LÉAMHTHUISCINT: Cuibhrithe ag Covid-19

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Cuibhrithe ag Covid-19

1. Tá mé anseo i mo shuí cois teallaigh ag éisteacht le tuairiscí scanrúla ar Raidió na Gaeltachta faoin víreas damanta sin atá ag spré ar fud an domhain. Níl mé chomh teanntaithe is go bhféadfaí a rá go bhfuil dianghlasáil déanta orm. Sin é an focal nua atá tugtha air. Cuibrithe atá mé a dúirt beirt léannta ar Gaeilgeoirí ó dhúchas iad. Thiocfainn leo: níl mé sáinnithe fós.

Tá mé ag tabhairt aire na gloine dom féin. Go deimhin níl clóic ar bith orm. Tá morc mór tine thíos agam de thogha na clochmhóna a bhain mé féin agus mo chara Tomás ar phortach Sheanadh Mhuire. Ar neamhchead don Chomhaontas Glas a bhain muid í.

2.Tá neart bia sa gcuisneoir, cé nach bhfuil muid ag ceannach amhail is dá mbeadh gorta mór ar an mbealach freisin. Scaollcheannach an focal nua air sin. Tá dhá nuachtán laethúla agus nuachtán Domhnaigh ar fáil agam ar an idirlíon. Tá Tuairisc.ie agam le mé féin a choinneáil Gaelach. Is féidir liom a rá le fírinne go bhfuil mé chomh seascair le luichín i stáca.

Is minic a dúirt mé nach ngoillfeadh téarma i bpríosún orm an fhad is a bheadh leabhair agus nuachtáin agam ann.

An t-aon rud a airíonn mé uaim go mór cuairteanna rialta ár ngarpháistí. Ar an Skype a labhraíonn muid leo anois, cé nach bhfuil beirt acu ach dhá chiliméadar déag siar an bóthar uainn.

3. Tá mise chomh sean agus gur cheart go gcuimhneoinn ar Fhliú Hong Cong a thosaigh sa mbliain 1968. Ach ní chuimhním air beag ná mór. Chaithfeadh sé nach ndeachaigh sé i bhfeidhm orm ar chor ar bith. Ní raibh sé chomh dona leis an ruaig atá buailte anois orainn ach mharaigh sé dhá mhilliún ar a laghad mar sin féin.

Bíodh is gur i Hong Cong a thosaigh sé rinne lucht síolteagaisc anseo san Iarthar iarracht an milleán a chur ar na Sínigh, an rud céanna a dhéanann Donald Trump sa lá atá inniu ann. Bronntanas ó Mhao-tse-tung a thug duine de na tráchtairí móra sna meáin ar fhliú Hong Cong ag an am.

4. Rinne lucht leighis a ndícheall mar is gnáth agus ar ndóigh cuireadh leigheasanna baile chun cinn freisin.

Dúirt fear amháin nach raibh cinneadh ar bith le hoinniúin fhuara leis an bhfliú a leigheas. Gairleog ab fhearr a dúirt fear eile. Ná bac leo sin a dúirt an tríú duine, ach tabhair an leaba ort féin agus faigh duine éigin a dhéanfas anraith duit a mbeidh glóthach crúb lao curtha tríd.

Glóthach crúb lao, arsa tusa, cé a d’ íosfadh é sin? Is cosúil go bhfuil daoine ann a gheobhadh blas na meala ar gach greim den ghlóthach chéanna.

Níl a fhios agam an bhfuil daoine ag pógadh a chéile fós ar an aimsir seo? Tarraingíodh anuas é sin nuair a bhí fliú Hong Cong i Veiniséala. Comhairlíodh do mhná óga póga a dhiúltú. Comhairle a bhí inti nach raibh aon ghlacadh ag na mná óga léi: is fánach an chaoi a gcaillfeá leannán ar fad le bheith chomh cosantach sin, a dúirt siad.

Bhí colúnaí ar cheann de na nuachtáin anseo in Éirinn a mheas gur mhaith an sciath chosanta an fliú ag bean a bheadh ag cóisir agus a mbeadh rógaire óltach ag teacht róghar di. Ní bheadh uirthi ach fógairt air go raibh an fliú tolgtha aici.

5. Tá rud amháin cinnte agus is é sin go gcuirfidh an víreas atá againn anois athrú mór ar chúrsaí. Beidh ómós níos mó don stát feasta. Cuimhnigh ar an ráiteas a rinne Ronald Reagan nuair a bhí sé féin agus Maggie Thatcher in aon bhun amháin: “Níl focail is uafásaí sa teanga Bhéarla ná ‘is as an rialtas mise agus tá mé anseo le cabhrú leat’,” a dúirt sé. Ní hin é an cineál cainte atá daoine ag iarraidh a chloisteáil anois.

Anseo i bparóiste Charna tá athruithe eile le tabhairt faoi deara cheana féin. Bíonn Nuacht an Iarthair á chraoladh anois agus arís ar Raidió na Gaeltachta as ionad G-tech i Roisín na Mainiach. An lá faoi dheireadh chonaic mé siopadóir ag luchtú earraí i veain le tabhairt thart chuig a chuid custaiméirí. Ar an idirlíon a íocadh iad.

Nach iontach go deo an t-athrú ar an saol é?

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

  1. Tá an t-údar te teolaí ina theach i gConamara agus an coróinvíreas ag scaipeadh ar fud an domhain. Cén breosla atá aige agus conas a fuair sé é sin? (alt 1)
  2. In alt a 2 luann an t-údar dhá bhuntáiste atá aige agus míbhuntáiste amháin. Céard iad? (alt 2)
  3. Cén ceangal a dhéanann an t-údar idir fliú Hong Cong i 1968 agus Covid-19 na bliana seo? (alt 3)
  4. Meas tú cén fáth nach ndeachaigh an fliú uafásach breis is 50 bliain ó shin i bhfeidhm ar fhear óg i gConamara mar atá Covid-19 ag dul i bhfeidhm ortsa in 2020? [Nod: na hathruithe móra ar an saol ó shin]
  5. Luann an t-údar 3 leigheas traidisiúnta a bhí ag daoine ar an bhfliú i 1968. Céard iad? An mbeifeá féin sásta triail a bhaint astu? An bhfuil aon cheann eile ag do mhuintir féin? (alt 4)
  6. Tá an scoitheadh sóisialta á mholadh ag lucht sláinte leis an gcoróinvíreas a chosc na laethanta seo. Nós eile a bhí á chosc leathchéad bliain ó shin – céard é? Cén locht a bhí ag cuid de na mná ar an gcomhairle sláinte, dar leis an údar? (alt 4)
  7. Creideann an t-údar go mbeidh athrú mór ar an saol feasta de bharr an víris seo. Cén t-athrú a luann sé a thiocfaidh ar mheon daoine i leith an státchórais? (alt 5)
  8. Tá saol na tuaithe i nGaeltacht Chonamara athraithe go mór ag an teicneolaíocht. Tugann an t-údar dhá shampla den athrú sin ina phobal féin. Céard iad?
  9. Ón alt seo cén sórt duine a déarfá é an t-údar? Déan iarracht dhá thréith a cheangal leis agus do bhreith a mhíniú. [samplaí: réchúiseach, tuisceanach, seanaimseartha, meabhrach, barrúil, aonaránach, cuideachtúil, tuirsiúil srl}
  10. An dóigh leat gur fear nó bean an t-údar? Cén fáth a ndéarfá sin?

Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 2 – nathanna cainte:

Déan iarracht na nathanna seo a úsáid in abairtí de do chuid féin:

Cois teallaigh, clóic ar bith, aire na gloine (aire na huibhe), chomh seascair le luichín i stáca, beag ná mór, blas na meala, nach iontach go deo…

Gníomhaíocht  3 – Cúinne na Gramadaí:

  1. Aimsigh sampla de chomhfhocal in alt 1.
  2. Aimsigh sampla den mhodh coinníollach in alt 1.
  3. Faigh aidiacht san uimhir iolra in alt 2.
  4. Faigh sampla den bhriathar saor san aimsir chaite in alt 4.
  5. Aimsigh breischéim aidiachta in alt 5.
  6. Sracfhéachaint ar an Tuiseal Ginideach:
  • Tá saol (an tuath) athraithe go mór.
  • Tá tionchar (an nuatheicneolaíocht) le feiceáil go forleathan.
  • Cumha i ndiaidh (an gharchlann) an rud is mó a ghoilleann ar dhaoine.
  • Tá an saol ina chiseach ag ráig (an coróinvíreas).
  • Cuireadh téarma (príosún) uirthi.
  • Tá daoine i dtuilleamaí (an stát).
  • An bhfuil comharthaí sóirt (an galar) ort?

Gníomhaíocht  4 – Scríbhneoireacht Chruthaitheach:

Cén chaoi a bhfuil tú féin ag baint ceart den chuibhriú agus den scoitheadh sóisialta? An bhfuil tú féin agus do mhuintir ina sláinte? Scríobh do dhialann féin don tréimhse chorrach seo i do shaol. Seol chugainn do chuntas.

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Cuibhrithe ag Covid-19'