Nach mór milliún cás den choróinvíreas deimhnithe sa domhan

115 duine atá básaithe in Éirinn de dheasca an choróinvíris faoin tráth seo, 85 duine ó dheas den teorainn agus 30 duine ó thuaidh di

Nach mór milliún cás den choróinvíreas deimhnithe sa domhan

Tá beagnach milliún cás den choróinvíreas deimhnithe sa domhan agus mach mór 50,000 duine a bhí buailte ag an ngalar curtha den saol.

De réir an áirimh is déanaí ó Ollscoil Johns Hopkins, is i Stáít Aontaithe Mheiriceá atá an líon is mó cásanna deimhnithe den víreas faoin tráth seo agus beagnach 215,000 cás deimhnithe sa tír sin, nach mór a dhá oiread cásanna is atá deimhnithe san Iodáil, an tír is mó ina bhfuil daoine básaithe de dheasca na paindéime.

Tuairiscíodh aréir go raibh 884 duine eile a bhí buailte ag Covid-19 caillte i Stáit Aontaithe Mheiriceá, an líon is mó daoine in son lá amháin ó thosaigh an ráig ansin.

Ghéill Uachtarán Mheiriceá Donald Trump go raibh stoc-charn trealaimh leighis na tíre geall le bheith ídithe ar fad.

In ainneoin gur airde i gcónaí gach lá líon na mbásanna de bharr Covid-19 sa Spáinn agus san Iodáil ná aon áit eile ar domhan, tá dóchas áirithe go bhfuil an taoide ag casadh faoi dheireadh sa dá thír.

Fógraíodh laghdú inné ar líon na mbásanna de bharr Covid-19 san Iodáil. 727 duine le Covid-19 a cailleadh l i gcomparáid le 812 an lá roimhe sin. 13,155 atá básaithe anois.

2,937 cás nua, méadú beag, a tuairscíodh inné san Iodáil, ach creidtear go bhfuil údar áirithe dóchais sna figiúirí nua go bhfuil an taoide ag casadh.

Tá síneadh ama curtha leis na srianta atá curtha i bhfeidhm ar an Iodáil go dtí an 13 Aibreán agus dóchas áirithe go bhfuil feabhas ag teacht faoi dheireadh ar chúrsaí in ainneoin líon ard na mbásanna gach lá. Sular foilsíodh na figiúirí is déanaí, tráthnóna, dúirt Aire Sláinte na hIodáile Roberto Speranza: 

“Ní cóir dúinn a cheapadh gur ionann na dea-chomharthaí seo agus an chontúirt a bheith curtha dínn againn agus ‘gach rud i gceart’ anoisLéiríonn na sonraí go bhfuil muid ar an mbóthar ceart agus go bhfuil rath le feiceáil ar ár gcuid dianbheartas.” 

Tá os cionn 9,000 duine curtha den saol sa Spáinn ag paindéim Covid-19. 

864 duine eile a bhí buailte ag Covid-19 a cailleadh in imeacht 24 uair an chloig, de réir na bhfigiúirí is déanaí, an líon is mó daoine a fuair bás in aon lá amháin sa dara tír is mó a bhfuil daoine curtha den saol ag an ngalar. 

Tá os cionn 100,000 cás den ghalar deimhnithe sa Spáinn.

Mar sin féin, tá dóchas ag údaráis sláinte na Spáinne gurb amhlaidh go bhfuil moill ag teacht faoi dheireadh ar scaipeadh an víris.

Idir an 15-25 Márta bhí líon na gcásanna nua ag ardú 20% ar an meán gach lá ach ó shin i leith is 12% ar an meán an t-ardú. 

Tá os cionn 30,000 duine san Eoraip básaithe de dheasca na paindéime agus is iad an Iodáil, an Spáinn agus an Fhrainc na tíortha is measa atá buailte.

Tá leath den domhan anois faoi ordú dianghlasála de shaghas éigin mar gheall ar an bpaindéim a bhfuil an saol ina chíor thuathail aige agus breis is 45,000 básaithe dá bharr.

Pictiúr: Leon Farrell/RollingNews.ie

115 duine atá básaithe in Éirinn de dheasca an choróinvíris faoin tráth seo, 85 duine ó dheas den teorainn agus 30 duine ó thuaidh di.

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné go raibh 14 duine eile básaithe, seachtar fear agus seachtar ban. Bhí deichniúr de na daoine is déanaí a bhásaigh in oirthear na tíre agus bhí ceathrar acu i ndeisceart na tíre. Bhí fadhbanna eile sláinte ag ochtar acu.

Ba í 82 bliain d’aois an mheánaois i measc an 85 duine a bhásaigh go dtí seo.

Deimhníodh chomh maith 212 cás nua de Covid-19.

Fágann sin gur 4,136 cás atá in Éirinn, 3,447 cás ó dheas den teorainn agus 689 cás ó thuaidh.

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte, a bhain leis an 2,667 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Luain:

  • Fir a bhí i gceist le 48% de na cásanna agus mná iad 50%
  • Bhí 134 braisle i gceist ar bhain 563 cás leo
  • An aois ar an meán a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 834 duine, 28%
  • As na daoine sin, cuireadh 126 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 752 cás, nó 25%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 1,645 cás, nó 55%, agus bhí Corcaigh sa dara háit, le 255 cás, nó 8%
  • 88 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (2.9%), 68 a bhí i gcontae Chiarraí (2.3%), 63 cás bhí i nDún na nGall (2.1%), 48 cás a bhí i Maigh Eo (1.6%), 37 cás a bhí i bPort Láirge (1.2%) agus 66 cás a bhí i gcontae na Mí (2.2%)
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 60% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 21% agus taisteal thar lear ba chúis le 18%

De réir suirbhé nua a rinneadh inné don Roinn Sláinte, tá 94% den phobal sásta go bhfuil ar a gcumas cloí leis na srianta atá tugtha isteach chun dul i ngleic leis an ngéarchéim.  Dúirt 89% gur cheap siad go raibh na srianta maidir leis an scoitheadh sóisialta cuí.

Thug 85% le fios go mbraitheann siad go bhfuil siad imithe i dtaithí ar na hathruithe sa saol ó thosaigh an ráig agus dúirt an céatadán céanna daoine go raibh a fhios acu cad ba chóir dóibh a dhéanamh dá dtiocfadh comharthaí sóirt an ghalair orthu. Tá teagmháil ar líne á dhéanamh ag 65% de dhaoine lena gcairde agus a muintir.

Bhí imní ar dhuine as gach triúr faoina sláinte agus bhí imní ar thriúr as gach ceathrar faoi shláinte a ngaolta agus a gcairde.

Fógraíodh inné go raibh beirt eile básaithe sa Tuaisceart de dheasca na paindéime.

103 cás nua den choróinvíreas a deimhníodh sa Tuaisceart. 6,450 tástáil atá déanta ó thuaidh.

Fógraíodh na figiúirí is déanaí tráth a ndúirt an Roinn Sláinte ó thuaidh go bhféadfadh 3,000 duine bás a fháil sa ‘chéad ráig’ den phaindéim sa chás is measa.

Deir Príomh-Oifigeach Leighis an Tuaiscirt, an Dr Michael McBride, gur gearr uainn an Meabhrán Tuisceana maidir le comhoibriú thuaidh/theas i dtaobh scaipeadh Covid-19 in Éirinn.

Ghabh an HSE leithscéal inné le daoine a bhí ag fanacht ar thástálacha don ghalar. Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris go mbeidh deich lá eile ann sula mbeidh saotharlanna tástála ag obair mar ba chóir.

Dúirt an tAire nach raibh ach 1,500 duine á thástáil do Covid-19 in aghaidh an lae. 15,000 tástáil in aghaidh an lae an sprioc atá ag an Rialtas.

 

 

Fág freagra ar 'Nach mór milliún cás den choróinvíreas deimhnithe sa domhan'