Bhí an-díomá ar lucht tacaíochta Shinn Féin sa Tuaisceart faoi theip an pháirtí sa dá fhothoghchán ó dheas. Ní nach ionadh bhí ríméad orthu faoin titim ar vótaí Fhianna Fáil agus Fhine Gael ach níorbh fhéidir a míshuaimhneas faoina bpáirtí féin a cheilt.
Tráth a raibh míshástacht leis an bpáirtí in Stormont ina údar buartha acu bhí súil acu le hardú meanman ó Bhaile Átha Cliath Láir agus ó Ghaillimh Thiar. A mhalairt a fuair siad. Mar sin féin dúirt gníomhaithe nár bhaol do cheannaireacht Mary Lou McDonald. ‘Níorbh í an t-iarrthóir i mBaile Átha Cliath rogha Mary Lou’ a dúirt cosantóirí an cheannaire. Níor séanadh áfach go raibh gá acu le dianmhachnamh.
Conas a theip ar phríomhpháirtí an fhreasúra suíochán a bhaint nuair atá an rialtas faoi bhrú ó gach ceard? Conas a theip orthu i nDáilcheantar an cheannaire? Agus conas a theip orthu tacaíocht a mhealladh ó pháirtithe a bhí i gcomhghuaillíocht na heite clé leo an geimhreadh seo caite? Tuige a bhfuair siad níos mó aistrithe ón eite dheis i mBaile Átha Cliath ná ó dhream ar bith eile? An amhlaidh nach páirtí den eite chlé iad Sinn Fein ainneoin chomh minic is a deir siad gurb ea?
Ba léir tar éis olltoghchán 2024 ó dheas gur mheas na vótóirí nach raibh malairt rialtais á tairiscint ag Sinn Féin; ní raibh an obair déanta acu chun páirtnéirí a chothú le bheith i rialtas leo. Ceapadh go rabhthas ag dul i ngleic leis an gceist sin nuair a tharraing páirtithe na heite clé le chéile mar thacaíocht le feachtas buacach Catherine Connolly don Uachtaránacht. Ba iad na fothoghcháin an chéad deis chun freagraí a sholáthar. Níorbh iad na freagraí a theastaigh ón mballraíocht a fuair siad.
Tuairiscíodh go raibh roinnt den bharúil go gcuirfeadh ceannaire nua borradh faoin bpáirtí cé gur shéan Mary Lou McDonald go raibh brú uirthi. Is fíor go bhfuil vóta Shinn Féin laghdaithe go mór ina dáilcheantar ó 2020 ach is faoina ceannas a shroich siad a mbuaic chomh maith le cúlú.
Polaiteoir cumasach í. An bhfuil ábhar ceannaire acu atá níos oilte ná í? Cén difríocht a dhéanfadh athrú pearsanra i bpáirtí le foireann cheannais lárnach?
Is práinní athbhreithniú ar a bpolasaithe agus a gcur chuige. Léirigh athbhreithniú ar theip i dtoghchán eile gur fadhb mhór a bhí i gcur chuige feargach an pháirtí. Ní hé a leas an síordhiúltachas, béim ar na nithe a bhfuil siad ina gcoinne.
Tá na ceisteanna a d’eascair as na fothoghcháin soiléir. Céard le haghaidh iad? An lúbann a bpolasaithe leis an ngaoth? Céard is brí leis nuair a bhaineann an eite fhíordheis vótaí díobh – Steenson agus Hutch i mBaile Átha Cliath – ach go bhfaigheann siad sciar maith aistrithe uathu sin? Nuair a sceith siad vótaí chuig na Daonlathaithe Sóisialta. Páirtí an Lucht Oibre agus Comhaontas Glas is chuig a chéile a d’aistrigh na páirtithe sin go príomha.
An páirtí den eite chlé iad? Ba léir nár mheas na Daonlathaithe Sóisialta, Páirtí an Lucht Oibre ná an Comhaontas Glas gurb ea. Ní hamháin gurb é sin breithiúnas cheannairí na bpáirtithe sin ach, níos tábhachtaí, ba é sin an teachtaireacht sna vótaí aistrithe. Chuaigh vótaí agóide a bhailigh siad ó na foinsí sin cheana chuig páirtithe eile na comhghuaillíochta clé an geábh seo.
Thacaigh daoine i gceantair imeallaithe leo cheana a chuaigh ag an eite fhíordheis an t-am seo. An raibh siad débhríoch faoi cheist na hinimirce i mBaile Átha Cliath agus faoin agóidíocht chonspóideach maidir le breosla i nGaillimh le súil go mbainfidís buntáiste as? Bhí thiar orthu sa dá thoghcheantar mar d’imigh an tacaíocht sin ar dheis ach chuir an tsuirí olc ar vótóirí ar chlé.
Nó an páirtí an láir iad? An bhfuil siad ag iarraidh a bheith ‘uileghabhálach’ mórán mar a bhí Fianna Fáil in ard a réime, ag tarraingt vótaí as gach ceard. Ní léir go bhfuil feidhm leis an bpatrún sin níos mó. An raibh siad chomh gnóthach sin ag cur lucht an airgid ar a suaimhneas nár bhaol dóibh Sinn Féin a bheith i rialtas nach léir céard leis a sheasann siad cé is moite de reifreann faoin teorainn? Tá sé i bhfad níos deacra gach trá a fhreastal nuair atá flúirse roghanna ag na toghthóirí.
Tá ciallachais do Shinn Féin sa Tuaisceart ag cé mar atá an páirtí ó dheas ag cruthú. Measann go leor den lucht leanúna nach bhfuil in Stormont ach stad ar an mbealach chuig Éire aontaithe; bheadh rath an pháirtí ó dheas ina léas dóchais acu. Meastar go coitianta go bhfuil buíon i measc na dTeachtaí Dála atá fíorchumasach ach iad róthugtha don cháineadh agus don diúltachas; freasúra nach dtairgeann fuascailt. Tá gá acu le polasaithe dearfacha, seasamh soiléir.
Ní polasaí í fearg.
Fág freagra ar 'Sinn Féin idir dhá thine Bhealtaine – céard le haghaidh iad?'