Tionchar síceolaíoch an choróinvíris ar an tsochaí: tá géarghá leis na beartais seo ar fad, ach…

Tá imní ar ár gcolúnaí faoina réidhe is atá daoine ag glacadh leis na srianta atá á gcur ar a saoirse phearsanta agus a shásta is atá siad daoine eile a ainmniú agus a náiriú os comhair an tsaoil

Tionchar síceolaíoch an choróinvíris ar an tsochaí: tá géarghá leis na beartais seo ar fad, ach…

Tá eagla orm. Agus shamhlóinn go bhfuil ar go leor daoine eile.

Ach ní hé ráig an ghalair COVID-19 ná na beartais atá á gcur i bhfeidhm ar fud na cruinne d’fhonn srian a choinneáil le scaipeadh an choróinvíris is mó atá ag cur eagla ormsa faoi láthair.

Tá eagla orm roimh an bpobal. 

Níl sé i gceist agam anseo amhras a tharraingt ar na dianbheartais atá á gcur i bhfeidhm ar fud an domhain. Fágfaidh mé an díospóireacht sin faoi na saineolaithe: lucht leighis agus sláinte, méaraí, gobharnóirí, taoisigh, príomh-airí, uachtaráin. Má deir siad go bhfuil géarghá leis na beartais sin, tá géarghá leo.

Ach mar dhuine a bhfuil spéis aige i bhfeiniméin shíceolaíocha agus i gceisteanna moráltachta, cuireann a réidhe is atá daoine ag glacadh leis na srianta atá á gcur ar a saoirse phearsanta agus a shásta is atá siad daoine eile a ainmniú agus a náiriú os comhair an tsaoil imní mhór mhillteach orm. Meabhraíonn sé dom an chaoi ar ghlac muintir mo thíre dúchais féin, an Ísiltír, go réchúiseach leis na beartais fhrith-Ghiúdacha a chuir na Naitsithe i bhfeidhm i samhradh na bliana 1940, go gairid tar éis don Ghearmáin forghabháil a dhéanamh ar an tír. Más fíor ar fhoghlaim mé sna ranganna staire, i bhfaiteadh na súl ba mar ghnáthchuid den saol a ghlac formhór an phobail leis na comharthaí ‘Cosc ar Ghiúdaigh’ a chuaigh in airde ar fud an bhaill. 

Anois, sula dtabharfaidh tú aghaidh ar an mbosca tráchta ag bun an ailt seo chun racht feirge a ligean uait, is maith a thuigim nach ionann an ghéarleanúint a rinneadh ar na Giúdaigh sa Dara Cogadh Domhanda agus an cath atá á throid i gcoinne an choróinvíris i láthair na huaire, ná níl sé i gceist agam ar aon bhealach – go sábhála dia na scileanna léitheoireachta sinn – na hoibrithe sláinte agus na húdaráis atá i mbun an chatha sin a chur i gcomparáid leis na Naitsithe.

Ach feicim cosúlachtaí idir iompar na ndaoine an t-am sin agus anois; an nós atá coitianta faoi láthair daoine nach bhfuil ag cloí chomh docht sin leis an ‘scaradh sóisialta’* a náiriú os comhair an tsaoil ar na meáin shóisialta a chuireann déistin orm go háirithe. Is é jab na n-údarás é pé beartais a fhógróidh siad a chur i bhfeidhm, ní hé jab an ghnáthphobail é a bheith ag spiadóireacht agus ag brathadóireacht ar a chéile.

Ní mise an t-aon duine amháin atá buartha faoin tionchar a bheidh ag ráig an choróinvíris ar ár n-aigne choiteann amach anseo.

Tá manaí ar nós ‘ar scáth a chéile a mhaireas na daoine’ agus ‘ní neart go cur le chéile’ in ard a réime faoi láthair. Ní sóisialachas go dtí iad, shílfeá – ach más fíor léamh an tsíceolaí éabhlóidigh Mark van der Vlugt ó Shaor-Ollscoil Amsterdam (VU) ar an scéal, tá dul amú ar an té a cheapfadh gur i seolta na heite clé a bheidh an ghaoth nuair a bheidh géarchéim seo an choróinvíris thart.

‘Ní bheidh saoirse agus liobrálachas i réim sna bólaí seo mar a bhí,’ a deir Van der Vlugt in agallamh leis an nuachtán Ísiltíreach De Volkskrant an tseachtain seo. ‘Is éard a fheicimid i gceantair ina bhfuil galair thógálacha coitianta le cúpla céad bliain anuas ná go gcleachtar gnásanna sóisialta níos doichte iontu, go mbíonn na daoine níos dúnta isteach iontu féin agus go mbíonn níos mó drogaill orthu roimh chúrsaí gnéis, nach mbíonn siad chomh hoscailte céanna do thaithí nua agus nach nglacann siad chomh héasca sin le hiompar nach luíonn isteach leis na gnáthnósanna nó le daoine a bhfuil cuma éagsúil orthu.’

Na beartais atá á gcur i bhfeidhm d’fhonn srian a choinneáil le scaipeadh an choróinvíris faoi láthair, a deir Van der Vlugt, is le deachtóireachtaí a shamhlófaí iad go dtí le fíorghairid. Ach táimidne i ndaonlathais an Iarthair ag glacadh leo anois.

Ceapann Van der Vlugt go gcuirfidh géarchéim an choróinvíris a thuilleadh gaoithe fós i seolta na heite deise náisiúnaí. ‘Beidh athmhachnamh á dhéanamh ar an domhandú agus ar an idirnáisiúnú agus beidh an claonadh ionainn feasta daoine atá éagsúil uainn a choinneáil amach uainn. Léiríonn ár gcuid taighde gur fearr le daoine i dtíortha ina bhfuil galair thógálacha coitianta ceannairí tiarnúla – ar an urlár oibre chomh maith – agus gur mó an tóir ar pholaiteoirí coimeádacha.’

Is léir don dall go n-athróidh géarchéim an choróinvíris ár sochaithe. Ní bheidh rudaí mar a bhí feasta. Cé chomh mór is a bheidh na hathruithe? Feictear dom féin go mbeidh go leor ag brath ar an achar a choinneofar na dianbheartais atá á gcur i bhfeidhm faoi láthair i bhfeidhm. Sa chás is measa – mura gcuirfear ar ceal iad go brách – táimid inár gcónaí cheana féin i ndiostóipe ina mbéicimid in ard ár nglóir gur ar scáth a chéile a mhaireann na daoine, ach ina bhfuil faitíos orainn roimh strainséirí (roimh iascairí ón Spáinn, mar shampla), roimh dhaoine nach gcleachtann na nósanna céanna agus a chleachtaimid féin, roimh dhaoine a cheistíonn rialacha, agus inar cuid den saol iad an spiadóireacht shóisialta agus an náiriú poiblí.

* Easaontaím go láidir leis an téarma ‘scaradh sóisialta’. B’fhearr agus ba chruinne ‘scaradh fisiciúil’ ach ós rud é go ndeachaigh an chéad téarma isteach sa chaint cloím leis san alt seo.

Fág freagra ar 'Tionchar síceolaíoch an choróinvíris ar an tsochaí: tá géarghá leis na beartais seo ar fad, ach…'

  • Emer

    Aontaím leat Alex. Tá na daoine ró-chompordach.