‘Spraoi agus ruainne gáire’ ar chlár oibre an lae inniu sa Scoil sa mBaile
Moltaí á lorg maidir le himeacht spraíúil sa lá a bhféadfadh páistí an Bhreathnaigh tabhairt faoi
‘Ag tráthanna mar seo a léirítear spiorad dochloíte na Gaeltachta’, a deir bord Údarás na Gaeltachta
Ar líne a reáchtáladh an cruinniú boird is déanaí a bhí ag Údarás na Gaeltachta, an chéad uair ar tharla a leithéid riamh.
I ráiteas a chuir an Bord amach i ndiaidh an chruinniithe dúradh gur maith a thuigeann siad “an brú ollmhór atá ar an nGaeltacht i láthair na huaire agus na híobairtí pearsanta atá á ndéanamh ag pobail Ghaeltachta fud fad na tíre”.
Dúradh go bhfuil an Bord agus feidhmeannas na heagraíochta fiontraíochta agus pleanála teanga meáite ar gach tacaíocht is féidir a thabhairt do lucht gnó agus pobal na Gaeltachta le linn na géarchéime.
“Is ag tráthanna mar seo a léirítear spiorad dochloíte na Gaeltachta, nuálaíocht dhochreidte a comhlachtaí, bíodh siad mór nó beag, agus luach dosháraithe a pobail,” a dúradh sa ráiteas ón mbord.
Dúradh go mbeadh tionchar mór ag an ráig Covid-19 “ar chuile chuid de shaol na Gaeltachta agus na tíre ach ar scáth a chéile, tiocfaidh muid as, agus déanfaidh Údarás na Gaeltachta a dhícheall an tionchar seo a mhaolú chomh maith agus is féidir”.
Moladh muintir na Gaeltachta as a bheith ag tacú le chéile in am an ghátair agus as an “spiorad pobail” atá léirithe acu.
Moladh comhlachtaí na Gaeltachta as a n-iarrachtaí siúd chomh maith.
“Is ag tréimhsí mar seo agus lagtrá eacnamaíochta ar na bacáin a thagann smaointe nuálacha chun cinn freisin agus is léir sin anois in am na cinniúna.
“Tá scoth na gcomhlachtaí Gaeltachta atá fós ag feidhmiú i gcroílár na héigeandála ag soláthar feistis, fearais, seirbhísí agus ábhair don earnáil leighis ní hamháin in Éirinn ach ar fud an domhain. Tá comhlachtaí Gaeltachta eile ag déanamh athearraíochta ar a gcuid táirgí ar mhaithe leis an bpobal agus an tseirbhís sláinte ag soláthar díghalrán láimhe, fearais innealtóireachta agus éadach mar shampla.
“Tá scoth na dtáirgí Gaeltachta fós riachtanach i slabhraí soláthair an domhain agus idir chomhlachtaí móra agus beaga ag sracadh leo ag trádáil ar líne agus ár dtacaíocht tuillte acu.”
Thréaslaigh Bord Údarás na Gaeltachta “a sár-iarracht” le pobal, eagrais agus gnóthaí uile na Gaeltachta “atá ar a míle dícheall ag féachaint le tionchar na géarchéime seo, nach raibh súil ar bith léi, a mhaolú chomh maith agus is féidir”.
“Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine. Is mór is fiú na híobairtí seo anois sa gcaoi is go mbeidh muid ar fad i dteannta a chéile arís,” a dúradh i ráiteas ón mBord.
Dúradh gur as “gníomh réabhlóideach pobail” a d’eascair Údarás na Gaeltachta os cionn ceathracha bliain ó shin agus go dteastódh a mhacasamhail de ghníomhartha spreagúla pobail agus Stáit nuair atá an ghéarchéim seo curtha dínn againn”.
“Is as lámh a chéile a dhéanfar an Ghaeltacht a chur ar ais ar a cosa arís chun gur féidir ‘dúiseacht le dúthracht ag breacadh an lae’ úir a thiocfaidh go cinnte.”
Píosa spraoi ag mná Naomh Anna sa mbaile
Ní raibh mná Naomh Anna, Leitir Móir in ann dul ag traenáil ná aon chluichí a imirt le roinnt seachtainí anuas agus iad sáinnithe sa mbaile ach is léir gur éirigh leo spraoi a bheith acu fós mar sin féin.
I bhfíseán a chuir an cumann amach ar na meáin shóisialta, tá scata imreoirí le feiceáil ag ciceáil páipéar leithris ó dhuine go duine go dtí go mbáitear i gcúl na heangaí é.
Má choinnítear leis an gcleachtadh, beidh siad in airde láin faoin am go dtiocfaidh Comórtas Peile na Gaeltachta chomh fada le Páirc an Mháimín in 2021!
B’fhéidir go bhfuil an tír faoi ordú dianghlasála de bharr #COVIDー19 agus go bhfuil stop curtha le cluichí @LadiesFootball @GalwayLgfa ach tá Mná @NaomhAnna ag teacht aníos lena bealaí féin leis an tsúil a choinneáil ar an liathróid nó sa chás seo páipéar leithris #glandothóin pic.twitter.com/LO8xT9D7go
— CP Naomh Anna (@NaomhAnna) April 2, 2020
Fág freagra ar 'AR SCÁTH A CHÉILE: Suígí síos agus éistigí le Sadhbh Devlin agus a leabhar á léamh aici ar Scéal an Lae'