Súil le líon na dtástálacha a dhúbailt agus 221 duine le Covid-19 básaithe

Beidh líon na dtástálacha ag brath, áfach, ar theacht a bheith ag na saotharlanna ar a dhóthain den imoibrí atá riachtanach chun na samplaí a thástáil.

Súil le líon na dtástálacha a dhúbailt agus 221 duine le Covid-19 básaithe

Tá súil ag an HSE go mbeidh 4,500 tástáil sa lá á ndéanamh do Covid-19 an tseachtain seo, tráth a bhfuil os cionn 6,000 cás de Covid-19 deimhnithe in Éirinn, thuaidh agus theas.

Beidh líon na dtástálacha ag brath, áfach, ar theacht a bheith ag na saotharlanna ar a dhóthain den imoibrí atá riachtanach chun na samplaí a thástáil.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte Tony Holohan aréir gur oibrigh muintir na hÉireann go crua lena chéile le seachtain anuas “trí fanacht ag baile chun an cuar a chothromú”.

Ach tá sé ina imní le tamall nach bhfuil dóthain tástála á déanamh don ghalar agus go bhfuil cuid mhór daoine ag fanacht le tástálacha agus le torthaí.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris ar an 19 Márta gur mheas sé go mbeifí tosaithe ar 15,000 tástáil a dhéanamh in aghaidh an lae roinnt laethanta ina dhiaidh sin.

Is amhlaidh go bhfuil 2,000-2,500 tástáil sa lá á ndéanamh le cúpla lá anuas ach thit an figiúir sin go dtí 1,500 an tseachtain seo caite, tráth ar dúnadh roinnt ionad toisc gan dóthain ábhar tástála a bheith ar fáil.

Dúirt príomh-oifigeach oibríochtaí an HSE Áine O’Connor inné gur 37,000 tástáil ar fad a bhí curtha ar dhaoine anois. 30,213 an figiúr a tugadh Dé Máirt seo caite.

Thug O’Connor le fios gur 142 othar le Covid-19 a bhí in aonaid dianchúraim an stáit agus go raibh 794 duine eile sna hospidéil géarmhíochaine.

Fógraíodh aréir go raibh 21 duine eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe ó dheas.

221 duine atá básaithe in Éirinn ó thosaigh an ráig, 158 ó dheas agus 63 ó thuaidh.

6,083 cás atá deimhnithe den choróinvíreas faoin tráth seo, 4,994 ó dheas agus 1,089 ó thuaidh.

390 cás nua a deimhníodh ó dheas inné agus 91 cás nua a deimhníodh ó thuaidh.

Maidir leis an 21 bás eile a d’fhógair an Roinn Sláinte aréir, naonúr bean agus dháréag fear a bhí i gceist. San oirthear a bhí seachtar déag de na daoine a bhásaigh, bhí beirt in iarthar na tíre i ndeisceart na tíre a bhí an bheirt eile. 81 an mheánaois a bhí acu agus bhí fadhbanna sláinte eile ag cúigear déag acu.

Deimhníodh inné chomh maith go raibh seachtar eile básaithe sa Tuaisceart.

8,486 duine a tástáladh go n-uige seo ó thuaidh.

De réir an eolais is déanaí ó dheas, eolas a bhain leis an 4,443 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé hAoine seo caite:

  • Fir a bhí i gceist le 47% de na cásanna agus mná iad 53%
  • 236 braisle cásanna a bhí i gceist ar bhain 903 cás leo san iomlán
  • An aois ar an meán a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 1,203 duine, 27%
  • As na daoine sin, cuireadh 165 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 1,163  cás, nó 26%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 2,490 cás, nó 56%, agus bhí Corcaigh sa dara háit, le 343 cás, nó 8%
  • 108 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (2.4%), 85 a bhí i gcontae Chiarraí (1.9%), 81 cás a bhí i nDún na nGall (1.8%), 78 cás a bhí i Maigh Eo (1.8%), 46 cás a bhí i bPort Láirge (1%) agus 106 cás a bhí i gcontae na Mí (2.4%)
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 63% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 24% agus taisteal thar lear ba chúis le 13%

Thug príomhfheidhmeannach an HSE Paul Reid le fios inné go raibh scagadh á dhéanamh sa Ghearmáin gach lá ar 2,000 tástáil atá a ndéanamh in Éirinn.

Theastódh socruithe dá leithéid, a dúirt sé, nó go mbeadh dóthain den imoibrí, a bhfuil ganntanas de ar fud an domhain, ar fáil.

Maidir leis an scéala go raibh cuid den trealamh cosanta pearsanta a tháinig anseo ón tSín lochtach nó gan mhaith, dúirt Reid nach bhféadfaí 20% den lastas a úsáid ar chor ar bith.

Dúirt Reid go raibh 25 aerálaí nua tagtha agus curtha go dtí Ospidéal San Séamas agus Ospidéal an Mater agus go mbeadh 225 aerálaí eile ag teacht an tseachtain seo chugainn. Bheadh 1,300 aerálaí faighte faoi lár mhí Aibreáin, a dúirt Príomhfheidhmeannach an HSE. Ba é an dúshlán ba mhó a bhain leis an ngéarchéim ná a chinntiú go mbeadh dóthain áiteanna sna haonaid dianchúraim, a dúirt sé.

Thuairiscigh an Irish Times tráthnóna go raibh an Taoiseach Leo Varadkar cláraithe mar dhochtúir arís agus go bhfuil sé i gceist aige seal amháin a chur isteach in aghaidh na seachtaine le linn na géarchéime.

 

Fág freagra ar 'Súil le líon na dtástálacha a dhúbailt agus 221 duine le Covid-19 básaithe'