LITIR AS STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ: Ag fanacht sa scuaine do ghunnaí agus spaigití i gcannaí…

An apacailipsis sa bhruachbhaile a bhí roimh údar na litreach is déanaí againn nuair a d’fhill sé ar Mheiriceá a dhúchais

LITIR AS STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ: Ag fanacht sa scuaine do ghunnaí agus spaigití i gcannaí…

Agus mé i mo shuí anseo ar an gcúits ag breathnú amach ar na hioraí liatha ramhra agus iad ag lámhacán leo ar na sreanga leictreacha, beirim ar mo ghunna agus tugaim a aghaidh orthu. Chuir mé strainc orm féin nuair a tharraing mé an truicear ach lean na hioraí orthu ag greadadh i ndiaidh a chéile timpeall ar an gcrann gallchnó. Is cosúil gur theip ar m’urchar arís eile, fiú más urchar samhlaíochta a bhí inti. 

Ba mhór an faoiseamh a bhí ann ar dtús chomh héasca agus a bhí sé filleadh ar na Stáit Aontaithe ach ansin bhuail imní mé. D’éirigh liom féin agus mo chailín ceann de na heitiltí deiridh a fháil as an mBolaiv agus ansin ár mbealach a dhéanamh as Panama tráth a raibh formhór na n-eitiltí eile curtha ar ceal. Iodálach í mo chara agus is beag fáilte a bhíonn roimh mhuintir a tíre na laethanta seo ó thaobh an taistil idirnáisiúnta.  Dá mhéad dá ndeireadh sise nach mbeadh aon fhadhb aici ó tharla nach raibh sí san Eoraip le míonna fada, bhíodh orm a mheabhrú di gur isteach sna Stáit Aontaithe a bhíomar ag iarraidh a ghabháil. Saoránach de chuid Mheiriceá mise agus ar éigean Dé a ligeann siad isteach mé aon uair a bhím ag teacht thar teorainn.

Creid é nó ná creid, seo iad na rudaí nár tharla ag an aerfort: níor seiceáladh teocht aon duine, níor cuireadh aon bhrú ar aon duine iad féin a chur faoi choraintín, níor fiafraíodh d’aon duine againn an rabhamar tinn le cúpla lá nó an raibh muid thart ar aon duine a bhí breoite, agus níor tugadh aon bhileog dúinn ná aon uimhir ar chóir dúinn glaoch uirthi sa gcás go mbuailfí tinn muid. Rinne an t-oifigeach imirce meangadh breá linn agus chuir sé fáilte romhainn go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Theann mé isteach le mo chailín agus muid ag fanacht lenár mbagáiste agus chuir cogar ina cluas: “Nach raibh sé sin ar fad beagán ró-éasca?”

Faoi láthair tá AirBnB ar cíos againn in Rochester, Nua-Eabhrac, an chathair inar thuirling an t-eitleán deiridh ar a rabhamar. Níor thuig mé go dtí gur chaitheas tamall thar lear cé chomh Meiriceánach mar choincheap agus atá an bruachbhaile. Tithe deasa, iad ar fad an t-achar céanna óna chéile, an tsráid ciúin, gairdín beag féaraigh agus ar a laghad ornáid kitsch amháin i ngach gairdín. Níl aon chomhartha sóirt is dílse don mheán-aicmeachas ná bruachbhaile Meiriceánach. I mbeagán focal, is mór an ghráin é.

Agus mé díreach leaindeáilte i dtír atá forbartha, tá an chuma air go bhfuil chuile dhuine eile níos oilte ná muidne ar conas déileáil leis an saol tráth seo na paindéime. Chuaigh mé amach ag siúl inniu agus casadh fear dom ar an gcosán a raibh trírothach bándearg á bhrú roimhe aige. Theann mé as a bhealach isteach i ngarraí duine éigin. Ní raibh a fhios agam ansin an amhlaidh a bhí mé a chur in iúl dó gur cheapas go raibh an aicíd air nó go raibh sí orm féin. Ag breathnú ar an talamh a bhí an bheirt againn, eadrainn féin a bhí sí. D’fhéadfainn iompú thart agus a rá leis go raibh sé leathchaillte cheana féin ó tharla ina chónaí i mbruachbhaile é. Ach níor dhúras.

Amuigh faoin tuath i Meiriceá, tugtar gránghunna duit nuair a bhíonn tú deich nó aon déag de bhlianta agus bíonn cead do chinn agat a ghabháil amach ag fiach ioraí liatha. Is iontach go deo an spraoi é ag an aois sin a bheith amuigh faoi na coillte ag seilg, cuma dhainséarach ort agus creach le marú agat.

A mhalairt ar fad a mhothaím anseo sa bhruachbhaile, ioraí bogásacha ag cartadh leo sa bhféar taobh amuigh den fhuinneog, a leithéid de leadrán. 

Rinne an bheirt againn turas mór siopadóireachta sular thosaíomar ar an gcoraintín. Tá comhairle á cur ar Mheiriceánaigh na laethanta seo fanacht sé troithe amach óna chéile.  Tá sé á ghealladh dúinn go gcothromóidh muid an cuar má dhéanaimid amhlaidh. Níor thuig mé baileach cén chaoi a n-oibreodh sé sin sa siopa ach bhí na custaiméirí ar fad an-fhoighneach agus d’fhan siad ina scuaine i bhfad óna chéile.  Leanamar a sampla más go míchompordach féin a bhíomar agus muid ag ligean orainn féin go raibh an-spéis againn sa rogha den Fruit Roll-Ups agus an spaigití i gcannaí nach raibh aon rún againn a cheannach.

Bhí mé an-bhródúil asainn ar fad agus muid ag roinnt spás poiblí ar bhealach sábháilte nó gur síneadh lámh mhór tharam le breith ar mhála oráistí. Cuimhnigh go bhfuil cúpla mí caite agamsa i mo chónaí i measc mhuintir Mheiriceá Theas, daoine nach bhfuil mór, agus scanraigh an béinneach seo mé. Seacht dtroithe ar airde, dhá mhéadar, leathstór– bhí sé mór is cuma cén chaoi a dtomhaisfí é.

Dá mbeadh sé de mhisneach agam déarfainn: “Hé a fhir mhóir, sé troithe óna chéile!” Ach ní raibh agus choinnigh air ag dul ó sheilf go seilf gan srian ná stopadh.

Meas tú an mar sin a bheidh má thiteann an saol seo as a chéile? An ag an bhfear is mó a bheidh an páipéar leithris ar fad, an t-arán ar fad agus na mná ar fad a bheidh in aois síolraithe? Ní bheidh ag an gcuid eile againn ach spaigití i gcannaí. Nó b’fhéidir nach ‘má’ an focal ba chirte dom a rá ach nuair a thitfidh an saol seo as a chéile.  D’fhiafraigh mo chailín cén fáth go bhfuil áiteanna ann a bhfuil Meiriceánaigh ina seasamh i scuainí ag fanacht le gunnaí a cheannach. Meas tú cén fáth, a deir sí, go gceapann siad go dteastóidh gunnaí uathu?

Ná bíodh imní ort, a stór, a deir mise léi. Do na hioraí liatha atá siad sin acu.

LITIR AS AN mBOLAIV: Is beag nár cailleadh muid ach táimid fós beo

Fág freagra ar 'LITIR AS STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ: Ag fanacht sa scuaine do ghunnaí agus spaigití i gcannaí…'

  • derry o'sullivan

    An-aiste ; bríomhar is daonna, íoróin is dáiríreacht ag malartú ar a chéile, Thurber na Gaeilge!