Leabhair ar son do leasa is d’aimhleasa – moltaí Alan Titley agus sinn faoi ghlas ag an ngalar

Leabhair ar son do leasa is d’aimhleasa – moltaí Alan Titley agus sinn faoi ghlas ag an ngalar

Leabhair ar son do leasa is d’aimhleasa – moltaí Alan Titley agus sinn faoi ghlas ag an ngalar

Anois nuair nach féidir le daoine bogadh amach chun liathróid ghailf a chur i bpoll ach an oiread leis an gcat a chiceáil tá chomh maith cuimhneamh ar na cleachtaí traidisiúnta a chuireadh an t-am thart. Ní ag trácht ar phoitín a dhéanamh faoi shliabh, ná rince ar thórramh ach an oiread atáim, ach rud chomh bunúsach le leabhar a léamh.

Dúirt an scríbhneoir mór Meiriceánach Toni Morrison go raibh mac léinn ag déanamh staidéir ar a cuid scríbhneoireachta chun críche Ph.D. Chomhairligh sí dó dul ar fhód faoi leith, na doirse a dhúnadh, gach gléas a mhúchadh, suí síos agus a cuid leabhar a léamh. D’fhill sé uirthi tamall ina dhiaidh sin agus iontas air tar éis dó géilleadh dá comhairle.

‘Níor shíl mé riamh,’ ar seisean, ‘go bhféadfá suí siar sa chiúnas agus dul lánsáite i leabhar. D’athraigh sé m’intinn ó bhonn.’

Sin é dúshlán ár linne. Gan géilleadh go gcaithfir a bheith id bhalbhán os comhair an bhoicseit, ná go deimhin an chuid is fearr de chláir TG4 a ghrinniú arís. Ach an beart réabhlóideach a dhéanamh. Dul i bhfolach, leabhar a thógaint id ghlaic, agus é a léamh gan cur isteach ó dhuine ná ó dhaoine, ó theilifís ná ó raidió, ó pholaiteoir ná ó phlabaire. Pléisiúr diamhair rúnda é, geallaimse dhuit. Ná scaoiltear do rún le cách.

Beidh leabhair éagsúla á lua agamsa ó am go chéile sa sliocht seo, leabhair ar son do leasa is d’aimhleasa. Faire, faire!

Fág freagra ar 'Leabhair ar son do leasa is d’aimhleasa – moltaí Alan Titley agus sinn faoi ghlas ag an ngalar'

  • Aisling Ní Dhonnabháin

    Ag súil le do mholtaí a chloisint. Bail ó Dhia ort!

  • Gearóid

    Flúirseach crosfhocal le déanamh ag http://www.crosfhocal.irish/

  • Tiarnan de Fréine

    Croí Cine – Seán de Fréine a chnuasaigh. Saibhreas litríochta na Gaeilge ó thús aimsir (beagnach) i leith. Foilsithe ag Cló Iar Chonnacht, dara eagrán 2019.