AR SCÁTH A CHÉILE: ‘Níl a fhios agam an mbeidh muid ann chor ar bith an chéad bhliain eile’ – An Spailpín Fánach, siopa t-léinte na nGael i mbaol

Ar Scáth A Chéile – Colún nua do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le heolas, nuacht agus tuairimíocht faoin saol aimsir ghéarchéim an choróinvíris. Seolaigí bhur scéalta chuig nuacht@tuairisc.ie…

[live id=”3fb688″ datetime=”2020-04-02T19:39:56+00:00″]

Ráite le leath an domhain fanacht ag baile agus os cionn 50,000 duine básaithe

[/live]

[live id=”870617″ datetime=”2020-04-02T19:11:38+00:00″]

13 duine eile a bhí buailte ag an gcoróinvíreas caillte agus 134 duine ar fad básaithe in Éirinn

[/live]

[live id=”fe5423″ datetime=”2020-04-02T17:54:02+00:00″]

‘Tacaíocht airgeadais ag teastáil chun nach rachaidh coláistí samhraidh as gnó’ – Conradh na Gaeilge

Deir Conradh na Gaeilge go gcaithfear ciste maoinithe a chur ar fáil do choláistí samhraidh agus do na daoine a bhíonn ag brath orthu chun an earnáil a choinneáil ag imeacht.

Tuairiscítear go bhfuil tionscal na gcoláistí samhraidh i mbaol de bharr an choróinvíris agus gan mórán dóchais ann go mbeidh na cúrsaí Gaeilge á reáchtáil ar chor ar bith i mbliana.

D’fhógair Coláiste Lurgan, ceann de na coláistí samhraidh is aitheanta agus is rathúla sa tír, an tseachtain seo go raibh na cúrsaí a bhí le bheith ann i mbliana curtha ar ceal acu agus deir Concos, an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar choláistí samhraidh, nach raibh cuma rómhaith ar an scéal do choláistí eile i láthair na huaire.

Tá na coláistí samhraidh ríthábhachtach do gheilleagar na Gaeltachta, idir na coláistí féin, mná tí agus gnóthaí eile, agus deir Conradh na Gaeilge go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go dtabharfaí tacaíocht do na daoine seo mura dtagann aon fheabhas ar chúrsaí.

“Má chuirtear na coláistí ar athlá an samhradh seo, ba cheart cailliúintí airgid a aithint agus socrú a dhéanamh chun na ranna éagsúla in earnáil na gcoláistí samhraidh a chúiteamh le cinntiú go mbeidh siad in ann feidhmiú arís agus nach rachaidh siad as gnó,” a deir an Conradh.

Bíonn go leor coláistí ag brath go hiomlán ar tháillí na gcúrsaí samhraidh chun a gcostais bhliantúla a íoc agus deir Conradh na Gaeilge gur chóir ciste a chur ar fáil chun cabhrú leo.

Molann siad freisin go gcuirfí ciste ar leith ar fáil do mhná tí, a chaillfidh “airgead mór” má chuirtear na cúrsaí samhraidh ar ceal i mbliana.

Tá Conradh na Gaeilge ag súil go dtacófar chomh maith le híoc fostaithe lánaimseartha na gcoláistí samhraidh agus go dtacófaí go háirithe le coláistí atá á riar ag coistí deonacha nach bhfuil aon tacaíocht stáit eile acu.

[/live]

[live id=”7d420e” datetime=”2020-04-02T16:33:56+00:00″]

[/live]

[live id=”ca984f” datetime=”2020-04-02T15:30:27+00:00″]

‘Níl a fhios agam an mbeidh muid ann chor ar bith an chéad bhliain eile’ – An Spailpín Fánach, siopa t-léinte na nGael i mbaol

Deir Gearóid Ó Murchú, úinéir an tsiopa éadaí agus earraí Gaeilge, An Spailpín Fánach ar an Spidéal, i nGaeltacht Chonamara, go bhfuil amhras air faoina bhfuil i ndán dá chomhlacht.

In agallamh ar Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin, dúirt Gearóid Ó Murchú, go bhfuil imní air faoi thodhchaí an chomhlachta, agus go bhfuil seans ann go mbeidh orthu na doirse a dhúnadh.

Dúirt úinéir An Spailpín Fánach, atá lonnaithe sa cheardlann sa Spidéal le 35 bliain, go raibh an baol ann go ndúnfar an siopa mura mbeidh na coláistí samhraidh á reáchtáil i mbliana.

“Bíonn muid ag brath an t-uafás orthu. Is gnó an-bheag atá ann, agus ní bheadh muid ann chor ar bith dáiríre gan na coláistí samhraidh. Déarfainn gur 50% den ioncam atá againn, tagann sé isteach i dtrí mhí an tsamhraidh, agus an chuid is mó de sin ó na coláistí samhraidh,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Murchú go gcuireann sé geansaithe nó húdaithe ar fáil a mbíonn lógónna na gcoláistí orthu do choláistí éagsúla i nGaeltacht Chonamara agus ar fud na tíre agus go mbíonn deichniúr fostaithe ag an chomhlacht do mhíonna an tsamhraidh, an tréimhse is gnóthaí sa bhliain.

“Tríd an ngeimhreadh, ní bhíonn ach triúr againn ag obair go lánaimseartha leis an Spailpín, ach sa samhradh bíonn suas le deichniúr againn, go leor mic léinn óga atá ag obair linn thar na blianta.  Agus tá sé sin ag brath ar fad ar an obair a dhéanann muid leis na coláistí.”

“Níl a fhios agam cén chaoi a mbeidh muid in ann coinneáil orainn, ag glacadh leis nach mbeidh na coláistí ann, déarfainn gur beag turasóir a bheas thart i mbliana ach oiread.”

Dúirt Ó Murchú go mbíonn an comhlacht ag brath go mór ar theacht isteach an tsamhraidh le billí na bliana a íoc.

“Gan an t-airgead ag teacht isteach, níl a fhios agam cé a bheas ag obair linn, níl a fhios agam an mbeidh muid ann chor ar bith an chéad bhliain eile ina dhiaidh seo,” a dúirt Ó Murchú.

Cé nach raibh aon chinneadh déanta aige go fóill dúirt Ó Murchú go raibh sé i gceist aige oscailt arís ach go mbeadh air a mhachnamh a dhéanamh faoi thodhchaí an chomhlachta.

[/live]

[live id=”f3379e” datetime=”2020-04-02T15:10:59+00:00″]

‘Níor chinneadh deacair é, sláinte na ndaoine is tábhachtaí’ – Comórtas Peile na Gaeltachta ar ceal

Deir Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta, Seán Ó hEarcáin, nach raibh aon rogha ann ach comórtas na bliana seo a chur ar ceal.

“Is é an príomhrud ná sláinte agus beatha na ndaoine. Ní raibh cinneadh deacair le déanamh i ndáiríre. Is é an t-aon rud a bhí le déanamh againn i ndáiríre ná deireadh a chur leis an éiginnteacht,” a deir sé.

“Ní dhearna muid aon socrú go dtí inné i ndáiríre go bhfeicfimis conas mar a bhí rudaí ag dul ach, mar a fheicimid, is chun donais atá rudaí ag dul lá i ndiaidh lae.

“Tá lucht sláinte ag caint ar ‘surge’ agus rudaí mar sin. Deir siad linn go mbeidh sé seo linn, ní hamháin ar feadh roinnt seachtainí, ach ar feadh roinnt míonna,” arsa Ó hEarcáin.

“Is mór an trua é ach nuair atá gach rud ráite, níl sé caillte go hiomlán ag Leitir Móir. Cibé atá caillte i mbliana acu, le cúnamah Dé, rachaidh sé chun sochair dóibh an bhliain seo chugainn.”

Deir Cathaoirleach Naomh Anna Pádraic Ó Conghaile gur údar mór díomá atá ann dóibh nach mbeidh Comórtas Peile na Gaeltachta acu an samhradh seo ach go n-aontaíonn siad leis an gcinneadh é a chur siar.

“An chaoi atá rudaí faoi láthair, is é an cinneadh ceart é. Tá ócáidí móra á gcur ar ceal. Is fearr daoine a bheith slán sábháilte, sin an rud is tábhachtaí,” a deir Ó Conghaile.

“Leis an gcaoi a bhfuil rudaí faoi láthair, bhí sé ar na cártaí go gcuirfí siar é. Tá chuile rud eile curtha siar agus níl a fhios ag daoine cén chaoi a mbeidh rudaí faoi cheann dhá mhí.

“Tá súil againn go mbeidh rudaí níos fearr ach ag an am céanna, ní bheidh daoine ag iarraidh dul sa seans agus dul ag taisteal.”

Bhí na hullmhúcháin faoi lán seoil i Leitir Móir le cúpla mí anuas ach tá stop curtha anois leo den chuid is mó.

“Beidh orainn tosú as an nua, go pointe, théis an tsamhraidh,” arsa Ó Conghaile. “Beidh orainn gach rud a bhí socraithe againn a chur ar ceal. Ceol. Ollpuball. Mná tí.”

Agus an Comórtas le bheith acu an bhliain seo chugainn, tá Ó Conghaile dóchasach nach gcaillfidh an cumann aon airgead de bharr an chinnidh.

Cé go bhfuil stop curtha leis an obair forbartha atá ar bun ag an gcumann faoi láthair, tá súil acu go mbeidh an seastán nua atá á thógáil acu críochnaithe roimh dheireadh an tsamhraidh.

“Beidh sé sin curtha as an mbealach,” a deir Ó Conghaile. “Ní bheidh an brú sin orainn ar a laghad.”

[/live]

[live id=”36bea8″ datetime=”2020-04-02T14:43:53+00:00″]

Scéal an Lae le Futa Fata

[/live]

[live id=”b21fa7″ datetime=”2020-04-02T14:40:31+00:00″]

‘Scoil sa mBaile’ le Bridget Bhreathnach

[/live]

[live id=”278556″ datetime=”2020-04-02T14:35:46+00:00″]

[/live]

[live id=”a96d17″ datetime=”2020-04-02T13:22:52+00:00″]

Comórtas Peile na Gaeltachta 2020 curtha ar ceal

[/live]

[live id=”902084″ datetime=”2020-04-02T12:44:21+00:00″]

Moltaí á lorg do chlár Gaeilge scolaíocht bhaile atá le craoladh ar TG4 go luath

TG4 sign comhartha

Tá Tuismitheoirí na Gaeltachta ag lorg moltaí ó thuismitheoirí maidir le clár Gaeilge d’fhoghlaimeoirí óga sa bhaile atá beartaithe do TG4, macasamhail an Home School Hub, clár laethúil ar cuireadh tús leis ar RTÉ an tseachtain seo.

Deir Tuismitheoirí na Gaeltachta go bhfuil “ríméad” orthu go bhfuil an chosúlacht air go mbeidh “clár scoile” á chraoladh ar TG4 “go luath”.

“Beidh comhairleoirí oideachais ag obair ar an gclár lena chinntiú go dtiocfaidh an t-ábhar le curaclam na bunscoile,” a dúirt Tuismitheoirí na Gaeltachta i ráiteas.

Tá Tuismitheoirí na Gaeltachta, An Roinn Oideachais, COGG, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta agus TG4 i measc na ndreamanna atá i mbun an chláir a thabhairt chun scáileáin.

Agus ábhar an chláir á phlé, tá moltaí á lorg ag Tuismitheoirí na Gaeltachta ó thuismitheoirí maidir le cad ba mhaith leo a fheiceáil ar na cláracha agus moltaí ó thaobh na hamanna ab fhóirsteanaí  an clár a chraoladh

Iarrtar ar dhaoine a gcuid moltaí a chur ar aghaidh chuig Tuismitheoirí na Gaeltachta roimh 1pm Dé hAoine 3 Aibreán ar ríomhphost eolas@tuismitheoiri.ie nó ar Whatsapp 087-246 1685.

[/live]

[live id=”6bf992″ datetime=”2020-04-02T12:25:16+00:00″]

Sraith físeán Gaeilge a chuirfidh leanaí óga ar a suaimhneas

Beidh sraith físeán á déanamh ag Tuismitheoirí na Gaeltachta i gcomhar le Veronica Ní Loideáin, teiripeoir suathaireachta le Gaeilge, atá dírithe ar thuismitheoirí a bhfuil leanaí óga acu.

Is teagascóir suathaireachta leanaí í Veronica Ní Loideáin, a chuireann ranganna ar fáil do ghrúpaí máithreacha Thuismitheoirí na Gaeltachta in Ionad Splanc ar an gCeathrú Rua, i nGaeltacht Chonamara.

Agus na ranganna sin ar athlá de bharr an choróinvíris, dúirt urlabhraí ón eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta go raibh na físeáin dírithe ar thuismitheoirí ar mian leo “blaiseadh beag” den tsuathaireacht a thriail sa bhaile.

“Is cinnte gur cúnamh a bheidh iontu le muid uilig a chur ar ár suaimhneas,” a dúirt urlabhraí ó Thuismitheoirí na Gaeltachta.

Feilfidh an sórt suathaireachta a bheas á léiriú sna físeáin do leanaí idir sé seachtaine agus 9 mí d’aois. 

Beidh na físeáin á scaipeadh ar ghrúpaí sóisialta WhatsApp Thuismitheoirí na Gaeltachta.

Má tá suim agat tabhairt faoin tsuathaireacht nó má tá aithne agat ar dhuine ar bith a mbeadh spéis acu ann seol teachtaireacht WhatsApp chuig 087 2461685.

[/live]

[live id=”695cc6″ datetime=”2020-04-02T12:25:16+00:00″]

COVID-19: Is iontach an difríocht idir straitéis eacnamaíochta na hÉireann agus SAM. Cé acu atá ceart?

[/live]

[live id=”d225c8″ datetime=”2020-04-02T11:25:08+00:00″]

LITIR ón gCATALÓIN: Níl aon deifir orm mar ní mórán seans eile a bheidh agam éalú ó cheithre bhalla an tí

[/live]

[live id=”344fbf” datetime=”2020-04-02T08:46:21+00:00″]

FOCAL IS FUAIM: Éistigí le Tom Bheairtle Tom Ó Flatharta ag scéalaíocht

[/live]

[live id=”715fff” datetime=”2020-04-02T08:38:57+00:00″]

Seirbhís tacaíochta fóin le seoladh do phobal Mhaigh Cuilinn

Seolfar seirbhís tacaíochta fóin do phobal amháin i gConamara an tseachtain seo do dhaoine atá buailte mar thoradh ar an gcoróinvíreas.

Is í an eagraíocht Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn atá ag cur na seirbhíse ar fáil chun eolas a thabhairt faoin mbealach chun teacht ar sheirbhísí áitiúla. Beidh foireann dheonach ar fáil chun cúnamh a thabhairt maidir leis an tseirbhís seachadta atá ag siopaí agus a leithéid.

Beidh teacht ar an tseirbhís nua trí Oifig Phobail Mhaigh Cuilinn ag 091 55626 nó freisin trí ríomhphost a sheoladh chuig help@moycullen.net.

Tá sé i gceist go mbeidh an tseirbhrís ar fáil idir 10am agus 12pm ó Luan go hAoine ach déanfar athbhreithniú air sin de réir mar a bhogann rudaí chun cinn.

Deir Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn go mbeidh siad ag cloí go docht le treoracha Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus iad ag tabhairt faoin tseirbhís nua. Ní bheidh siad ach in ann daoine a threorú i dtreo na seirbhísí cuí agus ní bheidh siad ag bualadh le daoine sa phobal.

“Freisin beidh cód rúndachta docht i bhfeidhm le gur féidir leis an bpobal muinín iomlán a bheith acu sa tseirbhís,” a deir Irene Cummins ó Fhorbairt Pobail Mhaigh Cuilinn.

Beidh ciste tacaíochta luach €10,000 ar fáil chomh maith. Tá €5,000 curtha ar fáil ag Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn agus deir siad go bhfuil a chomhionann maoinithe curtha ar fáil ag duine as an áit. Cuirfear fáilte roimh shíntiúis eile freisin.

Beidh an ciste á riar ag an ngrúpa tacaíochta áitiúil, Cruinniú, agus an Cumann Naomh Uinseann de Pól.

“Tá ríméad orainn leis an leibhéal tacaíochta atá á fháil againn trasna an phobail ina iomláine, rud a léiríonn mian an phobail tacú lena chéile agus muid in am an ghátair,” a deir Bainisteoir Fhorbairt Pobal Mhaigh Cuilinn, Séamus Ó Céide. “Ní neart go cur le chéile.”

[/live]

[live id=”75ada8″ datetime=”2020-04-02T08:38:57+00:00″]

Nach mór milliún cás den choróinvíreas deimhnithe sa domhan

[/live]

[live id=”d42628″ datetime=”2020-04-02T08:38:57+00:00″]

Cé mhéad tástáil do Covid-19 atá á ndéanamh againn i gcomparáid le tíortha eile?

[/live]

[live id=”77745f” datetime=”2020-04-02T08:38:57+00:00″]

Cuimhnigh ar an spraoi agus cuir an ruaig ar an imní – na nósanna atá ag cuidiú linn ar an aimsir seo

[/live]

[live id=”bb3ef6″ datetime=”2020-04-02T08:38:57+00:00″]

SIAMSÁN SA mBAILE: Siamsaíocht do na páistí sa mbaile! Gníomhaíocht a 13!

[/live]

[live id=”d465aa” datetime=”2020-04-02T08:38:57+00:00″]

[/live]

[live id=”d460d6″ datetime=”2020-04-02T08:38:57+00:00″]

Dé Céadaoin, Aibreán 1

[/live]

[live id=”2de5d1″ datetime=”2020-04-01T09:50:11+00:00″]

Dé Máirt, Márta, 31

[/live]

Fág freagra ar 'AR SCÁTH A CHÉILE: ‘Níl a fhios agam an mbeidh muid ann chor ar bith an chéad bhliain eile’ – An Spailpín Fánach, siopa t-léinte na nGael i mbaol'