán Kelly gafa le Gaillimh ach bhí deartháir Sheáin, Paul, ar fheabhas i gcomórtas cáilithe na Gaillimhe ceithre seachtaine ó shin. Imreoidh Maigh Cuilinn buaiteoirí an chluiche idir Cill tSéadhna agus Gaoth Dobhair agus beidh Cill Charthaigh ag fanacht ar bhuaiteoirí na coimhlinte sin.

Níl ach cluiche amháin le himirt i gcraobh shinsir na mban agus An Tearmann agus Baile Chláir na Gaillimhe le haghaidh a thabhairt ar a chéile ag meán lae Dé Luain. Tá an chraobh seo buaite ag Baile Chláir le dhá bhliain anuas agus bhuaigh siad ar an Tearmann in 2024.

Beidh Naomh Anna ag súil le greim a choinneáil ar an gCorn Idirmheánach lena thabhairt ar ais go Gaillimh chomh maith. Casfaidh mná Cheantar na nOileán ar Naomh Columba sa gcluiche ceannais Dé Sathairn. Bhí Naomh Columba an-láidir ag leibhéal na sóisear anuraidh agus súil acu go mbeidh siad in ann ag an ardú céime i mbliana.

Clann na nGael a bhuaigh Craobh Shóisir na bhFear i Ráth Chairn anuraidh agus beidh siad arís i measc na bhfoirne is láidre ag an leibhéal sin arís i mbliana. Beidh leithéidí Gaeil Fhánada, An Fhairche agus Tuar Mhic Éadaigh ina measc siúd a bheidh ag iarraidh stop a chur leo, áfach.

Beidh mná Chill Charthaigh ag súil le tacaíocht láidir i gcomórtas sóisir na mban agus Carna-Caiseal, Tuar Mhic Éadaigh, Clann na nGael, Na Gaeil Óga agus Laochra Loch Lao san iomaíocht chomh maith.

Fág freagra ar 'Deireadh seachtaine cois trá romhainn agus Comórtas Peile na Gaeltachta ag filleadh ar Chill Charthaigh'