FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Tóg an seanleabhar Gaeilge sin amach as an mbosca…

Sa mhír nua seo molann Alan Titley leabhair ar son do leasa is d’aimhleasa agus sinn faoi ghlas ag an ngalar

FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Tóg an seanleabhar Gaeilge sin amach as an mbosca…

Smaoineamh aisteach. Agus sinn go léir inár gcimí, agus cimí romhainn agus cimí inár ndiaidh agus cimí thar chách lasmuigh dínn, ní móide go bhfuil deis iontach againn dul amach agus aon leabhar a mholfaí a cheannach ar ala na huaire. Tá na siopaí leabhar dúnta agus ní chuirfí fáilte romhat tríd an gcúldoras.

Beidh tamall ann sula dtiocfaidh beart chugat ó CIC, nó ó Leabhar Breac, nó Coiscéim, nó An Sagart, nó Arlen House, nó FÁS nó pé foilsitheoirí eile a bhfuil teanntás agat orthu dá mhéid a ndícheall. Chuige sin an smaoineamh seo: ní foláir nó tá leabhair Ghaeilge sa teach agat go fiú is nár cheannaigh tú ach an beagán leis na blianta fada fada. Dá bhrí sin, cad ina thaobh nach rachfá go dtí an lochta lasnairde, nó go dtí an bothán ar chúl an ghairdín, nó an bosca sin go raibh sé i gceist agat a chaitheamh amach, agus ransú a dhéanamh do na díolamaí arbh éigean duit a léamh nuair a bhí an ardteistiméireacht ar siúl agat, nó staidéar á dhéanamh agat i gcomhair céime, nó chéad bhliana céime féin?

Braitheann seo cuid mhór ar cén tréimhse ina raibh tu i mbun litríocht na Gaeilge – nuair a bhí a leithéid ceadaithe sa chóras oideachais. Má tá seanchóipeanna de Fíon na Filíochta, abraimis, nó Filíocht na nGael agat, tógtar amach iad, bíodh gur fada ó bhí réim acu. Níos déanaí bhí na díolaimí a cheadaigh an Roinn Oideachais (gan scileanna) a chuir leathantas fairsing d’fhilíocht na Gaeilge ar fáil, leithéid Díolaim Filíochta le Caoimhghin Ó Góilidhe, nó Éigse Bhreandáin Uí Chonaire. Lean nósanna éagsúla na Roinne céanna ar feadh i bhfad. Is cuma cén aois inar dhein tú an ardteist nó smut de chéim, ní ar son do sciúrsála, ach ar son do chuid tuisceana, eolais is pléisiúir a bhí na díolamaí sin ann.

Pioctar aníos nó anuas iad arís.

FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Na chéad mholtaí léitheoireachta ó Alan Titley…

Leabhair ar son do leasa is d’aimhleasa – moltaí Alan Titley agus sinn faoi ghlas ag an ngalar

Fág freagra ar 'FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Tóg an seanleabhar Gaeilge sin amach as an mbosca…'

  • Fearn

    Tógfaidh mé, a Alan, ach i ndiaidh sin is uile, tá litríocht.com fós ar an obair, agus dreamanna nach iad , b’fhéidir..

  • Anna Ni Fhiannusa

    Maith thú, a Alan, sin moladh iontach. Tá neart leabhair ag Gaeilgeori nach bhfuil léite acu agus seo í an am chun dul i ngleic leis an obair seo. Fill ar an filíocht in am an ghátair.