Deireadh curtha ag Randox le díol tástálacha don ghalar Covid-19 ar an margadh príobháideach

Bhí tástáil don ghalar Covid-19 á díol ag Randox Laboratories, comhlacht atá á mhaoiniú ag Údarás na Gaeltachta, ar an margadh príobháideach ar £120 nó €198

Deireadh curtha ag Randox le díol tástálacha don ghalar Covid-19 ar an margadh príobháideach

Tá sé deimhnithe ag Randox Laboratories, cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta a bhfuil saotharlanna acu i nGaeltacht Dhún na nGall agus i gcontae Aontroma, nach mbeidh tástálacha don ghalar Covid-19 á ndíol acu ar an mhargadh príobháideach feasta.

Bhí tástáil don ghalar Covid-19 á díol ag Randox Laboratories, comhlacht atá á mhaoiniú ag an eagraíocht fiontraíochta Ghaeltachta, ar an margadh príobháideach ar £120 nó €198.

Rinne na húdaráis sláinte, ó thuaidh agus ó dheas, cáineadh láidir ar chomhlachtaí as praghsanna arda a ghearradh ar thástálacha agus ar earraí eile a bhfuil éileamh mór orthu de bharr ghéarchéim Covid-19.

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite go raibh tástálacha don ghalar Covid-19 de chuid Randox, a bhfuil saotharlann acu ar an Chlochán Liath i nDún na nGall, á ndíol ag comhlachtaí sláinte príobháideacha i Sasana ar £360 an ceann.

Mar fhreagra ar an scéal seo, dúirt urlabhraí ó Randox le Tuairisc.ie go raibh tástálacha don ghalar Covid-19 á ndíol ar an margadh príobháideach “ar phraghas iomaíoch”.

“Rinne Randox tástáil COVID-19 a fhorbairt gan mhoill agus bhíomar ábalta an tástáil sin a chur ar fáil ar phraghas iomaíoch agus é ar ár gcumas samplaí a bhailiú sa bhaile. Eolas poiblí é an praghas atá uirthi.”

Dúirt urlabhraí Randox go raibh £120 nó €198 ar thástáil aonair a ordaíonn duine chun é féin a thástáil, ach dúirt sí nach é sin an praghas a íocann saotharlanna poiblí sláinte.

Tá cinneadh déanta ag Randox an tseachtain seo, áfach, gan an tástáil don ghalar Covid-19, a dhíol le custaiméirí príobháideacha toisc “an t-éileamh an-mhór” atá ar a bhfearas tástála.

Tá Randox Laboratories i measc na gcomhlachtaí atá roghnaithe ag Rialtas Shasana chun tástálacha Covid-19 a chur ar fáil d’oibrithe sláinte an NHS.

Mar chuid de chlár tástálacha an NHS, beidh tástálacha agus anailís orthu á gcur ar fáil ag Randox d’oibrithe Sheirbhís Otharcharr Londan.

Dúirt Randox le Tuairisc.ie cheana gurbh é “an tslí is éifeachtaí chun déileáil le ráig an choróinvíris ná tacaíocht a thabhairt do bheartais an rialtais”.

Dúirt Randox go mbeidh a n-acmhainní tástála á mhéadú sna laethanta agus na seachtainí amach romhainn agus go raibh siad ag súil go mbeidh siad in ann freastal ar a gcuid custaiméirí príobháideacha arís go luath.

Féintástáil ón bhaile atá cruthaithe ag an chomhlacht Randox don ghalar Covid-19. Is fríd an post a chuirtí an fearas chuig an chustaiméir agus bhí ar dhaoine an fearas a sheoladh ar aghaidh chuig saotharlanna Randox chun anailís a dhéanamh ar an tástáil.

Thug Randox le fios gur “le déanaí” a cruthaíodh an tástáil don ghalar Covid-19.

“Ní raibh aon tástáil ar fáil do Covid-19 sular tháinig an ráig seo chugainn. Bhí anailís le déanamh ar an gcineál géanóim a bhí sa víreas sula bhféadfaí an tástáil a fhorbairt ach d’éirigh linn an tástáil a chur ar fáil laistigh de choicís a bhuíochas don taithí mhór atá againn sa chomhlacht seo ar an diagnóisic,” a dúirt urlabhraí Randox le Tuairisc.ie.

Tá achainí á reáchtáil ar líne atá sínithe ag breis agus 12,000 duine go dtí seo, ag éileamh go gcuirfí na tástálacha don ghalar Covid-19 atá á ndéanamh ag an chomhlacht ar fáil saor in aisce don tseirbhís sláinte phoiblí sa Tuaisceart.

Tá maoiniú faighte ag an gcomhlacht ó Invest NI agus faigheann Randox maoiniú chomh maith ó Údarás na Gaeltachta. In 2015 d’fhógair an eagraíocht Ghaeltachta go raibh siad chun €5 milliún a infheistiú in Randox faoi 2020 agus faoi 2017 bhí breis is €3 milliún curtha isteach acu sa chomhlacht.

Tá Randox ar cheann de na cliantchomhlachtaí is mó ag Údarás na Gaeltachta agus ar cheann de na cliantchomhlachtaí is mó a chuireann fostaíocht ar fáil sa Ghaeltacht.

Fág freagra ar 'Deireadh curtha ag Randox le díol tástálacha don ghalar Covid-19 ar an margadh príobháideach'