Litir ó Londain: Is cumannaigh na Caomhaigh ar cuma leo faoi Cummings

Ar Dhroichead Londan a chrochfaí faoi láthair aon pholaiteoir a dhéanfadh aon chaint ar institiúidí ársa na Breataine a athrú as cuimse

Litir ó Londain: Is cumannaigh na Caomhaigh ar cuma leo faoi Cummings

Cén meon aigne atá á léiriú ag pobal Londan fé láthair? Tá an aicíd nó plá tagtha aniar aduaidh orainn gan choinne, agus tá súil againne atá fágtha go gcabhróidh an aicíd linn sochaí níos fearr a chruthú ar deireadh thiar thall.

Is féidir athruithe suntasacha polaitiúla a fheiscint cheana féin.

Níl suim dá laghad a thuilleadh ag daoine i dtuairimí aite Dominic Cummings, príomhchomhairleoir an Phríomh-Aire, Boris Johnson, atá tinn é féin.

De réir a chuid scríbhinní féin ar an idirlíon, ba bhreá le Cummings institiúidí ársa na Breataine a athrú as cuimse, nó iad a lot ar fad, más gá. Ar Dhroichead Londan a chrochfaí faoi láthair aon pholaiteoir a dhéanfadh aon chaint dá leithéid.

Ní gá aon athrú bunúsach a dhéanamh ar an NHS, seachas a thuilleadh airgid agus acmhainní a chur ar fáil dó. Maoiniú seachas athchóiriú a theastaíonn go práinneach!

Tuigtear go forleathan gurb é an stát féin, Leviathan ann féin fiú, a chuirfidh deireadh leis an aicíd seo, más féidir.

Agus más ea, b’éigean do Boris Johnson pá na mílte duine san earnáil phoiblí agus phríobháideach a íoc ar eagla go rachadh an tsochaí ar fad go tóin poill.

Is cumannaigh na Caomhaigh go léir fé láthair, agus is cuma leo faoi Cummings, an fear a mhaígh ar líne, “We will soon be able to remake human nature itself”.

Ach mura mbeidh an rialtas in ann sláinte na ndaoine a chosaint, ní bheidh aon duine fágtha do thugnaimh agus cluichí Cummings. Cloistear macallaí an Blitz ar an raidió go minic fé láthair, ach go háirithe caint Churchill agus Orwell mar gheall ar an bhféin-íobairt agus an comhoibriú.

Ach ní foláir dúinn dul i dtuilleamaí an Mheiriceánaigh Tony Kushner chun meon aigne Londan a thuiscint i gceart. Sa dráma breá dá chuid, Angels in America, a insíonn scéal bhás Roy Cohn, iardhlíodóir Donald Trump, buailimid le baintreach ar eitleán istoíche agus aghaidh á tabhairt aici ar San Francisco. Chaill sí a fear céile agus tá sí ag éalú óna cuid cuimhní brónacha.

Titeann sí ina codladh ar an eitleán, agus bíonn brionglóid aici.

Ní stopann an t-eitleán go dtí go mbaineann sé an ciseal ózóin amach os cionn na cruinne. Sa bhrionglóid chéanna, is féidir léi féachaint síos ar an ózón, agus ní maith léi an rud atá os a comhair a súl amach. Tá poill uafásacha i lár an ózóin bhoicht, agus cuireann sé sin eagla ar an mbaintreach.

Ach, go tobann, is léir di go bhfuil rud éigin eile, rud éigin níos suntasaí ag tarlú freisin.

Seo mar a mhínigh sí an scéal:

Souls were rising from the earth far below, souls of the dead, of people who had perished, from famine, from war, from the plague, and they floated up, like skydivers in reverse, limbs all akimbo, wheeling and spinning. And the souls of these departed joined hands, clasped ankles, and formed a web, a great net of souls, and the souls were three-atom oxygen molecules, of the stuff of ozone, and the outer rim absorbed them, and was repaired. 

Sa bhrionglóid, líon anamacha na marbh na poill.

An líonfar na poill shóisialta freisin sa Bhreatain tar éis na héigeandála seo?

Sin an cheist is tábhachtaí dúinne.

Fág freagra ar 'Litir ó Londain: Is cumannaigh na Caomhaigh ar cuma leo faoi Cummings'