‘Má fheicim é, beidh mé in ann high-five sciobtha a thabhairt dhó?’

An rud is mó a airíonn na gasúir uathu ná an deis a bheith acu am a chaitheamh lena gcairde

‘Má fheicim é, beidh mé in ann high-five sciobtha a thabhairt dhó?’

‘Só, má fheicim é, beidh mé in ann high-five sciobtha a thabhairt dhó agus ansin gabhfaidh muid ar ais ar na scútair,’ a deir an Babaí liom agus é ag déanamh achoimre ar an gcaint a bhí díreach againn faoin méid a bheadh le déanamh dá gcasfaí a chara buan air. 

‘Ní hea,’ a mhínigh mé. ‘Ní bheadh muid in ann aon high-fives a thabhairt dhó faoi láthair, chaithfeadh muid fanacht dhá mhéadar amach óna chéile.’ 

Bhreathnaigh sé orm agus mearbhall air. ‘Tuigim anois,’ a deir sé. ‘D’fhéadfá buille beag ar an ngualainn nó rud éicínt mar sin a dhéanamh ach ansin, díreach ar ais ar an scútar.’ 

‘Ní hea,’ a deir mé, ‘chaithfeadh muid ar fad fanacht amach óna chéile, tá muid in ann a chéile a fheiceáil sa gcás is go bhfanfaidh muid dhá mhéadar amach óna chéile.’ 

Social-distancing!’ a deir Beainín na Naíonáin Bheaga agus údarás ina glór. ‘Níl aon high-fives i gceist leis.’ 

Cheap mé, go raibh seans ann go bhféadfaí cuairt amuigh faoin aer a eagrú lena chara dá mba rud é go bhfanfadh siad ar na scútair agus dhá mhéadar amach óna chéile. Is ag brionglóideach a bhí mé. 

Is dóigh nár cheart dom tabhairt faoin mbóthar seo ar chor ar bith, ach bhí mé ag iarraidh cuimhneamh an raibh aon bhealach go bhféadfaí deis a thabhairt dóibh a gcairde a fheiceáil agus fós cloí leis na treoirlínte don scoitheadh sóisialta. 

Tuigim go bhfuil na gasúir ar fad ag cailleadh amach ar an scolaíocht faoi láthair, ach tiocfaidh sé sin arís luath nó mall nuair a osclóidh na scoileanna arís. An rud is mó a airíonn siad uathu, sílim, ná an deis a bheith acu am a chaitheamh lena gcairde. 

Seo, sular chuimhnigh mé ar an gcuairt fhíorúil a eagrú ag úsáid an fhóin. Is mar sin a shocraigh muid an chuairt ar deireadh agus d’éirigh go maith léi.

‘Sin é,’ a deir mé, ‘tá muid in ann daoine a fheiceáil agus heileo a rá leo, ach ní fhéadfaidh muid a bheith níos gaire ná dhá mhéadar dá chéile.’ 

‘Tá’s a’m, Mamaí,’ a deir an Babaí. ‘Tá’s ag chuile dhuine é sin.’

‘Go maith,’ a deir mé agus ba mhór an faoiseamh é gur thuig sé anois é. 

‘Céard é méadar, ar aon chaoi?’ a d’fhiafraigh sé ansin.

‘Bhuel…Is fad atá ann,’ agus thosaigh mé ag breathnú thart ag iarraidh tomhas éicínt a aimsiú. 

‘Airde an dorais, thart air,’ a dúirt mé. 

‘Caithfidh tú a bheith thuas chomh hard sin nuair atá tú ag caint le daoine?’ a d’fhiafraigh sé. 

Fág freagra ar '‘Má fheicim é, beidh mé in ann high-five sciobtha a thabhairt dhó?’'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    An-scríobhneoireacht ar fad – an rud atá de dhíth orainn faoi láthair freisin ná beagáinín grinn. :-)