FOCAL IS FUAIM: Éistigí le Tom Bheairtle Tom Ó Flatharta ag scéalaíocht

Tá an tsraith ‘Focal is Fuaim’, a rinne Tuairisc.ie i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht, á cur amach arís againn mar lón éisteachta agus léitheoireachta in aimsir ana hanachana. An geábh seo, is Tom Bheairtle Tom Ó Flatharta atá againn ó ‘Ag Scéalaíocht’

Tom Bheairtle

An scéal béaloidis Donncha Mór á aithris ag an scéalaí Tom Bheairtle Tom Ó Flatharta, nach maireann, as an Lochán Beag in Indreabhán. Tá an taifead seo tógtha ón gcaiséad Ag Scéalaíocht (CIC L18, Cló Iar-Chonnacht) mar chuid den tsraith An Béal Beo atá as cló anois.

Tá an scéal féin le fáil sa leabhar Sláinte: Deich mBliana de Chló Iar-Chonnachta (Cló Iar-Chonnacht 1995) a chuir Micheál Ó Conghaile in eagar.

Is féidir cóip den leabhar a cheannacht ag an nasc seo

Donncha Mór

Bhí fear ann uair amháin a dtugaidís Donncha Mór air. Fear an-naofa a bhí ann agus an-mhochóirí a bhí freisin ann. Ach an lá seo, d’iarr sé daoine ag obair aige sa bpáirce agus ar maidin nuair a tháinig siad bhí sé imith’ ón teach romhaibh. Ní raibh romhaibh ach a bhean, ach nuair atháinig siad ar chaoi ar bith ag an teach d’fhiafraigh an bhean dhóibh cá raibh siad a’ gabháil. Dúirt siad go raibh siad a’ gabháil ag obair ag a’ fear, ag Donncha, gur iarr sé iad.

“Níl aon mhaith dhaoibh,” a deir sí. “D’éirigh an ghrian go moch,” adeir sí, “labhair an fiach go doch agus beidh an lá inniu go holc. Ach is fearr dhaoibh a dhul abhaile inniu.”

D’imigh leo abhaile, agus ar a mbealach abhaile dhóibh cé chasfaí dhób ach Donncha Mór.

“Shíl mé,” adeir sé, “gur iarr mé ag obair sibh.”

“Ar ndóigh, d’iarr,” adeir siadsan, “agus bhí muid ag an teach agus i ndiaidh do bhean, agus ‘sé duirt sí linn a dhul abhaile, nach ndéanfadh sé aon lá inniu, gur éirigh an ghrian go moch, gur labhair an fiach go doch ‘s go mbeadh an lá inniu go holc.”

“Á, ‘sé chaoi a bhfuil sé anois,” adeir Donncha Mór, “ná géillí’ d’orthaí, ná géillí’ d’fhonóid, is ná géillí do bhriathra mná mar más moch mall a éireos grian sea mar is toil le Dia a bheas an lá. Fágaibh seo anois,” adeir sé, “ag obair.”

Chuadar ag obair agus bhíodar ina gcuid léintreachaí i gcaitheamh an lae i bpáirc Dhonncha Mhóir agus ní rinne sé aon deoir bháistí i gcaitheamh an lae i bpáirc Dhonncha Mhóir, ach bhí sé ag báisteach sna taobhannaí eile dhóibh. Bhuel, sé an focal i gcónaí a bhíodh ar bheál bhean Dhonncha Mhóir “nár fheice mé Dia.”

D’imigh thart ar chaoi ar bith agus cailleadh Donncha roimh an mbean agus, ar ndóigh, chuaigh Donncha go na Flaithis, mar bhí sé tuillte aige. Ach nuair a cailleadh a bhean rinne sí fhéin ar na Flaithis, agus, ar ndóigh, nuair a tháinig sí ag geataí na bhFlaitheas, dúirt Dia léi ná raibh an-bhaol go bhféadfadh sí ‘dhul isteach, mar an focal a bhí ar a béal i gcónaí gan í É fhéin a fheiceáil.

“Á muise, ‘sé chaoi a bhfuil sé,” adeir Donncha, adeir sé, “mo leath istigh is mo leath amuigh agus nach furasta an duine bocht a chur amach nach bhfuil báinín aige dhó fhéin.”

“Bhuel, más mar sin é,” adeir Dia, “téadh sí isteach,” adeir sé, “ach ní fheicfidh sí mise.”

Ach séard a sheas dhi, go raibh Donncha caillte roimpi agus go mba mhór an mhaith dhi, ar aon chaoi, gur ligeadh isteach í go na Flaithis, mar a raibh sí ag feiceáil Dia É féin.

Fág freagra ar 'FOCAL IS FUAIM: Éistigí le Tom Bheairtle Tom Ó Flatharta ag scéalaíocht'