LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: A scéal féin inste ag Claire Byrne agus meitheal nuachta TG4 ar a mbarraicíní chomh maith le duine

Tá saol na teilifíse ag éirí níos aistí agus níos aistí fós chomh maith

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: A scéal féin inste ag Claire Byrne agus meitheal nuachta TG4 ar a mbarraicíní chomh maith le duine

Tá an saol ag éirí níos aistí agus níos aistí fós faoi mar a dúirt Ailís agus í i dTír na nIontas. Cé an Daingin á cur faoi imshuí ag iascairí áitiúla, píolóta ón nGaillimh sáinnithe in árasán sa Spáinn, seanfhondúir ar Oileán Acla á chur fé agallamh tríd an bhfuinneog agus athrú ó bhonn déanta ag rialtas Boris Johnson agus An Ríocht Aontaithe dianghlasáilte acu.

É sin ar fad agus Claire Byrne ag láithriú a cláir ó bhothán i mbun a garraí in athuair is a sláinte féin mar phríomhábhar cainte sa chlár.

Chaith Claire Byrne breis agus cúig nóimint ag tosach an chláir ag caint ar a heispéireas féin leis an gcoróinvíreas. D’fhógair sí an tseachtain seo caite go raibh an féinleithlisiú á chleachtadh aici mar go raibh siomptóim an víris uirthi.

Deimhníodh an tseachtain seo go raibh Covid-19 tolgtha aici.

Labhair sí go deisbhéalach tomhaiste daonna faoin ngeit a baineadh aisti agus an chiontacht a mhothaigh sí maidir leis na daoine a raibh gartheagmháil aici leo.

Thug sí cuntas ar an siomptóim a bhí aici: casachtach agus gearranáil is mó a bhí ag cur as di, agus b’ábhar iontais di nach raibh aon teocht ard aici. Ina theannta dhein sí cur síos ar an bpróiseas tástála nuair a thiomáin sí chuig seanionad de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Bhí an tástáil déanta ar hap an tairne agus thug proifisiúntacht is socracht na n-altraí uchtach di.

Bhí meitheal nuachta TG4 ar a mbarraicíní chomh maith le duine. Seán Mac an tSíthigh buailte fé ar cheann an ché sa Daingean mar a raibh an calafort faoi imshuí ag iascairí áitiúla agus muc ar gach mala acu faoi bháid allúracha a bheith ag teacht chun cladaigh gan aon mhonatóireacht faoin víreas.

I mír eile ar an gclár deineadh paiste cainte leis an bpíolóta Ciabhán Ó Murchú atá sáinnithe in árasán in Sevilla na Spáinne le seachtain. Thug Eibhlín Ní Choistealbha agus Ailbhe Ó Monacháin tuairiscí dúinn faoi phobal Acla agus na Rosann a bheith ag teacht i gcabhair ar sheandaoine. B’éigean d’Eibhlín caint a chur ar Catherine Seoighe ar an nguthán fad is a bhí sí ag féachaint uirthi tríd an bhfuinneog.

Caithfear tagairt faoi leith a dhéanamh do Ken Egan a bhí ar chlár Claire Byrne. Tá an dochtúir seo, atá cúig bliana déag le cois na trí scór, imithe ar a phinsean ach tá sé le breith ar a theirmiméadar arís le seasamh sa bhearna bhaoil. Labhair sé go tomhaiste lom. Mheabhraigh sé cruatan na gcaogaidí don lucht féachana tráth a raibh ar an bpobal dul i ngleic leis an eitinn agus an póilió. Bhí teacht aniar sa phobal agus cloíodh na galair úd. Seo a bhí le rá aige mar fhocal scoir.

“Will ya stay away from people. Raise your volume, you can shout to them and you can talk to them. But you can’t get this disease from the wind, you’ll get it from somebody that is healthy. So we should all just muck in and let’s get going and we’ll deal with it.”

Sách ráite.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: A scéal féin inste ag Claire Byrne agus meitheal nuachta TG4 ar a mbarraicíní chomh maith le duine'