Dá mbeadh cead amach agat, ní chasfaí ort aon duine nach n-admhódh gur straitéis uile-oileáin ab fhearr

Buntáiste is ea é gur ar oileán atáimid, bheadh sé díchéillí gan leas a bhaint as agus tá cur chuige uile-oileáin i leith Covid-19 riachtanach

Dá mbeadh cead amach agat, ní chasfaí ort aon duine nach n-admhódh gur straitéis uile-oileáin ab fhearr

Dá mbeadh cead agat a dhul amach ní chasfaí ort ar do shiúl lae duine nach n-admhódh gur straitéis uile-oileáin an bealach is fearr chun scaipeadh Covid-19 a shrianadh.

Ar an ngnáthbhealach trasnaíonn suas le 30,000 duine an teorainn gach lá. Fiú agus laghdú mór ar an líon sin i ngeall ar an bpaindéim luíonn sé le réasún go bhfuil gá leis na céimeanna céanna thuaidh agus theas chun sláinte an phobail a chosaint ón gcoróinvíreas.

Mar a dúirt an tOllamh Gabriel Scally inné, ní rudaí fánacha iad na neamhréireachtaí seo.

“An chomhairle a chuirfear ar dhuine i Leifear a mbíonn comharthaí sóirt an choróinvíris air ná fanacht glan ar chuile dhuine ar feadh 14 lá ar a laghad – ach fad urchar mearóige uaidh san Srath Bán an chomhairle a gheobhaidh duine ná fanacht glan ar dhaoine ar feadh seacht lá,” arsa an tOllamh le Sláinte Phoiblí in Ollscoil Bristol.

Más feisteas cosanta d’oibrithe sláinte, tástáil fhorleathan, líon ollmhór aerálaithe d’othair a bhfuil drochbhail orthu, daoine aosta ina suí sa chlúid, aonrú daoine eile nó stad a chur le hobair neamhriachtanach, na céimeanna is fearr, is ceart iad uilig a ghlacadh. Is cosúil go bhfuil fonn ar fhormhór mór an phobail ar dhá thaobh na teorann gach a bhfuil riachtanach a dhéanamh ach teastaíonn soiléire uathu.

Tuairiscíodh aréir go raibh príomhoifigigh leighis ar dhá thaobh na teorann chun Meabhrán Tuisceana a shíniú an tseachtain seo chun an comhoibriú idir an Rialtas ó dheas agus an Feidhmeannas in Stormont maidir le Covid-19 a chur ar bhonn foirmeálta. Is ar éigean go maolóidh Meabhrán Tuisceana an imní atá ar dhaoine.

Murab ionann agus ó dheas áit a raibh na húdaráis beacht, soiléir sna treoracha don phobal agus sa réasúnaíocht faoi ndear na horduithe, bhí éiginnteacht faoi leagan amach Stormont ag deireadh na seachtaine. Ba léir go raibh easaontas idir an Chéad agus an LeasChéad-Aire faoi bheartais bhunúsacha. Leag Arlene Foster agus Michelle O’Neill béim air nár cheist oráiste v glas í seo ach malairt tuairime. Bhí luí ag an Chéad-Aire agus an DUP le cur chuige rialtas na Breataine agus an LeasChéad-Aire agus Sinn Féin i bhfabhar leagan amach rialtas na hÉireann.

Bhí an bheirt acu agus an feidhmeannas ar fad ar a míle dícheall, iad ag dul i ngleic le héigeandáil a bhfuil sé ag dul rite le rialtais a bhfuil go leor taithí acu í a láimhseáil. Tá siad aontaithe go gcaithfidh siad fóint ar an bpobal ar fad ach tá an difríocht eatarthu préamhaithe go daingean. Áibhéil a bheadh ann a rá gur coimhlint í seo idir deas agus clé nó idir an caipitleachas agus lucht saothair ach bhí blas de sin air. Chuir an t-easaontas moill ar threoracha do lucht gnó agus chothaigh sé míshuaimhneas i measc an phobail.

Dé hAoine seo caite sheas Arlene Foster agus Michelle O’Neill i bhfoisceacht dhá mhéadar dá chéile ag preasócáid ag rá go raibh siad aontaithe ina gcuspóir ach a dteachtaireachtaí do lucht gnó ag bréagnú a chéile. Bhí an cur chuige fiarshúileach, Arlene Foster ag díriú ar Londain lena mholadh go gcoinneofaí gnólachtaí ag imeacht faoi choinníollacha sábháilte agus Michelle O’Neill ag breathnú ó dheas agus ag ordú do ghnólachtaí ‘neamhriachtanacha’ druidim ar mhaithe le sláinte a gcuid oibrithe.

Bhí mearbhall ar dhaoine i ngeall ar na teachtaireachtaí contráilte. Níor cheil Michelle O’Neill a míshástacht nuair a d’fhan comhlacht déanta cairpéad i bPort an Dúnáin, Ulster Carpets, ar oscailt ach dúirt Arlene Foster go mbeadh gá le gnólachtaí dá leithéid nuair a bheadh an ghéarchéim thart. Ina theannta sin bhí an DUP den bharúil nach mbeadh gnólachtaí i dteideal an airgid a d’fhógair Seansailéir an Státchiste mura dtabharfaí ordú dóibh dúnadh nó mura mbeadh ráig den ghalar sa mhonarcha. Dúirt Michelle O’Neill go raibh éiginnteacht á cothú ag rialtas na Breataine cheal faisnéis iomlán a bheith curtha ar fáil.

Gheall Stormont go bhfoilseofaí liosta de chineálacha gnó taobh istigh de cheithre huaire fichead chun an scéal faoin obair a shoiléiriú. Ní raibh amharc ar bith ar an liosta faoin Luan nuair a d’fhógair an comhlacht cairpéad go raibh sé ag fáil faoi réir le dúnadh. Bhí oibrithe in ionaid glaonna agus postanna eile ar phá íseal ag rá nach raibh céimeanna sábháilteachta curtha i bhfeidhm ag na fostóirí. Thug Stormont le chéile fóram oibrithe, fostóirí agus ceardchumainn chun comhairle a dhréachtú leis an bhfadhb a fhuascailt.

Faoin tráth sin bhí an dá pháirtí mhóra ag cur a leagan féin de chinntí ar a suíomhanna idirlín féin: an chaint a rinne Arlene Foster ag na comhócáidí preasa amháin a bhí ar shuíomh an DUP agus caint Michelle O’Neill amháin a bhí ar shuíomh Shinn Féin. Bhí teannas follasach ach an dá pháirtí ag rá gurbh aisteach an rud é mura mbeadh easaontais ann nuair atá cúig pháirtí sa bhfeidhmeannas. An bhfuil ceacht ansin faoina mbeadh i ndán do ‘rialtas náisiúnta aontaithe’ in aon áit?

Tá go leor daoine imníoch freisin faoi easpa tástálacha ach tá méadú ar an líon sin geallta ag an Aire Sláinte, Robin Swann. Theastaigh ó Shinn Féin, an SDLP agus Alliance go leanfaí treoracha an WHO; bhí an pobal freisin ag éirí níos glóraí ina n-éilimh ar an straitéis chéanna don oileán ar fad. Buntáiste is ea é gur ar oileán atáimid, bheadh sé díchéillí gan leas a bhaint as.

Fág freagra ar 'Dá mbeadh cead amach agat, ní chasfaí ort aon duine nach n-admhódh gur straitéis uile-oileáin ab fhearr'