Cuimhnigh ar an spraoi agus cuir an ruaig ar an imní – na nósanna atá ag cuidiú linn ar an aimsir seo

Leanfaidh muid orainn agus coinneoidh muid an misneach. Céard eile is féidir a dhéanamh? 

Cuimhnigh ar an spraoi agus cuir an ruaig ar an imní – na nósanna atá ag cuidiú linn ar an aimsir seo

‘Tá muid in ainm is a bheith ar ais ag an scoil, Mamaí,’ a dúirt an Cailín Mór Beag liom agus í ag dul a chodladh an oíche cheana. ‘Níl an scoil ag tosú ar ais fós,’ a dúirt mé. ‘No  Mamaí, tá, breathnaigh,’ agus chuaigh sí anonn go dtí an féilire ar an mballa. ‘Coicís,’ a dúirt siad, ‘is tá an choicís thuas.’ 

‘Is fíor duit,’ a dúirt mé leis an gCailín Mór Beag an oíche cheana, ‘ach níl an víreas imithe fós. Caithfidh muid fanacht sa mbaile ar feadh tamall beag eile.’ 

Thosaigh sí ag bladhrach chaointe. ‘Ach céard faoi mo chairde?’ 

Nuair a théann muid amach, tá na bóithre ciúin. Casfar corrdhuine ort, an chuid is mó acu a bheannóidh duit, agus corrdhuine a bhreathnóidh cam ort amhail is nach bhfuil cead agat a bheith amuigh ag siúl, ní hamháin sin ach ag siúl agus ‘veicteoirí an víris’, mar atá cloiste agam á thabhairt ar pháistí i rith na géarchéime seo, in éineacht leat. 

Táthar ag faire ar na seandaoine freisin, sílim. Feicim tuairiscí sna meáin agus ar na meáin shóisialta faoi dhaoine atá os cionn 70 bliain d’aois a deirtear nach  bhfuil ag cloí go beacht leis na treoirlínte. 

Tá sé éasca go leor a rá le daoine fanacht sa teach, ach ní príosúnaigh iad, agus b’fhéidir nach raibh sé d’am ná d’airgead ag cuid de na daoine a ndóthain bia a cheannacht don choicís sular déanadh an fógra, nó b’fhéidir nach bhfuil aon duine acu leis an bpinsean a bhailiú dóibh srl. 

Tá an chuid is mó daoine ag déanamh a ndíchill cloí leis na treoirlínte agus céard eile is féidir le duine a dhéanamh? Leanfaidh muid orainn agus coinneoidh muid an misneach. 

Seo thíos roinnt de na nósanna atá ag cabhrú linne ar an aimsir seo.

Coinnigh sceideal 

Éirigh ag an ngnátham, nó gar dhó agus gléas agus imigh amach faoin aer, más féidir, nó mura féidir dul amach déan aclaíocht de chineál éigin sa teach, na cluichí oilimpeacha sa gcistineach, siúl suas agus síos an staighre gach uair an chloig… Déan rud ar bith, ach ná suigh sa gcathaoir ag an ríomhaire nó an teilifís ó mhaidin go hoíche, ní dhéanfaidh sé leas duit féin ná do dhuine ar bith eile sa teach. 

Cuimhnigh ar an spraoi 

Tá cead againn gáire a dhéanamh, an gcreidfeá é sin? Is féidir cloí leis an bhfógra ‘Fan sa mBaile’ agus spraoi a bheith againn ag an am céanna. Seans gurb é an spraoi céanna a thabharfadh an neart dúinn déileáil le fadhbanna airgid, fostaíochta, sláinte agus cibé dúshlán eile atá romhainn de bharr ráig Covid-19. 

Cuir ruaig ar an imní 

Má tá a leithéid de rud ann agus Scála Richter don strus, déarfainn go bhfuil ‘Imní agus tú coinnithe sa teach mar gheall ar phaindéim dhomhanda’, nó ’Imní mar gur chaill tú do jab is níl aon airgead agat leis an morgáiste a íoc de bharr na paindéime domhanda’ thuas gar go maith do bharr an scála. 

Tá údair éagsúla imní againn ar fad na laethanta seo, ach is fearr a bheidh muid in ann aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna mura dtabharfaidh muid an lámh in uachtar di. 

Téigh amach faoin aer gach lá

Mura bhfuil tú in ann ach seasamh sa doras nó le taobh na fuinneoige agus an fhuinneog a oscailt, déan é. Más féidir leat a ghabháil amach ar shiúlóid bheag, is fiú go mór é don mheabhairshláinte. Is fearr atá muid in ann aghaidh a thabhairt ar na laethanta nuair atá solas na gréine agus an t-aer úr faighte againn. 

Breathnaigh an bhfuil aon duine i do chomharsanacht a dteastaíonn cúnamh uathu

An bealach is fearr le dearmad a dhéanamh ar do thrioblóidí féin ná cabhrú le duine éigin eile. Más féidir linn ar fad lámh chúnta a thabhairt dá chéile, is fearr a chaomhnóidh muid an gaol pobail atá eadrainn. Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine, a deir an seanfhocal, is ní raibh sé chomh fíor riamh is atá anois. 

Fág freagra ar 'Cuimhnigh ar an spraoi agus cuir an ruaig ar an imní – na nósanna atá ag cuidiú linn ar an aimsir seo'