Liosta déanta de na coláistí samhraidh Gaeltachta a bhféadfadh an HSE úsáid a bhaint astu

Tá réamh-mhaoiniú le cur ar fáil ag an Rialtas d’eagraíochtaí Gaeltachta

Liosta déanta de na coláistí samhraidh Gaeltachta a bhféadfadh an HSE úsáid a bhaint astu

Tá sé fógartha ag an Seanadóir Seán Kyne, atá ina aire stáit Gaeltachta go fóill, go bhfuil Roinn na Gaeltachta chun réamh-mhaoiniú a chur ar fáil d’eagraíochtaí pobail sa Ghaeltacht agus iad ag iarraidh dul i ngleic leis na dúshláin atá ann de dheasca na géarchéime sa tsláinte phoiblí.

Tuairiscítear chomh maith go bhfuil liosta déanta de na coláistí samhraidh Gaeltachta a bhféadfadh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte úsáid a bhaint astu agus iad ag dul i ngleic le paindéim an ghalair Covid-19.

Tá a bhfuil i ndán do na coláistí samhraidh féin an samhradh seo idir dhá cheann na meá i bhfianaise na géarchéime.

Cuirfidh An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an t-airgead a bhí ag dul do chumainn forbartha pobail agus do chomharchumainn go deireadh mhí na Bealtaine ar fáil anois chun go mbeidh na heagraíochtaí in ann coinneáil leis an obair atá ar bun acu.

Tugadh le fios freisin go bhfuil na seirbhisí iompair a thugann paisinéirí agus lasta chuig na hoileáin amach ó chósta na Gaillimhe íoctha suas go deireadh mhí na Bealtaine chomh maith.

Tá tuilleadh eolais iarrtha ag Tuairisc.ie ar Roinn na Gaeltachta faoin scéal seo.

Fág freagra ar 'Liosta déanta de na coláistí samhraidh Gaeltachta a bhféadfadh an HSE úsáid a bhaint astu'