Níl aon amhras orm faoin méid seo: ní fada go mbeidh an Eoraip ar ais ar a seanléim arís

Is éigean do mhuintir na hEorpa a bheith ag dréim le todhchaí ina seasfaimid gualainn ar ghualainn le chéile, a deir Uachtarán Choimisiún na hEorpa

Níl aon amhras orm faoin méid seo: ní fada go mbeidh an Eoraip ar ais ar a seanléim arís

Tá na seachtainí beaga seo a chuaigh tharainn tar éis an domhan mór a thiontú bunoscionn orainn. Tá sé mar a bheadh na cianta fada imithe thart ón uair a bhíomar ag cur ár saoil thart ar an tseandóigh laethúil.

Ach sibhse atá á léamh seo, is cinnte faoin am seo go bhfuil comharthaí an víris tar éis bheith ar roinnt agaibh, agus is cinnte go bhfuil aithne ag mórán agaibh ar dhuine atá breoite leis, agus is cinnte go bhfuilimid uile – gach uile dhuine againn – ag déanamh imní fúthu siúd is gaire dúinn.

Ach tá rud ar leith faoin gcor ina bhfuilimid, is é sin go bhfuilimid uile inár gcuid den leigheas: sinn uile, mar shaoránaigh, ach cuideachtaí, freisin, agus cathracha, réigiúin, náisiúin agus a bhfuil ar an domhan cláir.

Bímis fírinneach faoi: tháinig an namhaid úr seo taobh na súile caoiche ar an Eoraip agus thug sé géarchéim sa mhullach orainn nach bhfacthas riamh cheana a leithéid ar mhéid agus ar luas. An buille gan choinne sin a buaileadh orainn, tá sé dár ngortú fós inniu.

Ach anois, tá sinne Eorpaigh ag seasamh go ceannard le chéile. Agus is é atá dár ndreasú an mhaidhm oirchiseachta atá ag ardú ar fud na hEorpa. Le seachtainí beaga anuas, chonaiceamar dochtúirí agus altraí a bhí ar scor, chonaiceamar iad ag freagairt na gairme chun diúité, agus chonaiceamar na milliúin eile ag teacht chun tosaigh chun cuidiú, mar shaorálaithe, ar cibé dóigh a theastaigh. Chonaiceamar bialanna ag seachadadh bia ar lucht leighis traochta, chonaiceamar lucht deartha faisin ag déanamh fallaingeacha liachta, agus lucht déanta gluaisteán ag tiontú ar tháirgeadh aerálaithe.

Tá an dlúthpháirtíocht sin tógálach – agus tá sí gafa go croí san Aontas seo againne. Agus a bhuí leis an sracadh sin, tá an tseanEoraip sin ar maith ár n-aithne uirthi, tá sí ar ais. An Eoraip a oibríonn i gcomhar chun nithe a chur i gcrích a dteipfeadh orainn uile, asainn féin, iad a chur i gcrích. Tá an Eoraip ar ais ag saothrú anois, tá sí ag tiaráil oíche agus lá chun gach duine dá bhfuil i gcontúirt bháis a shábháil, chun slite beatha ár ndaoine a chosaint agus chun an breo a chur faoinár gcuid geilleagar.

Le seachtainí beaga anuas, rinneamar bearta nach rithfeadh linn a dhéanamh riamh roimhe seo. D’athraíomar ár gcuid rialacha um státchabhair, agus tá siad níos solúbtha anois ná a bhí riamh ionas go bhfaighidh gnólachtaí, idir bheag agus mhór, an tacaíocht a bhfuil siad ina gá. D’athraíomar ár gcuid rialacha buiséadacha, agus chuireamar sínteacht iontu thar mar a bhí iontu riamh ionas go mbeifear in ann dul ar aghaidh go tapa leis an gcaiteachas is gá, sna Ballstáit agus san Aontas. Chuidigh sin leis na hinstitiúidí Eorpacha agus leis na Ballstáit €2.8 trilliún a chur ar fáil chun dul i ngleic leis an ngéarchéim – is í sin an fhreagairt is láidre dá ndearnadh in aon áit ar domhan.

Agus an tseachtain seo, rachaidh an tAontas céim eile ar aghaidh. Táimid ag beartú scéim nua darb ainm SURE a chur ar bun, scéim a chinnteoidh go mbeidh daoine in ann a gcuid jabanna agus a gcuid ioncaim a choinneáil, agus a chuideoidh le gnólachtaí fanacht ar snámh fad a mhairfidh an lag trá. Leis an scéim seo, cuirfear €100 billiún ar fáil chun cuidiú leis na rialtais an difear a dhéanamh suas sa chás gurbh éigean do d’fhostóir do chuid uaireanta oibre a ghearradh siar – agus beifear in ann cuidiú le daoine féinfhostaithe freisin. Cuideoidh seo leo siúd a bhfuil ganntanas airgid orthu; cuideoidh sé leo an cíos a íoc, nó billí a íoc nó bia a cheannach agus, san am céanna, coinneoidh sé an dé i ngnólachtaí.

Is mian linn tuilleadh teannaidh a chur sa troid ar son beatha daoine agus tá socraithe againn, dá bhrí sin, a bhfuil fágtha d’airgead – gach cent de – a chur isteach i mbuiséad na bliana seo. Cuideoidh an ionstraim éigeandála sin linn a chinntiú go gcuirfear ar fáil trealamh leighis a bhfuil ríthábhacht leis agus go mbeifear in ann breis mhór tástálacha a dhéanamh.

Tá sin amhlaidh mar nach féidir dul i muinín bearta leathéifeachtacha más linn an ghéarchéim seo a chur dínn. Agus is amhlaidh a bheidh go ceann blianta fós agus sinn ag féachaint lenár ngeilleagar a thógáil as umar na géarchéime.  Chuige sin, beidh orainn infheistíocht ollmhór a dhéanamh, infheistíocht ar nós Phlean Marshall don Eoraip. Agus níor mhór buiséad Eorpach nua cumhachtach a chur ina chroílár sin. Is follas na buntáistí: uirlis is ea an buiséad Eorpach a bhfuil cruthúnas air mar uirlis dlúthpháirtíochta agus nuachóiriúcháin.  Mar gur buiséad seacht mbliana atá ann, tugann sé cinnteacht d’infheisteoirí agus is féidir leis na rannpháirtithe uile iontaoibh a chur ann.

Ach féach a bhfuil d’athruithe tagtha ar an domhan seo againne le roinnt seachtainí anuas; ar an gcaoi chéanna, féach go mbeidh orainn athruithe a dhéanamh ar an mbuiséad seo againne. Seo an uair ghéibheannach, seo uair an ghnímh do na geilleagair atá lagaithe ag an ngéarchéim, seo an t-am chun na hinnill a adhaint agus tiomáint bhríomhar a chur faoin margadh inmheánach uathúil seo atá againn.

Na billiúin agus na trilliúin a chaithfear inniu chun an ruaig a chur ar an tubaiste atá ag bagairt os ár gcionn, is infheistíocht é a thabharfaidh cosaint dúinn san am atá romhainn agus a chothóidh nasc idir ghlúine. Sin an fáth ar gá airgead an chéad bhuiséid eile a infheistiú ar bhealach cliste a mbeidh toradh inbhuanaithe air. Buiséad a bheidh ann a chaomhnóidh na rudaí is luachmhar linn, buiséad a dhéanfaidh athbheochan ar an mothú sin atá i gcoitinne ag náisiúin na hEorpa – an mothú gur den Eoraip sinn uile.

Rud eile atá ríthábhachtach: ní mór dúinn an caiteachas a dhéanamh ar dhóigh a dhéanfaidh infheistíocht inár dtodhchaí, trí infheistiú sa taighde nuálach, mar shampla, sa bhonneagar digiteach, san fhuinneamh glan, sa gheilleagar ciorclach cliste, agus i gcórais iompair a bheidh in oiriúint don todhchaí. A leithéid sin de Phlean Marshall, cuideoidh sé linn an Eoraip a fhorbairt ar dhóigh go mbeidh sí níos nua-aimseartha, níos inbhuanaithí agus níos seasmhaí. Creidim gurb é sin an cineál Aontais is féidir a bheith ann ach a ngabhfaimid thar an gcuilithe seo – tiocfaimid as seo mar a thángamar as gach géarchéim dár bhuail sinn ó thús ár staire.

Agus sinn ag tabhairt faoin iarracht ábhal seo, ag tabhairt faoin Eoraip nua, teastóidh ní amháin thar aon ní eile: is éigean do mhuintir na hEorpa a bheith ag dréim le todhchaí choiteann, ag dréim le todhchaí ina seasfaimid gualainn ar ghualainn le chéile, ag tacú le chéile.

An méid a fheicim timpeall orm san Eoraip inniu, déanann sé eolas an bhealaigh dúinn agus líonann sé mé le bród. Na dochtúirí Polannacha ag dul chun na hIodáile – sin is todhchaí na hEorpa ann. Na Seicigh ag cur 10,000 masc chun na Spáinne agus go háiteanna eile. Na heitleáin ag tabhairt daoine breoite as tuaisceart na hIodáile go hoirthear na Gearmáine nó na traenacha ag tabhairt daoine thar teorainneacha go gcuirtear cóir leighis orthu i leapacha dianchúraim – sin is todhchaí na hEorpa ann. Sin agus na Bulgáraigh atá ag cur trealamh cosanta chuig na hOstaraigh, agus na hOstaraigh atá ag cur maisc chosanta chun na hIodáile. Is éard is todhchaí na hEorpa ann an chéad stoc coiteann Eorpach de threalamh leighis, nó na hanálaitheoirí agus na fearais tástála a cheannaigh gach tír, beagnach, tíortha mar an Rómáin agus an Phortaingéil, i gcomhar le chéile, lena gcur chun na Spáinne, chun na hIodáile agus go háiteanna eile. Agus níor loic cumhacht ná dlúthpháirtíocht an Aontais seo orainn nuair a fágadh na mílte Eorpach ar an trá fholamh i Vítneam, san Afraic Theas nó san Airgintín: tugadh abhaile iad ar eitleáin, ar thicéad Eorpach.

Le gach gníomh de na gníomhartha dlúthpháirtíochta sin, aiséiríonn an Eoraip beagán beag eile. Agus níl aon amhras orm faoin méid seo: ní fada go mbeidh an Eoraip ar ais ar a seanléim arís. Le chéile.

Fág freagra ar 'Níl aon amhras orm faoin méid seo: ní fada go mbeidh an Eoraip ar ais ar a seanléim arís'

  • MacAnRí

    Tá Gaeilge ar a toil ag Ursula !!! I ndáiríre, beidh achan phingin rua de dhíth uainn !! Alt dóchasach b’fhéidir…