AR SCÁTH A CHÉILE: Dúshlán eile tugtha ag Ciarán Kilkenny d’iománaithe óga

Ar Scáth A Chéile – Colún nua do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le heolas, nuacht agus tuairimíocht faoin saol aimsir ghéarchéim an choróinvíris. Seolaigí bhur scéalta chuig nuacht@tuairisc.ie…

[live id=”61f2c9″ datetime=”2020-04-03T18:03:06+00:00″]

Dúshlán eile tugtha ag Ciarán Kilkenny d’iománaithe óga

[/live]

[live id=”be2c46″ datetime=”2020-04-03T14:28:21+00:00″]

Deireadh curtha ag Randox le díol tástálacha don ghalar Covid-19 ar an margadh príobháideach

[/live]

[live id=”7ae41a” datetime=”2020-04-03T13:56:21+00:00″]

Maisiúcháin na Cásca á ndéanamh sa Scoil sa mBaile inniu

Réaltaí órga do chách agus coicís caite ag leanaí Bhridget Bhreathnach sa Scoil sa mBaile.

[live id=”f42fa6″ datetime=”2020-04-03T13:56:21+00:00″]

[live id=”b46995″ datetime=”2020-04-03T13:16:44+00:00″]

Comórtas beo ‘Tráth na gCeist’ á reáchtáil ar líne gach Domhnach

Beidh comórtas beo ‘Tráth na gCeist’ do theaghlaigh le Gaeilge á chraoladh ar leathanach Facebook Ghlór na nGael gach Domhnach.

Comórtas idirghníomhach atá ann a bheas á chraoladh beo ar Facebook Live.

Beidh ceisteanna le freagairt ar líne ag páistí agus tuismitheoirí araon agus beidh fáil ar na torthaí ag deireadh gach babhta. Beidh fáilte roimh theachtaireachtaí ar Facebook ón lucht féachana sa bhaile agus táthar ag súil le ‘cuairt fhísiúil’ a thabhairt ar theaghlach nó dhó le linn an chomórtais.

Tá comórtas beo ‘Tráth na gCeist’ mar chuid de shraith acmhainní siamsaíochta atá á gcruthú ag Glór na nGael do theaghlaigh le Gaeilge ó thosaigh ráig an choróinvíris.

I measc na n-acmhainní atá á scaipeadh ag Glór na nGael, tá físeáin a dhíríonn ar cheardaíocht, léitheoireacht, amhránaíocht agus aclaíocht, chomh maith le crosfhocail Gaeilge d’óg agus aosta.

Dúirt Ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann, go raibh an eagraíocht ag cur go suntasach leis na hacmhainní atá á gcur ar fáil acu ar líne le coicís anuas chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do thuismitheoirí atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge.

“Is léir dúinn ón líon daoine atá ag féachaint orthu agus ag baint úsáid as na hacmhainní seo agus an méadú suntasach atá tagtha ar an lucht leanúna atá againn go bhfuil fíor-éileamh orthu agus gur fiúntach iad a sholáthar,” a dúirt sé.

Cuirfear tús le comórtas ‘Tráth na gCeist’ Ghlór na nGael ag 7:00pm gach Domhnach. Iarrtar ar theaghlaigh a bheith ar líne ag 6.45pm lena chinntiú nach mbeidh aon fhadhbanna teicneolaíochta ann.

Is gá clárú le bheith páirteach i dTráth na gCeist agus ríomhphost a sheoladh chuig beo@glornangael.ie. Seolfar acmhainní agus sonraí amach chuig rannpháirtithe ar ríomhphost gach Satharn.

[/live]

[live id=”f03d7c” datetime=”2020-04-03T11:43:40+00:00″]

AR SCÁTH A CHÉILE: Na píobairí Brìghde Chaimbeul agus Jamie Murchadh i mbun ceoil i sraith nua na Cultúrlainne

Beidh ceoltóirí éagsúla i mbun ceoil óna dtithe féin mar chuid de shraith nua ‘Laoi an Lae’ atá á craoladh ar leathanach Facebook Chultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste.

Éistigí le scoth an cheoil, port darb ainm ‘Old Whelan’s Sow’, á sheinm ag beirt phíobairí óga; Brìghde Chaimbeul, píobaire aitheanta agus cainteoir dúchais Gàidhlig, agus Jamie Murchadh as Béal Feirste.

[/live]
[live id=”ea96ef” datetime=”2020-04-03T09:37:22+00:00″]

AR SCÁTH A CHÉILE: Féile na Gealaí na bliana seo curtha ar ceal 

Tá Féile na Gealaí, féile cheoil is champála a bhí le bheith ar siúl i Ráth Chairn na Mí i lár an tsamhraidh, curtha ar ceal de bharr an choróinvíris.

D’fhógair coiste na féile inné nach mbeidh an fhéile á reáchtáil i mbliana ar mhaithe le sábháilteacht phobal Ráth Chairn agus lucht freastail na féile. 

“Is doiligh a mheas cá huair a bheas tréimhse na haimsire seo tharainn, ach ní shíleann muid gur cheart dúinn a ghabháil sa seans le sláinte Phobal Ráth Chairn ná Sláinte lucht freastail na féile,” a dúradh i ráiteas a scaipeadh ar na meáin shóisialta.

Ghabh coiste na féile buíochas le gach duine a cheannaigh ticéad go dtí seo agus dúirt go mbeidh aisíocaíochtaí á ndéanamh “sna laethanta amach romhainn”. 

Dúradh chomh maith go mbeadh “oíche mhór cheoil” á reáchtáil in Áras Pobail Ráth Chairn ar an 19 Meán Fómhair toisc gan aon fhéile a bheith ar siúl i mbliana. 

Fógraíodh dáta d’Fhéile na Gealaí 2021, a bheas ar siúl deireadh seachtaine an 11-13 Meitheamh 2021.

[/live]

[live id=”27669f” datetime=”2020-04-03T09:37:22+00:00″]

‘Anois an t-am le hiarracht a dhéanamh sochaí níos fearr agus níos cothroime a chruthú’ – ceannasaí an UN

[/live]

[live id=”cf2226″ datetime=”2020-04-03T09:37:22+00:00″]

SIAMSÁN SA mBAILE: Siamsaíocht do na páistí sa mbaile! Gníomhaíocht a 14!

[/live]

[live id=”4b26dc” datetime=”2020-04-03T09:37:22+00:00″]

[/live]

[live id=”05e2a0″ datetime=”2020-04-03T09:37:22+00:00″]

Déardaoin, Aibreán 2

[/live]

[live id=”d460d6″ datetime=”2020-04-02T08:38:57+00:00″]

Dé Céadaoin, Aibreán 1

[/live]

[live id=”2de5d1″ datetime=”2020-04-01T09:50:11+00:00″]

Dé Máirt, Márta, 31

[/live]

Fág freagra ar 'AR SCÁTH A CHÉILE: Dúshlán eile tugtha ag Ciarán Kilkenny d’iománaithe óga'