An plé ar an nglas faoi thrí á chur ar míthreoir ag an áibhéil agus an doiléire

Dhéanfaí an leas coiteann dá gcuirfí doiléire an rialtais agus áibhéil an fhreasúra i leataobh agus an glas triarach á phlé

An plé ar an nglas faoi thrí á chur ar míthreoir ag an áibhéil agus an doiléire

Tá leasú ar an dlí a rialaíonn rannpháirtíocht na bhfórsaí cosanta i gcomhoibríocht thar lear á bhreithniú ag comhaltaí chomhchoiste an Oireachtais faoi láthair.

Is léir faraor ón bplé go dtí seo an baol go gcuirfidh áibhéil agus doiléire an díospóireacht ar an mbille ar míthreoir.

Tosaímis leis an áibhéil.

Ní bille dáiríre ach leagan ginearálta den Bille Cosanta (Leasú) atá á bhreithniú ag an gcomhchoiste cosanta. Meastar nach bhfoilseoidh an rialtas leagan críochnaithe den bhille go bhfillfidh an Dáil tar éis saoire an tsamhraidh.

Ainneoin a bhfuil ráite ag Mary Lou McDonald agus urlabhraithe eile ó pháirtithe an fhreasúra, ní hionann cealú an ghlais faoi thrí (nó ‘an glas triarach’ mar a thugann tearma.ie air) agus cealú ná maolú ar neodracht mhíleata an stáit.

Bhí an stát neodrach sular cuireadh an glas i bhfeidhm 23 bliain ó shin. Ní hionann a chríoch ipso facto agus cealú.

Is in 2002 a thug an rialtas geallúint go gcuirfí glas faoi thrí ar rannpháirtíocht na bhfórsaí cosanta in oibríocht mhíleata idirnáisiúnta. Foilsíodh an gheallúint go gairid roimh an dara reifreann ar Chonradh Nice d’fhonn cur ina luí ar vótálaithe nach n-athródh an conradh polasaí neodrachta an stáit dá vótálfaí ina fhabhar, mar a tharla.

Ciallaíonn an glas faoi thrí go dteastaíonn cinneadh rialtais, vóta Dála agus tacaíocht na Náisiún Aontaithe sula gcuirtear na fórsaí slándála i mbun dualgais le fórsa idirnáisiúnta.

Má ritear reachtaíocht an rialtais a chuirfidh an tríú coinníoll ar ceal beidh an tír chomh neodrach in 2026 agus a bhí sí in 2001. Is féidir cloí le polasaí neodrachta agus an glas faoi thrí i bhfeidhm nó ar ceal. Níl glas dá leithéid i bhfeidhm i dtír ar bith eile san Eoraip agus tíortha neodracha san áireamh.

Is féidir a mhaíomh gur cealú neodrachta de réir a chéile atá beartaithe ag an rialtas. Ní hionann féidearthacht agus gníomh, mura maítear gur ionann comhoibriú míleata le tíortha eile agus sárú ar neodracht.

Ní foláir cuimhneamh nach bhfuil cealú neodrachta á mholadh ag páirtí ar bith i nDáil Éireann agus go léiríonn gach pobalbhreith tacaíocht láidir don neodracht.

Ní hé sin le rá go bhfuil cás an rialtais slán ó locht. Is léir do chách an t-athrú ar an léargas idirnáisiúnta ó chuir an Rúis tús le mór-ionradh ar an Úcráin in 2022. Go deimhin is éiginnte an léargas tar éis ionsaithe Iosrael ar an Iaráin an tseachtain seo. Ní leor athrú ar an léargas áfach mar chosaint ar chealú an ghlais faoi thrí.

Dúirt an Tánaiste agus an tAire Cosanta Simon Harris sa Dáil Déardaoin go mb’fhéidir nach mbeadh Vladimir Putin nó Donald Trump toilteanach mandáid Unifil sa Liobáin a athnuachan mar is gá sa bhfómhar. Tá veto ag an Rúis, ag na Stáit Aontaithe agus ag buanchomhaltaí eile (an tSín, an Fhrainc agus an Ríocht Aontaithe) ar chomhairle slándála na Náisiún Aontaithe ar rún ar bith a chuirtear faoina mbráid.

Seachas féidearthachtaí áfach san am atá romhainn agus san am atá thart, ba bhocht cur síos Harris ar an riachtanas go gcuirfí deireadh leis an nglas triarach. D’iarr an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly air freagra cuimsitheach faoin bhfáth go bhfuil cealú an ghlais faoi thrí riachtanach ach freagra cuimsitheach ní bhfuair sí.

Níl tagairtí ginearálta sa chéad dréacht den bhille do na coinníollacha a bhainfeadh feasta le rannpháirtíocht i bhfórsa idirnáisiúnta. Deirtear go mbeadh ar chinneadh dá leithéid a bheith ag teacht le “prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe” agus le “prionsabail na córa agus an dlí idirnáisiúnta”.

Léiríonn coinníollacha chomh leathan laige nach beag i gcás an rialtais. Tá leigheas geallta ag Simon Harris, a dúirt sa Dáil Déardaoin go raibh sé toilteanach an chuid sin den bhille a neartú agus an bille á phlé.

Fiú má chuirtear forálacha breise sa bhille, áfach, is léir gur faoin rialtas amháin a bheidh sé a chiall féin a bhaint astu. Leigheasfaí an laige seo b’fhéidir dá dtairgfeadh an rialtas deis don fhreasúra gach cinneadh go mbeadh saighdiúirí páirteach i bhfórsa idirnáisiúnta a bhreithniú sula rachaidís thar sáile. Sin agus é a bhreithniú arís go rialta ina dhiaidh sin. Is treise gach cinneadh tábhachtach má cheadaítear plé oscailte sula gcuirtear i bhfeidhm é.

Neartófaí cás an rialtais go mór chomh maith dá gcuirfí moladh a rinne an t-iar-aire Simon Coveney agus an t-iarTheachta Dála agus oifigeach airm, Cathal Berry i bhfeidhm. Dúirt an bheirt cúpla bliain ó shin gur chóir go mbeadh móramh treisithe i vóta Dála (55 nó 60 faoin gcéad a mhol Berry) riachtanach chun rannpháirtíocht in oibríocht mhíleata thar lear a cheadú.

Ní bhainfeadh an coinníoll seo le cinneadh go gcuirfí comhaltaí de na fórsaí cosanta thar lear chun sibhialtaigh Éireannacha a tharrtháil ná chun Taoiseach nó aire eile a thionlacan in ionad dainséarach. Is féidir comhthuiscint a thuar maidir leis na forálacha sa bhille a cheadóidh seoladh suas le 50 saighdiúir thar lear ar ghnó dá leithéid.

Bhí rúnaí cúnta na Roinne Cosanta, Bernie Maguire ag plé an bhille leis an gcoiste cosanta nuair a thug sí freagra spéisiúil ar cheist a chuir an Teachta neamhspleách Brian Stanley uirthi.

Cén dearcadh atá ag an roinn cosanta, a dúirt sé, ar an bhforógra “sollúnta” a d’eisigh an rialtas in 2002?

Dúirt an státseirbhíseach leis go bhfuair an roinn comhairle faoin ráiteas ón Ard-Aighne. Ní raibh aon bhunús de réir dlí, dar léi le ráiteas 2002 ar thug sí “forógra polaitiúil” air.

Más cruinn an chomhairle, beidh an rialtas slán ó bhuairt dhlíthiúil má ritear an bille. Ní beag an míshásamh polaitiúil áfach a dhúiseoidh cealú an ghealltanais scríofa a tugadh roimh reifreann.

Déanfar an leas coiteann má chuirtear doiléire an rialtais agus áibhéil an fhreasúra i leataobh agus an leagan críochnaithe den bhille á phlé. Ach ná cuir geall air.

Fág freagra ar 'An plé ar an nglas faoi thrí á chur ar míthreoir ag an áibhéil agus an doiléire'

  • Darach Ó Scolaí

    I ndeireadh na cúise, a Chathail, níl iontaoibh ag go leor den phobal as an rialtas fad a bhaineann sé le ceist na neodrachta, fiú mura bhfuil “cealú neodrachta á mholadh ag páirtí ar bith i nDáil Éireann”, mar a deir tú. Maidir le doiléire an rialtais ar an gceist, tá a chiall féin le baint as sin!