Bhí Stormont mall ag freagairt don ghéarchéim, ach tá feabhas mór ar an gcur chuige

Cé gur údar imní iad srianta ar chearta an duine ar mhaithe le dlíthe éigeandála níor fágadh rogha ar bith eile ag Stormont

Bhí Stormont mall ag freagairt don ghéarchéim, ach tá feabhas mór ar an gcur chuige

‘Gabhfaidh mé as mo mheabhair má chuirtear iallach orm fanacht sa teach’ arsa fear a bhí amuigh ar shiúlóid. Chaithfeá trua a bheith agat dó, ar bhealach. Bhí cead a chinn aige ó d’éirigh sé as an obair naoi mbliana ó shin – tá sé 72 agus téann sé amach ag siúl nó ag rith gach lá.

Ar an lámh eile ní raibh fonn air fanacht dhá mhéadar ó dhaoine eile cé go raibh dalladh spáis ar na bánta cois Lagáin. Ní raibh iarracht ar bith déanta aige chun é féin a ullmhú don aonrú éigeantach. D’fhágfadh sé faoi dhuine eile in aontíos leis an tsiopadóireacht a dhéanamh agus na leabhra a bhailiú. Bheadh sé toilteanach a bheith i gceannas ar an teilifís. B’fhéidir gur ag magadh a bhí sé faoi chúrsaí an tí ach bhí sé lándáiríre is é ag déanamh beag is fiú den chomhairle ó lucht leighis agus ó Stormont.

D’ainneoin na fianaise ón gcoigríoch mheas sé gur áibhéil iad na foláirimh faoina raibh i ndán dúinn ón gcoróinvíreas mura n-athródh muid béasa. Ní raibh tada as bealach déanta ag na sluaite a chuaigh amach ar pháirceanna fóillíochta, tránna agus ag siopadóireacht amhail is gur saoire an tsamhraidh a bhí ann ó druideadh na scoileanna, dar leis.

Castar cancrán ort go minic a deir tú: ní féidir a rá gur léiriú a mheon ar mheon an phobail. Ach ní eisceacht é an fear sin mar a léiríodh thuaidh agus theas ag deireadh na seachtaine. Bhí na treoracha á gcomhlíonadh ag formhór na ndaoine, ach is leor mionlach beag ag dul sa seans chun an tromlach a chur i gcontúirt.

Thug an víreolaí as Ollscoil na Ríona, an Dochtúir Lindsay Broadbent ceacht soiléir ar an raidió. Má bhíonn an coróinvíreas ar dhuine amháin a théann i measc comhluadair, tig leis an duine sin ionfhabhtú a dhéanamh ar thriúr a dúirt sí. Ansin tig le gach duine den triúr sin an galar a scaipeadh ar thriúr eile. De réir an phatrúin sin bheadh an víreas tolgtha ag 2,100 i gcaitheamh seacht seachtaine ó aon duine amháin.

Tá an uimhríocht scanrúil. Aonrú – fanacht amach ó dhaoine eile an bealach is fearr chun a theacht salach ar scaipeadh an víris, ar sí. Chuir sí fainic ar an bpobal nach raibh dóthain á dhéanamh acu chun stop a chur le galrú murar léir dóibh nach ionann a saol anois agus an t-am roimh an ráig. Má dhiúltaíonn daoine na treoracha a leanúint dianghlasáil an chéim riachtanach. Agus faoi dheireadh, ní raibh an dara rogha ann ach srianadh éigeantach a chur i bhfeidhm.

Bhí cuid mhaith de na beartais a bhain le druidim nó dianghlasáil curtha i gcrích cheana féin. I gcaitheamh dhá uair an chloig ar an Luan fuair mise teachtaireacht ón bhfiaclóir – gach coinne nach bhfuil práinn leis ar ceal. Fuair mé ceann ón ngruagaire – dúnta sine die. Fuair mé teachtaireachtaí ón dá ollmhargadh is mó a mbím ag triall orthu faoi shocruithe nua agus ríomhphoist ó shiopaí éadaí agus siopaí crua-earraí go raibh siad dúnta. Ina dteannta sin bhí óstáin, bialanna agus geallghlacadóirí dúnta agus seirbhísí teoranta ar chóras iompair poiblí.

Tá ceithre seachtaine ann ó bhí an chéad chás den choróinvíreas ar an oileán seo, bean a tháinig abhaile ó thuaisceart na hIodáile go haerfort Bhaile Átha Cliath agus ar thraein go Béal Feirste. Cé go raibh Stormont malltriallach ag freagairt don ghéarchéim, tá feabhas mór ar an gcur chuige le seachtain anuas. Dé Luain fógraíodh go raibh an aicíd ar 148 duine sa Tuaisceart, ach is baolach go bhfuil an líon i bhfad níos airde ná sin; níl figiúir beacht ar eolas mar níl dóthain tástála á déanamh.

Méadófar líon na dtástálacha roimh dheireadh na seachtaine seo chugainn.

Bhain iompar na ndaoine a bhí amuigh i gcomhluadar ina sluaite ag deireadh na seachtaine croitheadh as an gCéad-Aire agus an LeasChéad-Aire. Go dtí sin, ba chosúil gur mheas siad gurb í an dianghlasáil an rogha dheiridh, ach dúirt siad beirt go gcuirfí srianta i bhfeidhm cheal chomhoibriú an phobail uilig. D’aontaigh an tAire Sláinte Robin Swann leo agus d’éiligh go ndúnfaí siopaí agus seirbhísí neamhriachtanacha láithreach ionas nach mbeadh daoine ag dul amach ach sa chás go raibh sé riachtanach.

D’achainigh Michelle O’Neill ar dhaoine fanacht sa bhaile – ‘níl sibh ar saoire’ a dúirt sí, í den bharúil nach raibh aon dul as ach srianta a chur i bhfeidhm. Bhí Stormont ag déanamh pleananna chun na céadta corp a stóráil go dtí go mbeifí in ann iad a adhlacadh. Thug Arlene Foster foláireamh neamhbhalbh faoina mbeadh i ndán dúinn mura gcuirfí laincis ar scaipeadh an víris. Bheadh daoine ag fáil bháis ina sluaite mar “thiocfadh an bás ina rabharta” ar sí.

Caithfear feasta rud a dhéanamh ar na húdaráis nó pionós a thabhú. Cé gur údar imní iad srianta ar chearta an duine ar mhaithe le dlíthe éigeandála níor fágadh rogha ar bith eile ag Stormont.

Fág freagra ar 'Bhí Stormont mall ag freagairt don ghéarchéim, ach tá feabhas mór ar an gcur chuige'

  • Liam Mac Lochlainn

    Alt den scoth. Is léir go bhfuil iallach de dhíth in áit moltaí.