Síneadh ama le cur le srianta roimh ‘an deireadh seachtaine is cinniúnaí’

Tá sé i gceist síneadh ama a chur leis na srianta a tugadh isteach chun dul i ngleic leis an gcoróinvíreas agus léargas a thabhairt do mhuintir na hÉireann faoi cad atá i ndán dóibh

Síneadh ama le cur le srianta roimh ‘an deireadh seachtaine is cinniúnaí’

Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Fógrófar tráthnóna síneadh ama leis na srianta a tugadh isteach chun dul i ngleic leis an gcoróinvíreas agus tabharfar léargas chomh maith do mhuintir na hÉireann faoi céard a d’fhéadfadh tarlú má bhíonn rath ar an gcéad tréimhse dianghlasála eile.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris gur dóigh go bhfógrófar inniu síneadh ama “roinnt seachtainí eile” leis na srianta a tugadh isteach chun dul i ngleic leis an gcoróinvíreas.

Meastar go bhféadfadh na srianta a tugadh isteach chun scaipeadh an ghalair mharfaigh a choinneáil faoi chois a bheith i bhfeidhm go dtí tús mhí na Bealtaine.

Dúirt an tAire agus agus Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, go gcuirfí eolas nua ar fáil inniu chomh maith faoi cén plean atá ann maidir le deireadh a chur de réir a chéile leis na srianta sa chás go mbíonn rath orthu.

Dúirt Comhcheannaire na nDaonlathaithe Sóisialta Catherine Murphy dá mbeadh “trédhearcacht níos mó” ag baint le bearta an Rialtais chun dul i ngleic leis an Covid-19, go mbeadh “iontaoibh níos fearr ag an bpobal as an bpróiseas”. 

Dúirt sí gur léir di go bhfuil “níos mó imní” ar an bpobal faoi conas a éireoidh linn “an gnáthshaol” a chur ar a chosa arís. 

Dúirt sí go mbeadh bainistiú go leor ag teastáil chun an chéad chéim eile den phróiseas a chur i gcrích agus go raibh sé riachtanach go “gcuirfí an pobal ar an eolas faoi sin”.

Tá ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin ag iarraidh chomh maith go gcuirfí tuilleadh eolais ar fáil don phobal faoi straitéis éalaithe an Rialtais agus na n-údarás sláinte.

Micheál Martin Pictiúr:Rollingnews.ie

Is é an moladh atá ag formhór na saineolaithe ná go mbeadh clár olltástála don ghalar agus don imdhíonacht, dianchuardach teagmhálaithe agus an leithlisiú mar chuid d’aon straitéis éalaithe.

Níl aon phlean fógartha ag aon tír ollchruinnithe daoine, amhail ceolchoirmeacha agus ócáidí móra spóirt, a cheadú athuair as seo go ceann cúpla mí agus tá an-amhras freisin faoina bhfuil i ndán an samhradh seo do chúrsaí taistil agus turasóireachta. 

345 duine le Covid-19 atá básaithe in Éirinn faoin tráth seo, 263 duine ó dheas den teorainn agus 82 duine ó thuaidh di.

Eisíodh na figiúirí is déanaí tráth a bhfuil sé ina imní go mbeidh daoine ag sárú na srianta taistil agus eile le linn deireadh seachtaine fada na Cásca.

Beidh súil ghéar á coinneáil ag na Gardaí agus an PSNI ar dhaoine a bheidh ag taisteal thar teorainn le linn an deireadh seachtaine. Tá na húdaráis sa dá dhlínse ag impí ar dhaoine fanacht ag baile agus cloí leis na srianta atá tugtha isteach chun dul i ngleic leis an gcoróinvíreas.

Beidh Operation Fanacht á chur i bhfeidhm ar na bóithre agus in áiteanna eile ag an nGarda Síochána le cinntiú go gcloífear leis na rialacha.

Dúirt an tOllamh Paddy Mallon, saineolaí ar ghalair thógálacha, go raibh sé “áiféiseach ar fad ar fad” go mbeadh aon duine fiú amháin ag smaoineamh ar dhul go dtí teach saoire an deireadh seachtaine seo. 

Dúirt an tOllamh Mallon, atá ag obair in Ospidéal Naomh Uinseann i mBaile Átha Cliath, go raibh muid ag am fíorthábhachtach ó thaobh an ghalair Covid-19 faoi láthair agus gurb é seo “an deireadh seachtaine is cinniúnaí” sa bhfeachtas in aghaidh an ghalair.

“Fan ag baile, cloí leis an scoitheadh fisiciúil, nigh do lámha, agus tabhair aire dá chéile,” a dúirt Dr Tony Holohan.

Tugadh a thuilleadh fianaise ag seisiún faisnéise na Roinne Sláinte tráthnóna inné faoi conas mar atá ag éirí leis na beartais amhail an scoitheadh sóisialta agus bhí údar dóchais san eolas nua.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, cathaoirleach an ghrúpa a dhéanann réamh-mheastacháin faoin eipidéim do shaineolaithe na Roinne Sláinte, go raibh lorg “an-mhór go deo” á fhágáil ag an scoitheadh sóisialta ar ráta fáis an ghalair, a bhí tite go 9% le cúig lá anuas, i gcomparáid le 30% ag tús na ráige.

Ar an 16 Márta tholgadh 4.3 duine eile an galar ó othar amháin ar an meán agus faoi dheireadh na míosa seo caite ní raibh i gceist ach 2.5 duine eile d’othar amháin.

Is ar éigean go bhféadfadh an galar maireachtáil sa phobal dá dtitfeadh an líon daoine eile a ndéanann othar le Covid-19 ionfhabhtú orthu faoi bhun 1, ach fad is go bhfanann sé fiú oiread na fríde os cionn 1 leanfaidh líon na gcásanna nua ag fás “go mall ach go seasta”.

“Táimid ag pointe an-leochaileach agus an-tábhachtach san iarracht dul i ngleic leis an bpaindéim seo,” arsa Philip Nolan.

Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson atá aistrithe ó aonad dianchúraim go dtí gnáthbharda

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris gur dóigh go mbeidh an víreas ann ar feadh tamall fada agus go mbeadh ar dhaoine dul i dtaithí air, a saol a chaitheamh agus déileáil leis.

Ní dóigh leis go dtiocfaidh an lá a mbeidh an galar imithe as an tír ar fad mar a bheadh “draíocht” ann.

“Chun a bheith macánta le daoine faoi agus gan aon fhiacail a chur ann, ní bheifear ag cur deireadh leis na srianta atá curtha i bhfeidhm againn. Beidh orainn coinneáil orainn,” arsa Harris.

Dúirt an tAire go rabhthas ag súil léargas a thabhairt do dhaoine inniu ar cad a bhí i ndán dóibh.

“An rud atá súil againn a dhéanamh ná a thaispeáint do dhaoine cén cineál aistir atá rompu. Má choinníonn muid orainn leis seo ar feadh roinnt seachtainí eile, cá bhfágfaidh sé sin muid, cén chuma a bheidh ar chúrsaí má tá ag éirí linn?”.

Tá 28 duine eile básaithe ó dheas de bharr na paindéime Covid-19, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte

500 cás nua den choróinvíreas a dheimhnigh an Roinn Sláinte tráthnóna inné, i gcomparáid le 365 cás Dé Céadaoin.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte an Dr Tony Holohan tráthnóna gur ardú ar líon na dtástálacha atá á ndéanamh ba mhó ba chúis leis an ardú.

8,051 cás atá in Éirinn, 6,574 ó dheas agus 1,477 cás ó thuaidh.

Idir an dá linn, dúradh i ráiteas ó Shráid Downing tráthnóna go raibh Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson bogtha amach as an aonad dianchúraim agus curtha ar ais i ngnáthbharda. Chaith Johnson, a bhfuil an coróinvíreas air, trí oíche in aonad dianhcúraim in Ospidéal St Thomas’ i Londain, mar a raibh sé curtha ar ocsaigin, ach tuairiscítear go bhfuil biseach an-mhór tagtha air.

Tuairiscíodh chomh maith aréir gur aontaigh airí airgidis an Aontais Eorpaigh ciste éigeandála €500 billiún chun dul i ngleic leis an bpaindéim i dtíortha an aontais.

Fág freagra ar 'Síneadh ama le cur le srianta roimh ‘an deireadh seachtaine is cinniúnaí’'

  • Aine ni Fhiannusa

    Tá sé deacair teacht i dtaithî ar na srianta agus anois tuille ama ag cocoonáil. Beidh tigh glan agat, gáirdín galánta agus beidh an madra traochta taréis an méid san siúlóidí atá á fháilt aige. Beannachtaí na Cásc ar cách.