Dia idir sinn agus Príomh-Airí breoite na Breataine

Chuir drochscéal Boris Johnson i gcuimhne dár gcolúnaí scéal Príomh-Aire eile a bhí an-tinn, Harold Wilson

Dia idir sinn agus Príomh-Airí breoite na Breataine

Chuir an tinneas a tháinig go tobann ar Boris Johnson imní ar gach éinne sa Bhreatain agus fiú mórthimpeall an domhain.

Is iomaí fadhb a chruthaítear nuair a bhíonn Príomh-Aire chomh tinn sin go mbíonn air dul i go dtí ospidéal chun cóir leighis a fháil. Ach beidh fadhbanna eile le sárú ag Rialtas na Breataine má éiríonn le Johnson filleadh arís ar Shráid Downing.

Ní léir fós an mbeidh fadhbanna fadtéarmacha sláinte aige nuair a thabharfaidh na dochtúirí slán ón gcorónvíreas é go hoifigiúil. Faraor, is féidir le Príomh-Aire na Breataine botúin thromchúiseacha a dhéanamh lasmuigh den ospidéal.

Chuir droch-scéal i gcuimhne dúinn scéal Príomh-Aire eile a bhí tinn, Harold Wilson. Tá cúpla leabhar tábhachtach ann mar gheall ar dheireadh ré Wilson, sin an tréimhse idir an t-olltoghchán a bhuaigh sé mí Feabhra 1974 agus an cinneadh gan choinne a rinne sé éirí as oifig as a chonlán féin i mí Aibreáin 1976. Cé nárbh eol do na vótóirí ag an am é, fear breoite ab ea Wilson, agus bhí sé i bhfad níos seanda ann féin ná a aois oifigiúil. Bhí sé 58 bliain d’aois nuair a bhuaigh sé an t-olltoghchán i 1974, agus bhí trí scór bliain aige i 1976. Polaiteoir “óg” ab ea é i gcomparáid le príomh-airí agus uachtaráin eile ar fud an domhain sna 1970idí.
Rinne na comhairleoirí ba shinsearaí aige ó 1974-76 – Joe Haines a bhí ina urlabhraí aige agus Bernard Donoghue a bhí i gceannas ar chúrsaí polasaí – cur síos ar mhíchumais fhisiciúla agus intleachta Wilson i rith na mblianta seo.

Thuig Wilson féin go raibh an dea-chuimhne aige a thuill cáíl dó ag teip diaidh ar ndiaidh, agus ba dheacair dó óráidí beaga fiú a thabhairt gan téacs iomlán a bheith os a chomhair amach agus é ag caint.

Ba ghráin leis na ceisteanna sa bParlaimint a chuirtí air dhá uair in aghaidh na seachtaine ar feadh 15 nóiméad. Thug an t-alcól faoiseamh dó, agus bhí Haines ina chuideachta lá amháin nuair a d’ól Wilson ceithre ghloine branda sula ndeachaigh sé isteach go dtí Teach na dTeachtaí chun ceisteanna a fhreagairt faoi Phríomh-Aire na hAstráile, Gough Whitlam Bhanríon, a bheith bhriste as oifig ag an mBanríon.

Ba léir do Haines go raibh Wilson ar meisce, ach níor rith sé sin le haon pholaiteoir eile a bhí ag éisteacht leis.

Nuair a d’éirigh Wilson as oifig i 1976, ba léir do Donoghue nach raibh Wilson in ann dualgais na príomhaireachta a chomhlíonadh a thuilleadh de dheasca an alcóil agus lorg an ghalair Alzheimer a sciob uaidh a chuimhní ar fad cúpla bliain ina dhiaidh sin.

Ní raibh Wilson san ospidéal idir 1974 -1976 agus bhuaigh sé dhá olltoghchán agus pobalbhreith mar gheall ar bhallraíocht na Breataine sa chomhphobal Eorpach.

Ach bhí botúin uafásacha á ndéanamh aige, sub rosa ar aon nós, go háirithe ó thaobh Thuaisceart Éireann de. I 1975, bhí sé ar tí neamhspleáchas a thabhairt do Thuaisceart Éireann agus na saighdiúirí go léir a thabhairt abhaile. Níor thug sé aon eolas do Rialtas na hÉireann mar gheall ar an bplean seo a bhí aige féin amháin, agus níor iarr sé aon chomhairle ar rialtas Liam Cosgrave.

Ach chuala an státseirbhíseach ba shinsearaí in Éirinn, an Dr Dermot Nally, rúnaí an rialtais ó 1980-1994, ráflaí go raibh démarche de shaghas éigin in aigne Wilson. Scríobh Nally páipéar tábhachtach don Taoiseach Liam Cosgrave i 1975 chun rabhadh a thabhairt dó mar gheall ar na himpleachtaí uafásacha a bhainfeadh le pleidhcíocht Wilson.

Seo mar a mhínigh Nally a chuid imní mar gheall ar an bplean stát neamhspleách nua a chruthú go tobann ó thuaidh: “the likely prelude to the establishment of a state comprising either the entire six counties or the part of it east of the Bann is so horrific for the entire island that I think we should, on no account, give any support or engage in any open analysis or discussion on the subject.”

Lean sé air: “…a reasonable degree of progress for the three million people living here is more important, no matter what Northern interests think, than power sharing, if the choice comes to that.” Agus ina dhiaidh sin: “no option other than options involving the continuance of a British presence in Northern Ireland, with direct rule in some form or other, should be discussed or acknowledged in conversations with the SDLP or others.”

Bhí Wilson bocht ag fulaingt leis an ngalar Alzheimer agus bhíodh sé ag ól roimh dhíospóireachtaí móra parlaiminte.

Ach bhí cumhachtaí go léir na príomhaireachta fós aige, agus bhí sé ar tí cogadh cathartha eile a thosú ar an oileán seo againne.

Dia idir sinn agus príomh-airí breoite!

Fág freagra ar 'Dia idir sinn agus Príomh-Airí breoite na Breataine'

  • Eoin O Murchu

    Ait nach luann John Paul gur rialaigh an chúirt uachtarach go raibh riachtanas nó ordaitheach bunreachtúil (constitutional imperative) ar an stát athaontú na tíre a bhrú chun cinn. Sa gcómhthéacs sin nach léir go raibh Nally agus an rialtas, FitzGerald, Lynch is eile, ag sárú an Bhunreachta nuair a d’eagraigh siad cruinnithe ceannairceacha treascacha in eineacht le Jim Callaghan is Peter Jay le stop a chur le plean Wilson. An tréas a bhí ann de réir an Bhunreachta?