An dóchas agus an t-uamhan ‘dáilte ar an uile dhuine beo’ – dán nua d’aimsir na géarchéime

Is cúis áthais dúinn ‘Cónocht an earraigh 2020’, dán nua leis an sárfhile Seosamh Ó Murchú, a fhoilsiú ar Tuairisc.ie

An dóchas agus an t-uamhan ‘dáilte ar an uile dhuine beo’ – dán nua d’aimsir na géarchéime

CÓNOCHT AN EARRAIGH 2020

Seosamh Ó Murchú

An arraing sin thíos in íochtar cléibh,
Nó b’fhéidir gur sa chroí atá sí,
D’aithníodh ár sinsir go maith í
Thógaidís isteach í faoi chaolach an tí
Thugadh bheith istigh na hoíche di
Thugadh ainmneacha breátha ceana uirthi
Tráth a mbíodh an tarrac ar an bhféar
Nó Murchadh na dTóiteán feicthe thoir,
Níorbh aon nath acu a dtoil féin a chur le toil Dé.

Ach d’imigh sin is tháinig seo
Is malartaíodh dúfhocail chianda
Ar an eolaíocht chruinn bheacht
A thabharfaidh sinn go bun an angair
Lá geal éigin amach anseo, aimsir
Oíche Fhéile Sin Seáin, seans.

Ach sa lá seo atá inniu againn
Tá an meánchiorcal agus an ghrian
Ag spallaíocht go falsa le chéile,
Tá a fhios againn inár gcroí istigh
Nach mbeidh ann ach pósadh coibhche
Gur orainne, truáin, atá an spré roinnte,
A chion féin, leath mar leath,
Den dóchas agus den uamhan
Dáilte ar an uile dhuine beo.

Fág freagra ar 'An dóchas agus an t-uamhan ‘dáilte ar an uile dhuine beo’ – dán nua d’aimsir na géarchéime'