FAOI GHLAS AG AN nGALAR: ‘Seoid chaillte’ ina bhfuil meascán den Ghaeilge is den Ultais

Sa mhír nua seo molann Alan Titley leabhair ar son do leasa is d’aimhleasa agus sinn faoi ghlas ag an ngalar

FAOI GHLAS AG AN nGALAR: ‘Seoid chaillte’ ina bhfuil meascán den Ghaeilge is den Ultais

Níorbh eol do mhórán go raibh caidreamh de shaghas ar bith idir na Gaeil agus na plandóirí ó thuaidh nuair a ghabh na sealbhóirí isteach an fearann dúchais. Is beag atá i bhfilíocht agus i bprós na Gaeilge ina thaobh.

Bhí deighilt, ní mór ná go bhféadfá apartheid a thabhairt air, idir an dá dhream. Is é nach dtuigtear ná go raibh Gáidhlig ag go leor de na plandóirí, agus gur fhoghlaim go leor eile an Ghaeilge d’fhonn go bhféadfadh siad orduithe a thabhairt dóibh ó Dhia agus uathu féin. Dá bhrí sin, fearann trítheangach ba ea go leor d’oirthuaisceart na tíre ar feadh breis agus dhá chéad bliain. Samhlaoid air sin is ea an t-úrscéal, nó réamhúrscéal, go dtángthas air le déanaí a bhfuil ‘Dinna Greet Weefla mo Charaid’ (Coiscín €16.90) mar theideal air.

Deirtear gurbh é Somhairle Sammy Mac A’ Chuint an Ultaigh a chum, ach gur mar SS a shínigh sé a ainm de shíor is de ghnáth.  Meascán den Ghaeilge is den Ultais atá ann, an t-aon cheann amháin dá leithéid a bhfuil eolas againn air. Is í an chéad abairt atá ann: ‘Ae remembert when ae bhá mé ar bhrolach mi minnie. Shae was a breá baineann and ae was a boloch beg.’

Gabhann sé in olcas ina dhiaidh sin.

Fós, is foinse luachmhar staire é mura n-insíonn sé oiread sin dúinn i dtaobh an údair, seachas go raibh Art Mac Cubhaigh ina gharraíodóir aige.

Deirtear gur chuir sé iachall ar Art ‘Úir-chill an Chreagáin’ a chumadh nuair a chuala sé dhá chat ag troid sa scioból.

Fág freagra ar 'FAOI GHLAS AG AN nGALAR: ‘Seoid chaillte’ ina bhfuil meascán den Ghaeilge is den Ultais'

  • Fearn

    Lá amhadán an earraigh é cinnte, cé gur trua nach bhfuil sé fíor!

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    Is ea, is trua nach fíor é….