Anois is arís, léirítear gné thábhachtach dár stair ar an tsiúlóid Covid-19…

An bhfuilimid fós sa mbliain 2020 báite in eachtraí a tharla beagnach céad bliain ó shin?

Anois is arís, léirítear gné thábhachtach dár stair ar an tsiúlóid Covid-19…

Tá an tír uilig ag siúl na laethanta seo. ‘Siúlóidí an Covid-19’, d’fhéadfá a rá.

Ach d’éireodh duine ar bith tuirseach de na seanaistir chéanna lá i ndiaidh lae.

Bíonn gá le spreagadh éigin.

Anois is arís, léirítear gné dár stair ar an gcosán siúil. Bhíodh leac greamaithe den bhalla idir an Bhóthar Trasna agus Ascaill Bhaile an Bhóthair ar an gCarraig Dhubh. Ba mhinic a thug mé suntas dó agus mé ag siúl an bealach sin mar chuid den ‘timpeall’.

Comóradh a bhí ann ar mharú an Aire Dlí, Cirt agus Gnóthaí Eachtracha, Kevin O’Higgins sa mbliain 1927.

Go minic bhíodh an leac bheag millte agus scriosta ag daoine ar cosúil go raibh an ghráin dhearg acu ar O’Higgins. Faoi dheireadh bhain an Chomhairle Chontae anuas ar fad é.

Cheap mé nach raibh aon chuimhneachán nó rian ar bith fanta den uafás a tharla ansin go dtí cúpla seachtain ó shin. Bhí mé i mbun pinn ag an am ar alt a scríobh mé do Tuairisc.ie faoi rúnaí pharóiste Bhaile an Bhóthair.

Agus mé ag scinneadh trí leabhrán a scríobh an sacraisteoir Paul Lyng, nach bhfaca mé tagairt do ‘chros’ bheag a bhí greanta sa tsuimint ar an gcosán ag láthair an luíocháin.

Is mór an mhaith nach bhfuil an t-uafás le déanamh ach a bheith ag siúl laethanta seo an Covid-19.

Cuidíonn sé leis an taighde.

Inné d’aimsigh mé an chros sin, ar deireadh.

Cros bheag thanaí, tarraingthe le rialóir b’fhéidir, nuair a bhí an tsuimint fliuch, san am a caitheadh. Bhí sé ar an gcoirnéal trasna an bhóthair, ar an mbealach isteach chuig Páirc Sans Souci. Cuimhneachán beag suarach ar cheann de na heachtraí ba stairiúla i ré an Stáit nua, eachtra a chuir imeachtaí sa siúl a d’athraigh an pholaitíocht in Éirinn.

Dé Domhnaigh an 10 Iúil 1927 a bhí ann agus bhí an tAire Kevin O’Higgins tar éis snámha thíos ag an gCarraig Dhubh. Tamaillín ina dhiaidh sin, bhí sé ar a bhealach de shiúl na gcos chuig an Aifreann, i mBaile an Bhóthair.

Cúig bliana tar éis an Chogaidh Chathartha, bhí an chosúlacht ar chúrsaí go raibh an tír ag socrú síos. Agus cé go mbíodh garda in éineacht leis an aire go hiondúil, ní raibh aon gharda leis an mhaidin sin.

Agus í féin ag dul ar an Aifreann níos luaithe, chonaic bean Higgins scata fear ina suí ag an gcoirnéal.

Ach dúradh ina dhiaidh sin gur ordaigh na gunnadóirí leo glanadh amach as an áit.

De réir an chuntais sa leabhrán a scríobh Paul Lyng, chonaic O’Higgins na fir ghunna agus rith sé trasna an bhóthair go dtí geata an tí mhóir, Sans Souci.

Ba ansin a thit sé nuair a bhuail an cith piléar é.

Níor bhásaigh sé ar an toirt, áfach, agus dúradh gur thug sé maithiúnas do na gunnadóirí, agus a phaidrín ina lámha aige.

Bhailigh cúpla duine timpeall, máthair Paul Lyng, an té a scríobh an leabhrán, ina measc.

Bhí Eoin Mac Néill ann freisin.

Dhiúltaigh O’Higgins dul go dtí an t-ospidéal agus d’iarr orthu é a thabhairt ag a theach (Dunamase) a bhí gar don láthair ar an mBóthar Trasna.

Ag a cúig a chlog an tráthnóna sin, bhásaigh sé.

Bhí beirt iníonacha aige – Maeve a chuaigh isteach sna mná rialta in ord na gCairmeileach, agus Úna.

Bhí Úna Higgins-O’Malley an-ghníomhach in eagraíochtaí síochána ar feadh a saoil.

D’eagraigh sí Aifreann cuimhneacháin i 1987 (60 bliain i ndiaidh an luíocháin) agus faoin am sin, bhí a fhios cérbh iad na gunnadóirí.

Cuireadh an tAifreann sin le hanamacha ceathrar fear: Kevin O’Higgins, Tim Coughlan, Archie Doyle agus Bill Gannon.

Bliain amháin a bhí páirtí Fhianna Fáil ar an bhfód sa mbliain 1927. Bhí 44 Teachta Dála acu ach ní ghlacfaidís a gcuid suíochán mar gheall ar an Mionn Dílseachta do Rí Shasana.

Bhí Cumann na nGaedheal i gcumhacht agus 47 Teachta Dála acu agus WT Cosgrave i gceannas.

Bhain marú Kevin O’Higgins, Aire sinsearach de chuid an Rialtais, creathadh as chuile dhuine. Chinn Cosgrave ar thoghchán a ghairm – toghchán a leagfadh béim ar an daonlathas agus ar struchtúir an Stáit.

Ach tugadh isteach riail nua – chaithfeadh iarrthóirí a bheadh ag seasamh don Dáil geallúint a thabhairt go dtógfaidís a gcuid suíochán. D’fhág sin go gcaithfidís an mhóid a ghlacadh (nó a shíneadh i leabhar na Dála).

Anois, bhí cinneadh tromchúiseach le déanamh ag de Valera agus ag Fianna Fáil.

Tháinig de Valera aníos le réiteach – ní raibh sa Mhionn Dílseachta ach ‘foirmle fholamh’ –a thógfadh Fianna Fáil a gcuid suíochán Dála. Cinneadh tábhachtach, cinneadh fadbhreathnaitheach.

Ach níor réitigh sé scoilteanna an Chogaidh Chathartha.

Dúradh gur maraíodh Kevin O’Higgins mar gheall ar na príosúnaigh phoblachtacha a chuir an Stát chun báis le linn an chogaidh sin.

Mar Aire Dlí agus Cirt, rinne Kevin O’Higgins cinntí tromchúiseacha freisin.

Ar dhuine acu siúd a daoradh chun báis, bhí Rory O’Connor a sheas le O’Higgins ag a phósadh i 1921.

I bpictiúr a tógadh lá an phósta, tá Dev ina sheasamh in éindí leo.

Mhair an nimh a bhain leis an gCogadh Cathartha ar feadh i bhfad.

Fiú amháin, ar an mBóthar Trasna, bóthar deas ciúin atá lán le tithe galánta a tógadh sa tseanaimsir, níorbh fhéidir é a ligean i ndearmad. Tá leac bheag Kevin O’Higgins imithe ón gcrosbhóthar.

Tá a theach ‘Dunamase’ fós ansin.

Ar nós na seantithe galánta ar fad, is taobh thiar de bhalla ard cosanta atá sé anois – tá comharthaí láidre thart anseo go bhfuil rachmas sa tír arís. Cúpla teach ó dheas uaidh tá teach mór eile – Bellevue. Bhí an teach chomh mór sin go raibh úinéirí an tí in ann é a roinnt ina thrí cuid roinnt blianta ó shin – agus fós féin is tithe galánta gach cuid de.

Sa mbliain 1933, chuaigh Éamon de Valera agus a chlann chun cónaithe i ‘Bellevue’. Tá leac ar bhalla an tí sin – i gcuimhne ar Dev agus ar Bhunreacht na hÉireann a dréachtaíodh ar dtús ansin sa mbliain 1937.

Is í an cheist anois – an bhfuil muid in ann féachaint ar stair fhuilteach ár dtíre agus gach rud a tharla a aithint, agus dul ar aghaidh le rialtas nua, rialtas atá ag teastáil go géar san am i láthair? Nó an bhfuilimid fós sa mbliain 2020 báite in eachtraí a tharla beagnach céad bliain ó shin, sna fichidí sa chéad seo caite?

Fág freagra ar 'Anois is arís, léirítear gné thábhachtach dár stair ar an tsiúlóid Covid-19…'