Cé mhéad tástáil do Covid-19 atá á ndéanamh againn i gcomparáid le tíortha eile?

Tá anailís déanta againn ar líon na dtástálacha atá á ndéanamh in aghaidh gach milliún duine chun garbhléargas a fháil ar conas atá ag éirí linn in Éirinn

Cé mhéad tástáil do Covid-19 atá á ndéanamh againn i gcomparáid le tíortha eile?

‘Tástáil, tástáil agus tástáil’ ceann de na moltaí is mó a bhíonn ag an WHO agus an domhan mór ag iarraidh an coróinvíreas a chur faoi chois.

Táimid ag cloí leis an gcomhairle sin – i bprionsabal pé scéal é. Tá tíortha eile ann a bhfuil cur chuige éagsúil acu ó thaobh na tástála, ach is í tuairim na coitiantachta i measc na saineolaithe dá mhéid tástáil a dhéantar is ea is fearr é.

An sprioc atá againne ná go mbeadh 15,000 tástáil in aghaidh an lae á ndéanamh faoi lár na míosa seo chugainn. 25,000 tástáil sa lá an sprioc a d’fhógair Boris Johnson inniu.

Bíodh cur chuige uaillmhianach nó coimeádach i gceist maidir le cúrsaí tástála, tá fadhb mhór amháin faoi láthair ann – tá ganntanas fearas tástála ar fud an domhain agus ganntanas ann maidir leis an imoibrí, nó reagent, a theastaíonn chun tástáil a dhéanamh ar shamplaí sna saotharlanna. 

Thug an tAire Sláinte Simon Harris le fios inniu nach raibh ach 1,500 duine á thástáil anseo do Covid-19 in aghaidh an lae faoi láthair, nuair is 15,000 an sprioc atá ag an Rialtas.

Beidh deich lá eile ann sula mbeidh saotharlanna tástála ag obair mar ba chóir, a dúirt sé.

Ina ainneoin sin, mhaígh Simon Harris go raibh níos mó tástála á déanamh againn ná go leor tíortha eile sa Eoraip, mar sin féin.

An bhfuil an ceart aige, agus cé mhéad tástála atá ar bun sna tíortha éagsúla?

Léiríonn na figiúirí is deireanaí a bhfuil fáil orthu ó fhoilseacháin éagsúla agus a bhfuil scagadh déanta ag Tuairisc.ie orthu go bhfuil difríochtaí suntasacha sa gcur chuige maidir le tástálacha don choróinvíreas. Tá tíortha ina bhfuil daonra beag amhail na Scigirí (Oileáin Fharó) agus an Íoslainn i mbun iarrachta an pobal ar fad a thástáil, ach tá cur chuige níos scaoilte i gceist in áiteanna eile. 

Rinne an Chóiré Theas go leor tástála ó thús agus tá iarratais ar chabhair maidir le tástáil faighte acu ó 121 tír eile faoin tráth seo.

Deirtear gur diantástáil agus dianchuardach teagmhálaithe ba chúis leis an rath a bhí ar an gCóiré Theas maidir le bac a chur ar scaipeadh an víris ansin. 

Is é atá sna figiúirí thíos ag Tuairisc.ie ná líon na dtástálacha a rinneadh i dtíortha éagsúla in aghaidh gach milliún duine sna tíortha sin.

Eolas faoi thástálacha idir 25 Márta agus 01 Aibreán a bhí i gceist agus tugann sé garbhléargas dúinn ar staid na tástála.

1 An Iorua 15,570
2 An Eastóin 8,460
3 An Chóiré Theas 7,600
4 An Iodáil 7,280
5 Éire (Deisceart) 6,165
6 Ceanada 5,580
7 An Fhionlainn 3,770
8 An Danmhairg 3,430
9 Éire (Tuaisceart) 3,359
10 SAM 2,780
11 An tSualainn 2,400
12 An Ríocht Aontaithe 1,940
13 An Fhrainc 1,508

Tá an figiúr don Tuaisceart (3,359 in aghaidh an mhilliún duine) san áireamh i bhfigiúirí na Breataine. Dá gcuirfí líon na dtástálacha d’Éirinn go léir, thuaidh agus theas, le chéile bheadh 5,378 tástáil in aghaidh gach milliún duine i gceist. 

Is léir ó na figiúirí thuas go bhfuil níos mó tástála á dhéanamh againn ná mar atá go leor tíortha eile in ainneoin go bhfuilimid i bhfad fós ón sprioc atá leagtha síos againn.

Fág freagra ar 'Cé mhéad tástáil do Covid-19 atá á ndéanamh againn i gcomparáid le tíortha eile?'

  • Seán

    Céard faoi Éire (Iarthar) agus Éire (Oirthear) ? ;(