ASNC: Cancrán ag ‘smaoineamh’ ar ghearán faoi shiléig na Roinne Sláinte i leith na Gaeilge ‘a chur siar’

Deir duine de na cancráin is dochloíte i saol na Gaeilge gur iomaí oíche atá caite gan chodladh aige ó deimhníodh an chéad chás de Covid-19 in Éirinn

ASNC: Cancrán ag ‘smaoineamh’ ar ghearán faoi shiléig na Roinne Sláinte i leith na Gaeilge ‘a chur siar’

Tá duine de na cancráin is cruthanta i saol na Gaeilge i mbun machnaimh faoi ghearán a bhí le déanamh aige faoi shiléig na Roinne Sláinte i leith na Gaeilge a chur siar go dtí tar éis na géarchéime, “nó ar a laghad go dtí go bhfuil cuma beagáinín níos cothroime ar an gcuar”.

Cé nach bhfuil aon chinneadh déanta go fóill aige, tá lucht aitheantais an chancráin den tuairim gur údar mór suntais ann féin an scéala go bhfuil sé ag cuimhneamh ar gan a ghearán a dhéanamh láithreach.

In agallamh eisiach le Ar Son na Cúise, dúirt an cancrán féin gur iomaí oíche atá caite aige gan néal a chodladh ó deimhníodh an chéad chás de Covid-19 in Éirinn agus fuarallas amach tríd ag an sárú go léir atá á dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus gan aon rud á dhéanamh aige faoi.

“Ba nuair a chuala mé Simon Harris ag labhairt cúpla focal Gaeilge, ‘Ní neart go cur le chéile’ agus mar sin, a thuig mé go raibh géarchéim an-tromchúiseach go deo linn. Seo an tAire céanna a dúirt go gcuirfeadh cúpla focal Gaeilge ar an mbosca fags mearbhall ar dhaoine agus é ag caint anois ar ‘what I like to call muintir na hÉireann’. Sin an uair a thuig mé go rabhamar fruigeáilte ceart, mar a deir an Ghaeilge nua,” arsa an cancrán ar duine de na cancráin is dochloíte i saol na Gaeilge é.

Dúirt an cancrán gur thuig sé a thromchúisí is a bhí an ghéarchéim agus nach raibh a intinn déanta suas go fóill aige cé acu an gcuirfeadh sé ar an méar fhada an leathchéad gearán atá le déanamh aige leis an gCoimisinéir Teanga.

“Táim idir dhá chomhairle den chéad uair i mo shoal, déanta na fírinne. Níor mhór a bheith cúramach.

An chéad uair a dtángadar, an Ghaeilge ar na comharthaí poiblí Gaeilge a thóg siad. Agus níor labhair mé amach. Nuair a tháinig siad arís comhfhreagras Gaeilge leis an stát a thóg siad. Agus níor labhair mé amach. Nuair a tháinig siad arís eile comhfhreagras Gaeilge leis an bpobal i gcoitinne a thóg siad. Agus níor labhair mé amach.

Ansin sa deireadh tháinig siad chun mise a thógáil leo agus ní raibh aon duine fágtha chun labhairt amach ar mo shon i mo rogha teanga oifigiúil,” arsa an cancrán aitheanta le Ar Son na Cúise.

Fág freagra ar 'ASNC: Cancrán ag ‘smaoineamh’ ar ghearán faoi shiléig na Roinne Sláinte i leith na Gaeilge ‘a chur siar’'