Comórtas Peile na Gaeltachta 2020 curtha ar ceal

Bhí Comórtas Peile na Gaeltachta 2020 le reáchtáil ag Naomh Anna, Leitir Móir i gConamara an samhradh seo ach tá an comórtas á chur siar go dtí 2021 de bharr na paindéime domhanda

Comórtas Peile na Gaeltachta 2020 curtha ar ceal

Tá Comórtas Peile na Gaeltachta 2020 a bhí le bheith i gConamara an samhradh seo curtha ar ceal de bharr phaindéim an ghalair Covid-19.

Rinneadh cinneadh aréir an Comórtas, a bhí le reáchtáil ag Naomh Anna, Leitir Móir idir an 29 Bealtaine agus 1 Meitheamh, a chur siar. Is iad Naomh Anna a bheidh ag óstáil an Chomórtais in 2021.

Bhí Comórtas na bliana seo chugainn le bheith ag cumann Naomh Muire i mDún na nGall agus in 2022 a bheidh sé acusan anois.

Bhí amhras mór ann faoi Chomórtas Peile na Gaeltachta na bliana seo le roinnt seachtainí anuas de bharr na géarchéime sa tsláinte phoiblí.

Tá sé fógartha ag Cumann Lúthchleas Gael go bhfuil stop curtha acu le himeachtaí ag gach leibhéal ar fud na tíre go dtí an 19 Aibreán ar a luaithe agus meastar go gcuirfear síneadh eile leis na srianta atá tugtha isteach ag an Rialtas chun dul i ngleic le Covid-19.

Cé nach raibh an Comórtas náisiúnta le bheith ann go dtí deireadh mhí na Bealtaine, bhí na comórtais cháilithe i ngach contae fós le críochnú. Ní raibh ach cúpla cluiche réamhbhabhta imeartha i nDún na nGall agus ní raibh cluiche ar bith imeartha i nGaillimh, an dá chontae is a mó ina mbíonn cluichí cáilithe le himirt.

Fág freagra ar 'Comórtas Peile na Gaeltachta 2020 curtha ar ceal'