LITIR AS AN mBOLAIV: Is beag nár cailleadh muid ach táimid fós beo

D’fhág an phaindéim go leor daoine teanntaithe ar fud an domhain agus iad ag iarraidh dul abhaile. Bhí ar údar na litreach seo ruathar reatha a thabhairt as an mBolaiv

LITIR AS AN mBOLAIV: Is beag nár cailleadh muid ach táimid fós beo

Ryan agus Alessandra ag Salar de Uyuni, deisceart na Bolaive

Bhí conairt bheag thuas ar bharr an chnoic agus iad ár bhfaire agus muid ag scinneadh tharstu. Tá madraí fairsing sa Bholaiv.

Sínte sa leaba a bhí mé féin agus mo chailín uair an chloig roimhe sin nuair a bhuail an fón. Aicise amháin atá labhairt na Spáinnise agus is chuici a shín mise an fón nuair a ghlaoigh an aerlíne. An ghnáthchaint a chuala mise aici: ní fhéadfaidh sibh an eitilt a athrú chomh tobann sin gan fógra ceart a thabhairt. Cén fáth gur anois atá tú á rá seo linn? Cén chaoi a gceapann tú a ndéanfaidh muid ár mbealach go dtí an t-aerfort?  

Mar seo a bhí cúrsaí: bhí suíocháin in áirithe againn ar an eitilt idirnáisiúnta dheiridh a bhí ag imeacht as Santa Cruz sa mBolaiv. Chaithfimis eitilt eile a fháil as La Paz go Santa Cruz. Ach bhíomar in Copacabana, atá ceithre uair an chloig as La Paz agus bhí an eitilt ag fágáil La Paz i gceann ceithre uair an chloig.

Bhíomar ag rith sna sodair trí shráideanna Copacabana, muid ag streachailt na málaí inár ndiaidh agus éadaí ar sliobarna amach tríd an zip nuair a thosaigh tiománaithe busanna ag fógairt orainn agus iad ag comharthaíocht dúinn dul ar a mbus. “An mbeifeá in ann muid a thabhairt go La Paz roimh 12.30?” a d’fhiafraíomar. “Cinnte,” a dúradar ar fad. “An ngeallfaidh sibh é sin? Ní bheadh sibh ag inseacht bréag dúinn?”

Sa deireadh thiar d’admhaíodar ar fad nach í an fhírinne a bhí á hinsint acu. Bréaga a bhí acu dúinn.

Chonaiceamar fear a raibh gliogar de sheanveain liath aige. Dúirt sé go mb’fhéidir go mbeadh sé in ann an bealach a dhéanamh go La Paz faoi 12.30 ach go gcaithfeadh sé fanacht go mbeadh lán veain paisinéirí aige. D’íocamar as lán veain. Ní raibh fiacail ina bhéal agus bhí an oiread creathadh ina lámha gur ar éigean Dé a bhí sé in ann breith ar an táille a d’íocamar, 240 bolivianos (40 euro). Go deimhin féin is fánach an bharúil a bhí againn dó féin ná dá veain.

Bhí an tiománaí ag bípeáil ar na ceannaithe a bhí ag siúl na sráide ag díol aráin is páipéar leithris óna gcuid cairríní agus ar mhuintir na háite a bhí i mbun a gcúraimí féin agus gan aon bheann acu ar an víreas a bhí ag fágáil an chuid eile den domhan ina staic. Lean cuid de na madraí an veain ach ní dhearna a bhformhór ach a gcloigeann a chrochadh agus muid ag gabháil tharstu. I mbrocamas na Bolaive is fearr a dhéanann na madraí ná na daoine, agus tá an chuma air gur mó acu atá ann freisin.

Thóg sé cúpla nóiméad orm a thabhairt faoi deara go raibh seanbhean de phobal dúchais na tíre inár dteannta sa veain. Is dóigh gur muidne a bhí ag íoc as a turas ach dúirt sí go ndéarfadh sí paidir dúinn. Is géar a theastaigh na paidreacha sin mar ghéaraigh an tiománaí ar an luas chomh luath agus a d’fhág sé an baile ina dhiaidh, agus cuimhnigh nach raibh tarra ar na bóithre sléibhe seo agus iad lán le castaíocha géara agus é á gcur de ar an taobh contráilte den bhóthar. Bhípeáil an tiománaí ar gach feithicil a bhí romhainn sular scoith sé tharstu agus trí mhíorúilt éigin d’éirigh leis 100 ciliméadar san uair, agus suas go 120 cm scaití, a bhaint as an mboiscín stáin ina raibh muid ina suí.

Ag tráth amháin ar an turas b’éigean dúinn dul ar bhád farantóireachta trasna loch beag. Is amhlaidh gur dhiúltaigh muintir na háite cead a thabhairt droichead a thógáil mar chaillfidís féin a bpostanna dá bharr. D’fhógair an tseanbhean ar fhear an bháid deifir a dhéanamh mar go gcaithfidís na turasóirí a fhágáil ag an aerfort roimh 12.30.

Nach gearr a bhíonn rudaí ag athrú. Cúpla uair an chloig ó shin bhí mo chailín ag greadadh trí shráideanna Copacabana agus í ag sciolladh faoin mbealach gránna a raibh muintir na Bolaive ag teacht i dtír ar thurasóirí a bhí sáinnithe ag an bpaindéim seo. Anois bhí greim an fhir bháite aici ar mo lámh agus theann sí anall liom agus de chogar dúirt sí: “Is dóigh gur tábhachtaí an t-aerfort a bhaint amach slán sábháilte ná a bheith ann in am.”

Agus muid ag teannadh níos gaire le La Paz ba mhinice tuairisc an ama á cur ag an tiománaí. Bhí ár gcuid airgid ina phóca aige agus ní raibh brabach ar bith eile aige ar a bheith ann ag 12:30. Agus é ag lúbadh agus ag casadh sna feiriglinnte tríd an trácht ba léir go raibh sé ar a mhine ghéire go mbeadh muid in am. Bhí geábh amháin nuair a thug sé a aghaidh síos bóthar mór aontreo agus é ag dul in aghaidh na tráchta agus gan de rogha ag carranna agus leoraithe móra ach imeacht as a bhealach. Aicearra a bhí ann! Geábh eile tháinig madra támáilte amach romhainn. Bhuaileamar an madra sin ach níor stopamar.

Ag 12.25 bhí mé féin agus mo chailín inár seasamh ag an ngeata ceart ag fanacht le dul ar bord an eitleáin. Bhreathnaigh mé uirthi agus thuig mé gur dóigh go raibh an dath geal céanna ormsa agus a bhí ar a héadan sin. Is iomaí rud a d’fhéadfadh muid a rá le chéile: Hé, thugamar na cosa linn. Is beag nár cailleadh muid ach táimid fós beo. Is dóigh nach le haon duine an madra sin, ar aon nós.

Ach ina áit sin, d’fhanamar beirt inár suí ansin ag fanacht le dul ar bord gan smid as ár mbéal agus scéin inár súile.

Fág freagra ar 'LITIR AS AN mBOLAIV: Is beag nár cailleadh muid ach táimid fós beo'

  • TAsh

    Tugann an scéal seo siar fiche bliain mé (nach mór).
    Copacabana, Lá Paz, ag dul ó áit go háit sna “collectivos”, madraí leath-fiáin i ngach áit, ceannaithe ag díól “choclo con queso” agus “empanadas” agus ana chuid rudaí suimiúil agus dríóchtiúil in ngach áít.
    Is áit ar leith í an Bolaiv, agus ní bheill chomh topaidh í a fhágáíl arís!