Tionscal na gcoláistí samhraidh Gaeltachta i mbaol – Concos

Cé nach bhfuil aon treoir oifigiúil faighte ag Concos go fóill maidir le cúrsaí an tsamhraidh seo a chur ar ceal, is beag dóchas atá ag an eagraíocht go mbeidh na cúrsaí á reáchtáil i mbliana

Tionscal na gcoláistí samhraidh Gaeltachta i mbaol – Concos

Deir Concos, an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar choláistí samhraidh, go bhfuil “tionscal na gcoláistí samhraidh i mbaol” de bharr an choróinvíris.

Cé nach bhfuil aon treoir oifigiúil faighte ag Concos go fóill maidir le cúrsaí an tsamhraidh seo a chur ar ceal, is beag dóchas atá ag an eagraíocht go mbeidh na cúrsaí á reáchtáil i mbliana.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Maria Nic Dhonncha, Feidhmeannach Forbartha CONCOS go raibh siad “ag fanacht ar threoir oifigiúil” ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte maidir lena bhfuil i ndán do na cúrsaí Gaeilge i mbliana.

“Is rud thar a bheith tromchúiseach atá ag titim amach. Tá sé an-deacair a rá, ach ní bhreathnaíonn rudaí go maith ag an bpointe seo.


“Beidh ceithre nó cúig cinn de sheachtainí eile ann sula mbeidh fógra oifigiúil faoi thodhchaí na gcoláistí samhraidh againn.”

Dúirt Nic Dhonncha go raibh “tionscal na gcoláistí samhraidh i mbaol” de thoradh na paindéime agus go raibh siad “ag oibriú go crua ar phlean B” a chuirfí i bhfeidhm sa chás nach bhféadfaí cúrsaí na bliana seo a reáchtáil.

Thug Nic Dhonncha le fios go raibh sraith cruinnithe eagraithe ag Concos le Roinn na Gaeltachta chun pleanáil á dhéanamh maidir le “todhchaí na gcoláistí samhraidh go ginearálta” agus go raibh siad ag súil go gcuirfeadh an Roinn tacaíocht airgid ar fáil do na mná tí.

“Mura mbeidh na coláistí Gaeilge ann ní bheith aon mhná tí ann. Tá contúirt ann don tionscal ar fad. Tá ceist ann chomh maith faoi aisíocaíochtaí a bheas le déanamh chuig tuismitheoirí sa chás go gcuirfí na cúrsaí ar ceal.

“Tá na coláistí samhraidh thar a bheith tábhachtach do na ceantair Ghaeltachta. Is géarchéim uafásach í seo do na coláistí Gaeilge, do na ceantair Ghaeltachta agus don tír ar fad,” a dúirt sí.

Tá cinneadh glactha cheana féin ag ceann de na coláistí samhraidh is aitheanta agus is rathúla sa tír, Coláiste Lurgan, in Indreabhán i gConamara, cúrsaí na bliana seo a chur ar ceal de bharr an choróinvíris.


Ag labhairt dó le Nuacht TG4 aréir, dúirt Mícheál Ó Foighil, bainisteoir Choláiste Lurgan, nach mbeadh na cúrsaí Gaeilge á reáchtáil i mbliana toisc go mbeadh srianta fós i bhfeidhm.

“Tá siad ag  teacht as lockdown sa tSín ach níl scoileanna, níl ollscoileanna agus níl crecheannaí, níl siad ar oscailt fós,” a dúirt Ó Foighil. Dúirt sé gur “ar mhaithe le folláine agus sláinte” a chinn Coláiste Lurgan na cúrsaí a chur ar ceal i mbliana.

Fág freagra ar 'Tionscal na gcoláistí samhraidh Gaeltachta i mbaol – Concos'