Ráite le leath an domhain fanacht ag baile agus os cionn 50,000 duine básaithe

Táthar dóchasach go bhfuil laghdú ag teacht ar líon na gcásanna nua san Iodáil agus sa Spáinn ach tá méadú as cuimse ag teacht ar líon na gcásanna i SAM, mar a bhfuil nach mór an ceathrú cuid de na cásanna go léir

Ráite le leath an domhain fanacht ag baile agus os cionn 50,000 duine básaithe

Tá ráite le leath den chine daonna, nó 3.9 billiún duine, fanacht ag baile agus rialtais ar fud an domhain ag iarraidh scaipeadh an víris mharfaigh Covid-19 a choinneáil faoi chois.

Agus cuibhriú, dianghlasáil nó coraintín de shaghas éigin i bhfeidhm i 90 tír nó dúiche, tá nach mór milliún cás den víreas deimhnithe agus 50,000 duine básaithe de réir an áirimh is déanaí ó Ollscoil Johns Hopkins.

Tá 760 duine eile básaithe san Iodáil le lá anuas, an tír is measa ar domhan atá buailte ag an ngalar. Ach táthar dóchasach i gcónaí go bhfuil an taoide ag casadh faoi dheireadh maidir le líon ard na mbásanna gach lá.

Údar uchtaigh chomh maith é nár tháinig ach ardú 3.1% inniu ar líon na gcásanna nua. Beagnach 14,000 duine atá básaithe san Iodáil de bharr na paindéime agus ghabh Ursula von der Leyen, an tUachtarán ar an gCoimisiún Eorpach, leithscéal inniu le muintir na hIodáile mar nár léirigh an tAontas Eorpach dóthain de chomhar na gcomharsan le linn na paindéime.

“Tá an Eoraip anois ag seasamh le muintir na hIodáile. Faraor níorbh amhlaidh an scéal i gcónaí,” a dúirt Ursula von der Leyen in alt ar an nuachtán La Repubblica.

Tá os cionn 10,000 a bhí buailte ag an gcoróinvíreas básaithe sa Spáinn, an dara tír is measa atá buailte ar domhan.

950 duine eile a bhásaigh le lá anuas, an líon is mó daoine a bhásaigh in aon lá amháin ó thosaigh an ráig sa Spáinn.

10,003 bás atá deimhnithe ag údaráis sláinte na Spáinne faoin tráth seo agus 110,238 cás den aicíd atá deimhnithe.

Mar sin féin, tá dóchas ag údaráis sláinte na Spáinne gurb amhlaidh go bhfuil moill ag teacht faoi dheireadh ar scaipeadh an víris.

Idir an 15-25 Márta bhí líon na gcásanna nua ag ardú 20% ar an meán gach lá ach ó shin i leith is 12% ar an meán an t-ardú. 

Ar a shon sin is uile, glactar leis, ach oiread le go leor tíortha eile ar domhan, Éire ina measc, go bhféadfadh líon na gcásanna sa Spáinn a bheith i bhfad níos airde ó tharla líon na dtástálacha atá á gcur ar dhaoine a bheith teoranta.

Tá os cionn 35,000 duine curtha den saol ag an bpaindéim san Eoraip agus is í an Iodáil, an Spáinn, an Fhrainc agus Sasana na tíortha is measa atá buailte.

Sa Fhrainc, mar a bhfuil os cionn 4,000 duine básaithe, tá rabhadh tugtha do dhaoine fanacht ag baile do bhriseadh na Cásca, tráth an grand départ nuair a imíonn go leor as baile ar saoire de ghnáth. Beidh bacainní ar bhóithre agus tuilleadh saighdiúirí agus póilíní ar dualgas lena chinntiú nach dtarlóidh a leithéid i mbliana.

563 duine a bhí buailte ag Covid-19 atá básaithe le lá anuas, a dúirt Roinn Sláinte na Ríochta Aontaithe. 2,921 atá básaithe anois, 163,194 tástáil atá déanta agus toradh dearfach ar 33,718 acu.

Tá 50 duine eile bhí buailte ag Covid-19 básaithe in Albain le lá anuas agus 126 básaithe faoin tráth seo. 19 duine eile a bhí i gceist sa Bhreatain Bheag, mar a bhfuil 117 duine básaithe.

Má táthar dóchasach go bhfuil laghdú ag teacht ar líon na gcásanna nua san Iodáil agus sa Spáinn, tá méadú as cuimse ag teacht ar líon na gcásanna i Stáit Aontaithe Mheiriceá, an tír is mó ina bhfuil cásanna deimhnithe den ghalar. Tá os cionn 225,000 cás deimhnithe anois i Meiriceá agus os cionn 5,000 duine básaithe.

Thart ar 10 milliún duine a chaill a bpost i Meiriceá le coicís anuas.

Tá Comhdháil Uachtaránachta an Pháirtí Dhaonlathaigh i Stáit Aontaithe Mheiriceá curtha siar go dtí an 17 Lúnasa. Bhí an chomhdháil seachtaine, ag a roghnófar an t-iarrthóir a thabharfaidh aghaidh ar Donald Trump, le bheith ar siúl mí Iúil in Milwaukee.

De réir na bhfigiúirí is déanaí, 4,623 cás den choróinvíreas atá deimhnithe in Éirinn, 3,849 cás ó dheas den teorainn agus 774 cás ó thuaidh di, agus tá 134 duine básaithe.

Fág freagra ar 'Ráite le leath an domhain fanacht ag baile agus os cionn 50,000 duine básaithe'