LITIR ón gCATALÓIN: Níl aon deifir orm mar ní mórán seans eile a bheidh agam éalú ó cheithre bhalla an tí

Tá Cathal Ó Cuaig, as Gaeltacht Chonamara ina chónaí in Barcelona sa Spáinn, an dara tír is measa atá buailte ag ráig an choróinvíris

LITIR ón gCATALÓIN: Níl aon deifir orm mar ní mórán seans eile a bheidh agam éalú ó cheithre bhalla an tí

Cathal Ó Cuaig, Roxana Barcewicz agus Ailbhe Barcewicz Ní Chuaig. Pictiur: Àngel García

Tugann an t-earc luachra an t-eireaball leis go fuadrach nuair a airíonn sé meáchan na gcos ag teannadh leis.

Bhí sé sínte ag déanamh bolg le gréin ar an gcosán nó gur dhúisigh mise é óna shuan, ag iompar mo mhálaí síos ag an mbosca bruscair. Muid beirt fós ag déanamh iontais faoi chiúnas na sráide. B’annamh leis an tsráid sin againne gan a bheith plódaithe le carranna lá breá grianmhar mar seo, toisc muid a bheith buailte ar an trá.

Go deimhin is beag duine atá feicthe againn le coicís ag dul síos ná aníos, ó cuireadh na dlíthe éigeandála i bhfeidhm.

Tá cead do ghadhar a thabhairt ar shiúlóid, agus táim cinnte go bhfaca mé an gadhar bocht céanna á tharraingt amach go míchneasta ag daoine éagsúla. Tá na balcóiní os mo chionn folamh ach tugaim faoi deara méar ag tarraingt cuirtín siar i bhfuinneog go bhfeicfidh siad cé atá ag dul an bóthar. Tugtar go spraíúil “Gestapo de balcón” orthu seo, daoine a bhíonn ag faire go géar ar aon choisithe a bhíonn taobh amuigh gan chead agus a scaoileann racht mallachtaí leo má shíleann siad iad a bheith as bealach. Ní mar a shíltear a bhítear go minic.

Tá cead dlíthiúil ag tuismitheoirí páistí a bhfuil uathachas orthu a thabhairt amach ar shiúlóid. Caitheann siad bráisléad gorm mar chomhartha ach ní fheictear iad seo go soiléir ón mbalcóin go minic.

Is ag a hocht a chlog gach oíche a líonann na balcóiní céanna suas le daoine, nuair a thagann an pobal amach ag bualadh bos, ag gabháil buíochais le lucht na seirbhísí sláinte atá á gcur féin i mbaol gach lá ar mhaithe le muide a choinneáil slán.

Siúlaim timpeall coirnéal agus faighim boladh arán á bhácáil ag teacht as fuinneog íseal. Cleachtadh nua do dhaoine nach bhfuil ag iarraidh turas chuig an mbáicéir a sheansáil. Tá fuinneoga dúnta ar árasáin eile, comhartha do dhaoine atá ag iarraidh an ghrian a choinneáil amach nó faraor b’fhéidir ag iarraidh an gleo taobh istigh a cheilt.

Tá fadhb mhór anseo le foréigean baile agus anuraidh maraíodh 55 bean ag lámha a gcomhpháirtí nó a n-iarpháirtí. Tá imní ar dhaoine go dtiocfaidh méadú air seo mar go bhfuil daoine sáinnithe sa mbaile le chéile anois. Imní eile atá ar dhaoine ná nach mbeidh post i ndán dóibh nuair a thiocfaidh deireadh leis an ráig seo. Tá caint anseo nach n-osclóidh scoileanna go dtí an fómhar rud a chiallaíonn go mbeidh ar thuismitheoir amháin fanacht sa mbaile. Sin leath ioncam an tí imithe le sruth ar go leor teaghlach.

Scaoilim síos an mála bruscair go réidh. Níl aon deifir orm mar ní mórán seans eile a bheidh agam go dtí an t-am seo amárach éalú ó cheithre bhalla an tí. Beannaíonn duine dom ó fhuinneog. Gearmánach a bhfuil iníon léi sa mbunscoil le m’iníon féin. Tá sí tar éis an bhalcóin a líonadh le gaineamh le go mbeidh trá bheag ag a gasúir le spraoi uirthi. Tá sí ina cónaí i mbloc árasán le gairdín inmheánach agus lig sí na gasúir amach ag suairceas ann an lá cheana. Rinne comharsa clamhsán leis na póilíní agus fuaireadar rabhadh fanacht istigh.

Insíonn sí dom go bhfaca sí póilíní ag dul timpeall i ngluaisteán neamh-mharcáilte ag fíneáil daoine atá amuigh gan údar. Tá an faitíos céanna uirthi féin agus atá ar go leor eachtrannach sa Spáinn, má fhaigheann duine muinteartha an-tinn inár dtíortha dúchais, an mbeidh cead againn filleadh?

Ní bheidh aon eitiltí ar fáil ar feadh roinnt míosa. Go tobann tugaim faoi deara carr ag druidim im threo go réidh. Guím ‘auf Wiedersehen’ ar mo chara agus lascaim liom abhaile.

Fág freagra ar 'LITIR ón gCATALÓIN: Níl aon deifir orm mar ní mórán seans eile a bheidh agam éalú ó cheithre bhalla an tí'