Dul chun cinn na neamhspleách ina dhúshlán mór ag Harris

Má scoiltear an vóta agus má bhíonn tionchar níos mó ná riamh ag teachtaí neamhspleácha cothóidh sé deacrachtaí le bunú rialtais

Dul chun cinn na neamhspleách ina dhúshlán mór ag Harris

Tá an tseachtain caite ag Simon Harris ag caint agus ag comhrá le Teachtaí neamhspleácha na Dála ag iarraidh a gcuid tacaíochta nuair a mholfar é mar Thaoiseach Dé Máirt seo chugainn. Deir sé nach mbeidh sé ag déanamh aon mhargaí leo agus nach dtabharfar aon gheallúintí mar go bhfuil móramh, más beag féin é, ag an rialtas sa Dáil.

Tá léargas faighte aige, mar sin féin, ar an margáil, an mealladh agus an plámás a theastaíonn a chur i bhfeidhm le tacaíocht a fháil agus le comhghuaillíocht a chur le chéile. Ní dochar ar bith do na ceannairí eile polaitiúla an próiseas sin a fhaire ach an oiread, mar más fíor do na pobalbhreitheanna agus an mheastóireacht atá ar siúl ag saineolaithe na polaitíochta, beidh go leor den chur agus cúiteamh céanna le déanamh as seo go ceann scaithimh le rialtas a chur le chéile.

Roimhe sin, ar ndóigh, beidh toghcháin áitiúla ann sa mBealtaine agus tá saineolaithe atá ag ríomh na bhfigiúirí ag meas go bhféadfaí 300 iarrthóir neamhspleách a thoghadh leis an 969 suíochán Comhairle a líonadh.

Tá tuairiscí le fáil gach lá faoi na cruinnithe atá á n-eagrú an Teachta Verona Murphy i Loch Garman agus a leithéidí. Míle duine a d’fhreastail ar ócáid a d’eagraigh sise le gairid – léargas ar an tacaíocht a d’fhéadfadh a bheith ag iarrthóirí atá sa gcomhghuaillíocht aici. Beidh suas le dhá dhuine dhéag ag seasamh faoi bhratach an Teachta Murphy i mí an Mheithimh.

Coicís ó shin d’fhógair roinnt comhairleoirí i nGaillimh go mbeidh siad féin ag seasamh mar neamhspleáigh sna toghcháin áitiúla. Tá an liosta iarrthóirí ag méadú. Níl lá dá dtéann thart nach bhfógraítear iarrthóirí nua do pháirtí Michael Fitzmaurice, Independent Ireland. Imní faoin imirce, lóistín, sláinte agus an costas maireachtála na ceisteanna is minice a thagann chun cinn. Easpa tuisceana ar phobal na tuaithe agus fearg le beartais an rialtais faoi chúrsaí timpeallachta agus comhshaoil na cúiseanna is mó a thugann na hiarrthóirí lena n-ainmneacha a chur chun cinn.

Cá bhfágfaidh sé sin riaradh na gcomhairlí áitiúla má bhíonn an tríú cuid ar a laghad de na hionadaithe tofa ag seasamh ar bhonn neamhspleách? Ciallóidh sé go mbeidh comhghuaillíochtaí neamhghnácha le déanamh le tromlach a chur i dtoll a chéile sna húdaráis áitiúla. Fírinne an scéil, go mbíonn comhghuaillíochtaí den chineál sin ar chomhairlí go minic. Smaoinigh go ndearna Fine Gael margadh le Sinn Féin ar Chomhairle Contae na Gaillimhe sna hochtóidí den chéad seo caite.

Foláireamh atá sna scoilteanna seo ar fad do na páirtithe atá ag réiteach don olltoghchán. Má scoiltear an vóta agus má bhíonn tionchar níos mó ná riamh ag teachtaí neamhspleácha cothóidh sé deacrachtaí le bunú rialtais. Is minic le daoine a rá go dtacóidh siad le neamhspleáigh ach go n-athraíonn siad a n-intinn sa mboth vótála agus go bhfilleann siad ar na páirtithe móra. Mura ndéanann d’fhéadfadh sé corraíl nach maith le polaiteoir ná saoránach a chothú tar éis olltoghchán 2024/25.

Fág freagra ar 'Dul chun cinn na neamhspleách ina dhúshlán mór ag Harris'