I Stáit Aontaithe Mheiriceá anois atá an líon is mó cásanna de Covid-19

Os cionn 2,000 cás de Covid-19 deimhnithe in Éirinn agus 29 duine atá básaithe de thoradh an ghalair, naonúr déag ó dheas den teorainn agus deichniúr ó thuaidh

I Stáit Aontaithe Mheiriceá anois atá an líon is mó cásanna de Covid-19

Tá breis is 530,000 cás deimhnithe den choróinvíreas ar fud an domhain agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá atá an líon is mó cásanna anois.

De réir an áirimh is déanaí ó Ollscoil Johns Hopkins, os cionn 85,000 cás den víreas atá deimhnithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus beagán faoi bhun 82,000 cás a tuairiscíodh sa tSín, Tá breis is 24,000 duine curtha den saol ag an ngalar agus san Iodáíl atá breis is aon trian de na daoine a fuair bás.

Os cionn 122,000 duine atá tagtha chucu féin go hiomlán go dtí seo.

Thug Uachtarán Mheiriceá Donald Trump le fios aréir go raibh amhras air faoin scéala gurb í a thír féin is measa ó thaobh cásanna deimhnithe den ghalar agus chuir sé i leith údaráis na Síne go raibh mí-eolas á scaipeadh acu.

Dúirt Trump gurb amhlaidh gur léirigh líon na gcásanna i Meiriceá a fheabhas is a bhí cúrsaí tástála ann.

Dúirt Leasuachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Mike Pence go raibh tástáil ar fáil anois i ngach aon stát agus os cionn 520,00 tástáil déanta.

De réir staidéir a rinneadh i Scoil Leighis Ollscoil Washington, d’fhéadfadh 2,300 duine bás a fháil gach lá sa tír ach a mbainfí buaic na paindéime amach.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ón Iodáil, 662 duine a bhí buailte ag an gcoróinvíreas a fuair bás le 24 uair an chloig. Breis is 8,000 duine atá básaithe anois san Iodáil de dheasca an ghalair, an líon is mó in aon tír ar domhan. Nach mór 81,000  cás deimhnithe atá anois san Iodáil.

Thiocfadh dó gurb iad Stáit Aontaithe Mheiriceá eipealár nua na paindéime domhanda, de réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO). Thug siad le fios an tseachtain seo go raibh borradh mór faoi líon na gcásanna ansin bíodh is go bhfuil an tUachtarán Donald Trump ag caint  ar “athoscailt” na tíre “go luath”.

Nuair a fiafraíodh d’urlabhraí WHO, Margaret Harris, arbh amhlaidh go mbeadh na Stáit ina n-eipealár nua, dúirt sí go raibh “an fhéidearthacht sin ann”.

Is é stát Nua-Eabhrac is measa ar fad atá buailte agus is ann atá beagnach leath na gcásanna ach tá an víreas ag scaipeadh leis ar fud na tíre ar fad.

Os cionn 2,000 cás de Covid-19 atá deimhnithe in Éirinn agus 29 duine atá básaithe de thoradh an ghalair, naonúr déag ó dheas den teorainn agus deichniúr ó thuaidh.

2,060 cás atá anois in Éirinn, thuaidh agus theas.

Tá 1,819 cás de Covid-19 deimhnithe anois ó dheas den teorainn agus d’fhógair an Roinn Sláinte aréir go bhfuil deichniúr eile a bhí buailte ag an víreas básaithe. Seachtar fear agus triúr ban a bhásaigh. San oirthear a bhí naonúr acu agus sa deisceart a bhí an duine eile. De réir na bhfigiúirí nua, den chéad uair scaipeadh sa phobal ba chúis le hos cionn leath de na cásanna.

255 cás nua den ghalar a deimhníodh ó dheas tráthnóna agus is ionann an 19 duine a fuair bás go dtí seo agus 1% de líon iomlán na gcásanna.

“Nílimid ach i dtús an chuair,” a dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, agus na figiúirí is déanaí á bhfógairt tráthnóna aige.

Maidir leis an 19 duine atá básaithe ó dheas, ba í an mheánaois a bhí i gceist ná 79 bliain d’aois. Fir a bhí i 68% de na daoine sin agus mná ab ea 32%.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte ó dheas, 47 duine a bhí in aonaid dianchúraim de dheasca Covid-19 faoi mheán oíche Dé Máirt seo caite. B’ionann sin agus 3.4% de na cásanna go léir a bhí deimhnithe.

Maidir leis na figiúirí is déanaí sin ón Roinn Sláinte:

  • Fir a bhí i gceist le 55% de na cásanna agus mná iad 45%
  • Bhí 66 braisle i gceist ar bhain 295 cás leo
  • An aois ar an meán a bhí ann i measc na n-othar ná 46 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 340 duine, nó 25%
  • As na daoine sin, cuireadh 47 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 321 cás, nó 23%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 774 cás, nó 56%, agus bhí Corcaigh sa dara háit, le 154 cás, nó 11%
  • 45 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe, 38 a bhí i gcontae Chiarraí, 12 cás bhí i nDún na nGall, 22 cás a bhí i bPort Láirge agus 27 cás a bhí i gcontae na Mí
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 51% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 22% agus taisteal thar lear ba chúis le 27%

Tuairiscíodh inné go raibh triúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe sa Tuaisceart.

32 cás nua a deimhníodh ó thuaidh inniu.

241 cás atá deimhnithe ó thuaidh.

Cuireadh tástáil don ghalar ar 3,716 duine sa Tuaisceart go dtí seo.

Fág freagra ar 'I Stáit Aontaithe Mheiriceá anois atá an líon is mó cásanna de Covid-19'