Cosaint déanta ag cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta ar dhíol tástálacha Covid-19 ar nach mór €200

Deir Randox, a bhfuil ionad i nGaeltacht Dhún na nGall acu, go bhfuil tástálacha don ghalar Covid-19 á ndíol acu ‘ar phraghas iomaíoch’  agus gur ‘eolas poiblí’ é an praghas sin

Cosaint déanta ag cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta ar dhíol tástálacha Covid-19 ar nach mór €200

Tá cosaint déanta ag Randox Laboratories, a bhfuil saotharlanna acu i nGaeltacht Dhún na nGall agus i gcontae Aontroma, as tástálacha don ghalar Covid-19 a dhíol ar an mhargadh príobháideach ar nach mór €200.

Tá tástáil don ghalar Covid-19 á díol ag Randox Laboratories, comhlacht átá á mhaoiniú ag Údarás na Gaeltachta, ar an margadh príobháideach ar £120 nó €198.

Rinne na húdaráis sláinte, ó thuaidh agus ó dheas, cáineadh láidir ar chomhlachtaí as praghsanna arda a ghearradh ar thástálacha agus ar earraí eile a bhfuil éileamh mór orthu de bharr ghéarchéim Covid-19.

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite go raibh tástálacha don ghalar Covid-19 de chuid Randox, a bhfuil saotharlann acu ar an Chlochán Liath i nDún na nGall, á ndíol ag comhlachtaí sláinte príobháideacha i Sasana ar £360 an ceann.

Dúirt urlabhraí ó Randox le Tuairisc.ie go raibh tástálacha don ghalar Covid-19 á ndíol ar an margadh príobháideach “ar phraghas iomaíoch”.

“Rinne Randox tástáil COVID-19 a fhorbairt gan mhoill agus bhíomar ábalta an tástáil sin a chur ar fáil ar phraghas iomaíoch agus é ar ár gcumas samplaí a bhailiú sa bhaile. Eolas poiblí é an praghas atá uirthi.”

Dúirt urlabhraí Randox go raibh £120 nó €198 ar thástáil aonair a ordaíonn duine chun é féin a thástáil, ach dúirt sí nach é sin an praghas a íocann saotharlanna poiblí sláinte.

Tá Randox Laboratories i measc na gcomhlachtaí atá roghnaithe ag Rialtas na Breataine chun tástálacha Covid-19 a chur ar fáil d’oibrithe sláinte an NHS.

“Is maith a thuigeann Randox a thábhachtaí agus atá an tástáil do COVID-19 chun scaipeadh an víris a chosc agus an drochbhail a chuirfidh sé ar an gcine daonna a mhaolú.

“Tuigimid chomh maith gurb é an tslí is éifeachtaí chun déileáil leis na cúrsaí seo ná tacaíocht a thabhairt do bheartais an rialtais.

“Ba mhaith linn geallúint a thabhairt don phobal go leanfaidh ár gcomhoibriú leis an rialtas ar aghaidh agus go bhfuil muid ag obair go díograiseach chun an acmhainn tástála sa Ríocht Aontaithe a neartú go mór,” a dúirt an t-urlabhraí.

Mar chuid de chlár tástálacha an NHS, beidh tástálacha agus anailís orthu á gcur ar fáil ag Randox d’oibrithe Sheirbhís Otharcharr Londan.

Féintástáil ón bhaile atá cruthaithe ag an chomhlacht Randox don ghalar Covid-19. Is fríd an post a chuirtear an fearas chuig an chustaméir agus seoltar an fearas ar aghaidh bchuig saotharlann, áit a ndéantar anailís ar an tástáil.

Cuirtear toradh na tástála ar fáil don chustaiméir roinnt laethanta ina dhiaidh sin.

Dúirt urlabhraí Randox gur le déanaí a cruthaíodh an tástáil don ghalar Covid-19.

“Ní raibh aon tástáil ar fáil do Covid-19 sular tháinig an ráig seo chugainn. Bhí anailís le déanamh ar an gcineál géanóim a bhí sa víreas sula bhféadfaí an tástáil a fhorbairt ach d’éirigh linn an tástáil a chur ar fáil laistigh de choicís a bhuíochas don taithí mhór atá againn sa chomhlacht seo ar an diagnóisic,” a dúirt urlabhraí Randox le Tuairisc.ie.

Agus éileamh chomh mór sin ar na tástálacha don ghalar Covid-19, tá fógra déanta ag Randox ar a shuíomh go bhfuil na tástálacha díolta amach agus nach mbeifear ag glacadh le horduithe nua ó dhaoine go ceann roinnt laethanta.

Tá achainí á reachtáil ar líne atá sínithe ag breis agus 8,000 duine go dtí seo, ag éileamh go gcuirfí na tástálacha don ghalar Covid-19 atá á ndéanamh ag an chomhlacht ar fáil saor in aisce don tseirbhís sláinte phoiblí sa Tuaisceart.

Tá maoiniú faighte ag an gcomhlacht ó Invest NI agus faigheann Randox maoiniú chomh maith ó Údarás na Gaeltachta. In 2015 d’fhógair an eagraíocht Ghaeltachta go raibh siad chun €5 milliún a infheistiú in Randox faoi 2020 agus faoi 2017 bhí breis is €3 milliún curtha isteach acu sa chomhlacht.

Tá Randox ar cheann de na cliantchomhlachtaí is mó ag Údarás na Gaeltachta agus ceann de na cliantchomhlachtaí is mó  a chuireann fostaíocht ar fáil sa Ghaeltacht.

Fág freagra ar 'Cosaint déanta ag cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta ar dhíol tástálacha Covid-19 ar nach mór €200'