LÉAMHTHUISCINT: Tá Covid-19 ar mo pháiste

Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Tá Covid-19 ar mo pháiste

https://tuairisc.ie/wp-admin/post.php?post=165835&action=edit

Tá Covid-19 ar mo pháiste

1. Ní raibh aon siomptóim le haithint air agus de réir na dtuairiscí go léir ní chuireann an víreas isteach rómhór ar leanaí agus ní chuireann sé isteach ar chor ar bith orthu den chuid is mó.

Ach ní haon iontas mar sin féin go raibh imní orm faoi mo mhac deich mí d’aois nuair a fuaireamar amach go raibh an galar tolgtha ag duine de na daoine a raibh m’fhear céile ag taisteal thar lear leo. Bhí mé ag iarraidh mo leanbh a chosaint, mar a bheadh aon mháthair.

Ach bhí imní an-mhór orm faoi mo mháthair féin nuair a chuala mé an scéal. Bhí mé féin agus mo mhac ina comhluadar sula bhfuaireamar an scéal agus sin an imní is mó a bhí orm agus an imní is mó atá orm – go bhféadfadh go raibh an víreas ormsa agus ar mo mhac i ngan fhios dom féin agus go bhféadfadh sé a bheith tolgtha ag mo mháthair uainn. Ach sin naoi lá ó shin anois agus níl aon siomptóim uirthi.

Faoin am go bhfuaireamar amach cúpla lá ina dhiaidh sin go raibh sé ar m’fhear céile, bhí tuairim mhaith againn go mbeadh sé ormsa agus ar ár mac freisin.

2. Sular cuireadh tástáil orm féin agus ar an leanbh Dé Sathairn seo caite, thuig mé gur baol an-íseal a bhíonn ann i gcás leanaí nó go mbíonn siad gan aon siomptóim orthu i gcuid mhaith cásanna. Bhí mé buartha cinnte, ach bhí sé breá sláintiúil agus tá sé breá sláintiúil i gcónaí.

Léigh mé na cáipéisí eolais a fuair m’fhear chéile ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nuair a fuaireamar amach go raibh an víreas air siúd agus léigh mé aon eolas a bhí ar fáil ar shuíomh idirlín an HSE.

Seachas sin, fuair mé mo chuid eolais den chuid is mó ón nuacht. Bhraith mé go raibh cuid dá raibh á léamh agus á chloisteáil agam doiléir agus go raibh cuid de na píosaí eolais ag teacht salach ar a chéile, go háirithe an t-eolas faoi leanaí agus an t-eolas faoi cé chomh fada is ceart fanacht glan ar dhaoine eile. Den chuid is mó, áfach, bhí an t-eolas beacht agus bhí sé éasca teacht air.

3. Don tástáil féin bhí orm dul le mo mhac go dtí scoil náisiúnta atá gar dúinn. D’fhanamar sa charrchlós nó go raibh an fear na tástála agus éide chosanta á caitheamh aige réidh dúinn. Ní raibh mo leanbh ar liosta na ndaoine a raibh tástáil le déanamh orthu mar nach raibh aon siomptóim air, ach dúirt mé leo nach sásódh aon rud mé ach tástáil a fháil dó sin chomh maith.

Dúirt siad ansin go ndéanfaí tástáil air ach go mbeadh fanacht uair an chloig orainn agus gur chóir dom tiomáint timpeall leis an leanbh. Ní fhéadfaí eisceacht a dhéanamh don leanbh agus sinn a thástáil níos luaithe. Ach toisc go raibh cónaí orainn deich nóiméad ón áit, dúirt an fear go bhféadfaimis dul abhaile agus go nglaofadh sé orm nuair nach mbeadh moill chomh mór sin ar chúrsaí. Rinne sé socrú speisialta dúinn agus bhí mé an-bhuíoch de as a chineáltas.

Thángamar ar ais uair go leith ina dhiaidh sin. Chuir an fear céanna masc orm agus tugadh sinn isteach go dtí seomra ina raibh bean a bhí gléasta in éide chosanta. Lorg sí sonraí ár gcás agus thóg sí teocht na beirte againn. Ní raibh teocht ard ormsa ná ar an leanbh.

D’fhreagair an bhean, a bhí an-deas, aon cheisteanna a bhí agam agus dúirt mé léi go raibh imní orm faoi mo mháthair féin mar gur thugamar cuairt uirthi. Dúirt sí liom fios a chur ar an dochtúir teaghlaigh sa chás go dtiocfadh aon siomptóim ar mo mháthair.

Bhí gach duine a labhair liom agus a raibh plé agam leo an-lách agus cabhrach.

4. Dhá mhaipín a bhí i gceist leis an tástáil – ceann chun sampla scornaí a fháil agus ceann a cuireadh sa tsrón. Ní gá a rá go raibh sé seo an-mhíchompordach don leanbh agus ní nach ionadh bhain dua le samplaí mar sin a fháil ó leanbh deich mí! Nuair a bhí ár gcúram déanta againn, bhain mé díom an masc, chuir mé sa bhosca bruscair é agus amach linn ansin trí dhoras ar thaobh na scoile a thug díreach amach sa chlós sin.

Beidh coicís amárach ann ó tháinig m’fhear céile abhaile. Fuair sé amach Dé hAoine seo caite go raibh an coróinvíreas air. Fuaireamar an scéal Dé Luain go raibh an víreas ormsa agus ar ár mac. Níl aon siomptóim ar ár mac; ní raibh mórán ormsa ná ar m’fhear céile seachas casacht agus tinneas cinn.

Déanann an leanbh corrshraoth ó am go chéile ach ní haon rud nua é sin agus ní dóigh liom go bhfuil aon bhaint aige le Covid-19. Beimid tamall eile sula mbeidh an tréimhse coraintín thart. Ní dócha go mbeidh na hacmhainní ann atástáil a dhéanamh chun go mbeadh a fhios againn go hoifigiúil go bhfuil an víreas imithe ach ar a laghad beidh a fhios again go raibh sé orainn cheana féin.

5. Tá an rud ar fad osréalach. Ba é an rud ba dheacra ná na laethanta go raibh orainn fanacht glan ar m’fhear céile agus an triúr againn sáinnithe sa teach céanna. Bhain sé siar asam nuair a chonaic mé na ceannlínte sna nuachtáin faoin ngalar a bheith tolgtha ag aon pháiste beag amháin sa tír agus bhaineamar gáire beag as cuid de na scéalta ba thablóidí.

Ar ámharaí an tsaoil, tá mo bhuachaillín beag breá folláin agus gan aon cheann de chomharthaí an ghalair air. Mar sin níor chuir na ceannlínte isteach ná amach orm, ach a mhalairt a bheadh ann, is dócha, dá mba rud é go raibh sé tinn.

Ach oiread le gach duine is fada liom an lá go mbeidh an saol ina cheart arís, pé uair é sin.

Braithim uaim mo mhuintir, go háirithe mo mháthair.     

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

  1. Céard a spreag imní an teaghlaigh seo ar dtús? Conas a tháinig an víreas chun an tí chucu? (alt 1)
  2. Cén fáth a raibh an-imní ar an údar faoina máthair? (alt 1)
  3. Cá bhfuair sí eolas faoin ngalar agus céard a cheap sí faoin eolas sin? (alt 2)
  4. Bhí an mháthair an-bhuíoch don oibrí leighis san ionad tástála. Cén gar a rinne sé di? (alt 3)
  5. Luann sí an réamhchúram a bhí déanta ag an lucht leighis sa scoil. An bhféadfá péire acu a mhíniú? (alt 3)
  6. Conas a dhéantar tástáil do Covid-19? (alt  4)
  7. Céard iad na rudaí a bhí le déanamh ag an teaghlach seo toisc an galar a bheith tolgtha acu? (alt 5)
  8. Céard atá le rá aici faoi na nuachtáin? (alt 5)
  9. ‘Ar ámharaí an tsaoil’ ní raibh an scéal ródhona ag an teaghlach seo. Mínigh é sin. (alt 5)
  10. Is fada leis an mbean seo go mbeidh an ráig seo den ghalar imithe. Cad atá ag cur as di? (alt 5)

Gníomhaíocht 2 – Nathanna Cainte a chur in abairtí de do chuid féin:

Ní haon iontas, thar lear, bhí mé buartha, den chuid is mó, ag teacht salach ar a chéile, ó am go chéile, ar a laghad ar bith, is fada liom an lá.

Gníomhaíocht 3 – Cúinne na Gramadaí:

  1. Aimsigh sárchéim aidiachta in alt 1.
  2. Aimsigh aidiacht bhriathartha in alt 1.
  3. Aimsigh briathar san aimsir chaite sa chéad phearsa uimhir iolra in alt 3.
  4. Aimsigh comhfhocal in alt 4.
  5. Sracfhéachaint ar an Tuiseal Ginideach:
  • Ní raibh comharthaí sóirt (an coróinvíreas) ar an bpáiste beag.
  • Bhí foireann (an tástáil) an-lách.
  • Bhí tuismitheoirí (an leanbh) an-imníoch faoin ngalar.
  • Bhí an bheirt acu i gcomhluadar (a máthair) roimhe sin.
  • Léigh siad bileoga eolais (an tseirbhís sláinte).

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Tá Covid-19 ar mo pháiste'