AR SCÁTH A CHÉILE: Ómós do lucht leighis… ó Sheán Ó Ríordáin

Ar Scáth A Chéile – Colún nua do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le heolas, nuacht agus tuairimíocht faoin saol aimsir ghéarchéim an choróinvíris. Seolaigí bhur scéalta chuig nuacht@tuairisc.ie…

[live id=”a81dfc” datetime=”2020-03-25T17:29:24+00:00″]

Ómós do lucht leighis… ó Sheán Ó Ríordáin

Tá ráiteas deas ón Ríordánach, file, curtha amach ar na meáin shóisilata ag an Dr Róisín Ní Ghairbhí as Roinn na Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál. Ar ndóigh fear ab ea an Ríordánach a bhí i dtuilleamaí an lucht leighis go minic é féin.

[/live]

[live id=”de491b” datetime=”2020-03-25T15:40:36+00:00″]

‘Baol mór ann ar maidin go mbeadh muid uilig ag rith thart sna pitseámaí ar feadh an lae’ –  Bridget Bhreathnach

‘Éirigh agus gléas thú féin’ an ceacht is mó ón Scoil sa mBaile inniu agus breis agus seachtain caite ag na gasúir sa bhaile.

“Beagán réabhlóide” a chur as don fhoghlaim sa mbaile i dTeach an Bhreathnaigh ar maidin agus an baol mór ann go mbeidís uilig “ag rith thart sna pitseámaí ar feadh an lae”.

Nuair nach bhfuil aon phlean agat don Scoil sa mBaile is féidir brath ar cheachtanna áille Mo Willems, a deir Bridget Bhreathnach.

[/live]

[live id=”45da4c” datetime=”2020-03-25T15:05:01+00:00″]

‘Scéal chailleach an uafáis, gan fáth gan údar’ – cáineadh déanta ar bhac ché an Daingin

Tá cáineadh géar déanta ag eagraíochtaí iascaireachta ar an mbac a chuir iascairí ar ché an Daingin an tseachtain seo.

Chuir iascairí sa Daingean agus i mBaile Chaisleáin Bhéarra i gCorcaigh bac ar chéanna na mbailte agus iad ag iarraidh stop a chur le trálaeir ón iasacht teacht isteach.

Dúirt na hiascairí sa Daingean nach raibh criúnna na mbád atá tagtha i dtír le tamall ag cloí leis na moltaí atá leagtha síos ag rialtas na hÉireann maidir leis an scoitheadh fisiciúil agus dúirt siad go raibh imní i measc an phobail go scaipfí an galar Covid-19 sa cheantar dá bharr.

Cuireadh deireadh leis an mbac sa Daingean inné ach tá gníomhartha na n-iascairí áitiúla cáinte ag eagraíochtaí iascaireachta – sin iad Eagraíocht Táirgeoirí Éisc na hÉireann, Eagraíocht Táirgeoirí Éisc Dheisceart agus Oirthear na hÉireann, Comharchumann Iascairí na Gaillimhe agus Árann, Comharchumann Iascairí na gCealla Beaga, Comharchumann Iascairí Bhaile Chaisleáin Bhéarra, Comharchumann Iascairí Cheann Chlochair agus Comharchumann Iascairí an Fheabhail.

Dúirt na heagraíochtaí gur “scéal chailleach an uafáis, gan fáth gan údar réasúnta” atá ag na hiascairí agus nach raibh aon chúis mhaith lena gcosc ar chriúnna na mbád iasachta teacht i dtír sa Daingean agus i mBaile Chaisleáin Bhéarra.

Dúirt siad go raibh criúnna bád faoi réir choinníollacha dochta breise cheana féin de bharr phaindéim an ghalair Covid-19 agus go ndéanfadh na hagóidí dochar do thionscal na hiascaireachta in Éirinn sa deireadh thiar thall.

Dúradh go raibh beartas éigeandála tugtha isteach ag an Roinn Iompair a fhágann go bhfuil ar bháid dearbhú sláinte a sholáthar sula dtabharfar cead dóibh teacht i dtír agus go bhféadfadh na húdaráis diúltú do bhád mura bhfuil tuairisc iomlán faighte acu.

Dúirt na heagraíochtaí iascaireachta go raibh dea-chaidreamh oibre acu lena gcomhghleacaithe ón bhFrainc agus ón Spáinn agus nár cheart go dtarlódh agóidí ar nós na gcinn a bhí sa Daingean agus i mBaile Chaisleáin Bhéarra arís.

[/live]

[live id=”632fc6″ datetime=”2020-03-25T12:34:21+00:00″]

Máire Zepf agus Tadhg Mac Dhonnagáin i mbun scéalta an lae

Tá dhá leabhar nua á léamh ag na scríbhneoirí aitheanta Gaeilge Myra Zepf agus Tadhg Mac Dhonnagáin mar chuid den tsraith ‘Scéal an Lae’.

Leagan nua den scéal grá Éadaoin agus Mhír a mhair sa bhéaloideas le breis agus míle bliain atá sa leabhar An Féileacán agus an Rí le Myra Zepf agus maisithe ag Shona Shirley MacDonald.

Tá leabhar Eric Drachman Eileanór an Eilifint Éagsúil á léamh ag Tadhg Mac Dhonnagáin, an té a d’aistrigh an leabhar agus atá i mbun na sraithe ag Futa Fata.

[live id=”c2646d” datetime=”2020-03-25T12:14:27+00:00″]

‘Lón ar an bhFón’ á reáchtáil inniu agus cuireadh á thabhairt do Ghaeilgeoirí a bheith páirteach sa chomhrá

Beidh an chéad ‘Lón ar an bhFón’ ag Gael Linn chun “deis” a thabhairt d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge an teanga a labhairt le daoine eile sa bhaile.

Tá dhá theacht le chéile eagraithe ag lucht Gael Linn ar an ardán Zoom, ceann do ghlantosnaitheoirí ag 12:30in inniu agus ceann eile Dé hAoine, 27 Márta ag 12.30 d’fhoghlaimeoirí de gach cineál.

Tá fáilte roimh dhaoine ar fud na cruinne a bheith páirteach sna comhráite ar líne ach clárú le Zoom, an t-ardán físghlaonna.

[/live]

[/live]

[live id=”c2d932″ datetime=”2020-03-25T09:32:19+00:00″]

Ranganna Ióga agus rince ar fáil i nGaeilge ar líne don dream óg sa mbaile

Tá borradh mór faoi na hiarrachtaí atá á ndéanamh siamsaíocht a chur ar fáil do pháistí atá sa bhaile.

Tá Siobhán Ní Dhuinnín, rinceoir comhaimseartha as Corcaigh, i measc na ndaoine a chuaigh i muinín an idirlín lena cleachtaí rince a chur i láthair an dream óg atá sáinnithe sa bhaile.

Deir Ní Dhuinnín, atá ina rinceoir cónaithe in Ionad Cultúrtha Bhaile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí, gur rang “suaimhneach” a chuirfidh “na hailt ag gluaiseacht”atá sa chéad mhír a thaifead sí.

Chuir Rachel Gaffney, teagascóir ióga a chuireann físeáin amach ar a cainéal YouTube ‘MyWellbeing’, rang ióga i nGaeilge ar fáil ‘don teaghlach ar fad’ chomh maith. Beidh a beirt pháistí, Clodagh agus Orlagh, a bhíonn ag freastal ar Ghaelscoil, ar fáil le treoir a thabhairt do dhaoine sa bhaile ar mian leo tabhairt faoi na gluaiseachtaí.

[/live]

[live id=”833f58″ datetime=”2020-03-25T09:31:00+00:00″]

LITIR Ó THÍR NA mBASCACH: An rud is brónaí ná seandaoine ag fáil bháis ina dtithe agus gan aon chúram á fháil acu

[/live]

[live id=”9ec6c0″ datetime=”2020-03-25T09:31:00+00:00″]

Bhí Stormont mall ag freagairt don ghéarchéim, ach tá feabhas mór ar an gcur chuige

[/live]

[live id=”1745cd” datetime=”2020-03-25T09:30:00+00:00″]

LITIR AS AN mBOLAIV: Is beag nár cailleadh muid ach táimid fós beo

[/live]

[live id=”4a11e8″ datetime=”2020-03-25T09:30:00+00:00″]

SIAMSÁN SA mBAILE: Siamsaíocht do na páistí sa mbaile! Gníomhaíocht a 7!

[/live]

[live id=”cb0e5d” datetime=”2020-03-25T09:29:00+00:00″]

Tionchar síceolaíoch an choróinvíris ar an tsochaí: tá géarghá leis na beartais seo ar fad, ach…

[/live]

[live id=”26e90c” datetime=”2020-03-25T09:29:00+00:00″]

Leabhair ar son do leasa is d’aimhleasa – moltaí Alan Titley agus sinn faoi ghlas ag an ngalar

[/live]

[live id=”ff028f” datetime=”2020-03-25T09:27:19+00:00″]

Dé Máirt, Márta 24

[/live]

[live id=”3ceb78″ datetime=”2020-03-24T05:06:45+00:00″]

Dé Luain, Márta 23

[/live]

[live id=”ba0443″ datetime=”2020-03-24T05:04:46+00:00″]

Dé hAoine/Dé Sathairn, Márta 20/21

[/live]

[live id=”840ab8″ datetime=”2020-03-24T05:03:45+00:00″]

Déardaoin, Márta 19

[/live]

[live id=”bca8fc” datetime=”2020-03-24T05:02:46+00:00″]

Dé Céadaoin, Márta 18

[/live]

[live id=”c45ac0″ datetime=”2020-03-24T05:00:45+00:00″]

Dé Luain/Dé Máirt, Márta 16/17

[/live]

Fág freagra ar 'AR SCÁTH A CHÉILE: Ómós do lucht leighis… ó Sheán Ó Ríordáin'