Scéal John Henry Joyce inste ag a ghariníon in amharclann in Epidauros na Gréige

Agus í ar cuairt ar an nGréig, fuair ár gcolúnaí blaiseadh den stair thall agus abhus

Scéal John Henry Joyce inste ag a ghariníon in amharclann in Epidauros na Gréige

Ag féachaint ar uirlisí máinliachta a bhí mé an lá cheana. Nach bhfuil an-chosúlacht idir na seanghiuirléidí éagsúla agus uirlisí an lae inniu, a dúirt mé liom féin.

Dá dtabharfadh duine ar bith sracfhéachaint ar an gcófra taispeántais, dhéanfadh sé iontas dá raibh istigh ann. Pionsúiríní, sceana, lanna, snáthaidí, crúcaí agus rudaí eile nach dtuigfeadh an gnáthdhuine – cuid acu gan hanlaí toisc go raibh an chuid sin den uirlis imithe ó mhaith agus gan fágtha ach na poill le taispeáint go mbíodh hanla adhmaid ceangailte de uair amháin.

Agus cén t-iontas go mbeadh an t-adhmad imithe go hiomlán tar éis na mílte bliain?

Bhíomar ag tabhairt cuairt ar shuíomh ‘an chlinic’ a bhí ag an bhfear mór leighis, Asklepios sa tríú céad roimh Chríost.

Bhí barúil agam go raibh muintir na Sean-Ghréige chun cinn ar fad, ó thaobh na tógála agus na hailtireachta – tá teampaill agus amharclanna ón tseanaois le feiceáil fós san iliomad áit. Agus bhí a fhios agam go raibh cáil ar a gcuid scríbhneoirí próis agus filíochta.

Ach is dócha, ar nós go leor eile, mheas mé gur finscéalaíocht a bhí i gcuid mhaith de na saothair ealaíonta scríbhneoireachta agus go mb’fhéidir nár mhair na daoine mór le rá a raibh trácht orthu agus cáil mhór bainte amach acu ar chor ar bith. Ach ba léir agus muide ar cuairt ar shuíomh mór Epidauros gur mhair an fear leighis Asklepios agus go raibh go leor cúraimí leighis á gcur ar fáil aige, cinn atá fós á gcleachtadh sa lá inniu.

Bean as Maigh Cuilinn a thug ar ais go dtí an nua-stair mé. Bhíomar tar éis aithne a chur ar Teresa O’Connor-Diskin agus a fear Peter ar an turas seo chun na Gréige. Thug an taispeántas leighis agus Teresa siar mé ar thuras nach raibh baileach chomh sean le ré Asklepios.

‘An bhfaca tú an tsraith ‘Sloinne’, le Abú Media ar TG4?’ d’fhiafraigh sí díom. ‘Bhí bean darb ainm Breda Joyce i gceann de na cláir agus í ag déanamh cur síos ar na ‘Naoi nIarann’,’ a dúirt Teresa.

Faoin am seo, bhíomar ag déanamh ár mbealach ón taispeántas sa mhúsaem, go dtí an amharclann mhór ón réamhstair a bhí tógtha ar an suíomh céanna. Tá an tuairim ann gur chuidigh an tsiamsaíocht agus an tógáil sosa san amharclann leis an gcneasú agus an leigheas i gcoitinne.

Shuíomar síos ar cheann de na sraitheanna suíochán cloiche atá leagtha ansin le hos cionn 2,000 bliain. Is féidir le 12,000 duine suí go compordach ann.

Thosaigh Teresa ag inseacht scéal ‘na naoi n-iarann’ dom agus d’inis sí dhom i dtosach gur bhain an scéal lena muintir féin. Agus cé nach uirlisí máinliachta atá sna ‘huirlisí’ seo, is cosúil go raibh feidhm leighis leo.

Fear amháin atá lárnach sa scéal seo. Rugadh John Henry Joyce in 1838, ceaptar, sin-seanathair Teresa a bhí ann.

Ach ní raibh rudaí ag breathnú rómhaith an oíche ar rugadh é. Bhí na trí pháiste a rugadh don mháthair roimhe sin tar éis bháis agus iad díreach tagtha ar an saol. Bhí imní mhór ar an athair agus bheartaigh sé gníomh a dhéanamh.

Chuir sé teachtaire ar chapall chuig an ngabha sa Ghleann chun a iarraidh air siúd na ‘Naoi nIarann’ a dhéanamh láithreach agus a chur ar ais chuig an teaghlach a raibh imní orthu. Rud a rinneadh agus tháinig an teachtaire ar ais maidin lá arna mhárach agus an píosa seodra aige. Bhí an páiste ar an saol agus ceanglaíodh na píosaí iarainn dó ar an bpointe.

D’éirigh go maith le John Henry Joyce agus d’impigh a mháthair air gan na píosaí iarainn a scaoileadh óna chuid éadaí, fad a mhairfeadh sé.

Agus ní hé nach ndeachaigh sé i mbaol báis ariamh ach oiread. Nuair bhí sé fásta suas, d’imigh sé leis go Meiriceá agus b’iomaí eachtra shuimiúil agus chontúirteach a bhain dó – ba bheag nach bhfuair sé bás nuair a d’ith sé im lofa, ghearr sé a chos go dona ar bhord loinge agus bhí sé i mbaol arís le fiabhras trom agus é ar thóir an óir sna Sléibhte Creagacha [Rocky].

Bhí gnó ag a mhuintir in Uachtar Ard agus bhí súil ag a mháthair i gcónaí go bhfillfeadh sé ar an mbaile. Lá amháin sa siopa, leag sí súil ar bhean óg agus mheas sí go ndéanfadh sí bean chéile mhaith don mhac a bhí thall i Meiriceá. Chuir an mháthair fios abhaile air.

D’fhill sé agus phós sé Mary Ann Conroy, as Gairfean, Ros Muc sa mbliain 1874. Bhí Mary Ann 17 agus bhí seisean 36. Phósadar ag 4 am sa Ghairfean, bhí bricfeasta acu ina teach siúd agus tar éis lóin i dteach John Henry, thógadar an traein go Baile Átha Cliath do mhí na meala.

Sa mbliain 1883, rugadh Pat Joyce, seanathair Teresa. Bhí Pat ar dhuine den 18 páiste a bhí ag John Henry agus Mary Ann. Dháréag acu a mhair. Agus mar nóta breise, b’aint leis an scríbhneoir clúiteach Pádraic Ó Conaire í Mary Ann.

Leanann an scéal ar aghaidh le breith agus bás go leor. Phós Pat (seanathair Teresa) a chéad bhean, Delia Reilly agus bhí cúigear páistí acu. Triúr acu a mhair agus tar éis saolú an pháiste dheireanaigh, bhásaigh Delia bhocht. Anois bhí triúr iníonacha aige i lár na 1940idí. Phós sé den dara huair – Mary Geraghty – ní raibh sí ach 18 mbliana. Bhí deichniúr eile páistí acusan.

Duine díobh sin ab ea máthair Teresa. Agus Teresa ansin ar shuíochán ársa san amharclann in Epidauros ag insint scéal a sinseanathar John Henry dhom, chuimhnigh mé nach raibh a fhios ag an bhfear a chuir an teachtaire chuig an ngabha an chéad lá, go mbeadh páiste ar bith aige a mhairfeadh tar éis na breithe.

Ach mhair, agus níl a fhios anois cé mhéad duine atá síolraithe uaidh. Deir Teresa liom go bhfuil na naoi n-iarann sa chlann fós agus iad coinnithe sábháilte. Is cinnte go mbaineann siad le cleachtais leighis ón stair, agus ón réamhstair b’fhéidir. Deirtear nach bhfuil aon rud mar iad aon áit eile sa tír.

Tá cuntas ag an staraí agus an seandálaí Caoimhín Ó Danachair orthu i gceann de na hirisí léannta. Tá léaráidí aige den déanamh agus den dearadh a bhí ar na píosaí iarainn. Uirlisí feirme beaga bídeacha a bhí i gcuid mhaith acu. Ceann amháin a sheasann amach ná an chros iarainn. Faoin am sin, bhí an Chríostaíocht ag éirí ní ba láidre agus mar a tharla le nósanna ársa eile, pósadh an Chríostaíocht agus an tseanphisreog le chéile.

Agus mhair an pósadh sin freisin.

Fág freagra ar 'Scéal John Henry Joyce inste ag a ghariníon in amharclann in Epidauros na Gréige'

  • Jack

    Alt álainn le léamh, a Mháiréad.

  • Mairéad Ní Nuadháin

    Go raibh maith agat!