Is fada uainn na hoícheanta sa teach tábhairne, an drochscéal thar lear ar an teilifís a bhí balbh sa gcúinne

Is fada uainn anois an saol úd a bhí againn roinnt seachtainí ó shin ach ná déanadh muid dearmad go n-imíonn sin agus go dtagann seo

Is fada uainn na hoícheanta sa teach tábhairne, an drochscéal thar lear ar an teilifís a bhí balbh sa gcúinne

Is fada uainn anois an lá úd ar tugadh faoi deara den chéad uair nach raibh aon uisce coisricthe san umar ag doras an tséipéil. An lá dár gcionn, bhí an búistéir ag an margadh ag rá nach raibh sé chomh cruógach le fada an lá agus gan é ach a 11 ar maidin. Fear na nglasraí ag rá an rud céanna, málaí a chuid custaiméirí ag cur thar maoil.

An comhluadar agus an comhrá ar an mbus, ar an tsráid nó ar thaobh an bhóthair.

Duine ag tuirlingt dá rothar le go gcaitheadh sé tamall ag cabaireacht. An tráth úd nuair a bhí an aimsir fós ar cheann de na príomhábhair chainte.   

Is fada uainn laethanta sin na soineantachta sa rang scoile agus é ina imní faoin tuiseal ginideach, na scrúduithe ar leic an dorais.

Is fada uainn na hoícheanta sa teach tábhairne, an drochscéal thar lear ar an teilifís, ach í balbh sa gcúinne. Corrthagairt spraíúil á déanamh ag corrdhuine (‘Coinnigí amach uaim!’) ach níos lú magaidh agus údar gáire ann ná mar a bhí coicís roimhe sin.

An bhean as an Iodáil, imní uirthi agus í ag insint faoin gcaoi a raibh rudaí ag teacht chun cinn ina tír dhúchais. Daoine ag éisteacht léi go haireach, ansin ag filleadh ar ábhar eile.

An oíche úd sa teach tábhairne, ag dioscó a eagraíodh ar mhaithe le hairgead a bhailiú d’imeacht a bhí beartaithe don samhradh. Damhsóirí de chuile aois ag baint creathadh as an urlár, iad báite le hallas ag deireadh na hoíche ach iad fós ag iarraidh nach gcuirfí stop leis an gceol.

An tsíorchaint agus an síorphlé. Na tuairimí agus na teoiricí. An chaoi a mbeadh an saol. Ach gan go leor ag ceapadh gur amhlaidh a bheadh sé i ndáiríre. An fear amach sna blianta a stop ar an tsráid sa mbaile mór, é den tuairim gur “money-making racket” a bhí sa rud ar fad. Na scéalta nach raibh bunús ar bith leo agus na cinn nach gcreidfí go ceann roinnt seachtainí eile.

Cluiche sacair de chuid na Sraithe Europa ar an teilifís agus gan aon lucht tacaíochta i láthair sa staid; béicíl na n-imreoirí ar a chéile le cloisteáil amhail agus gur cluiche maidin Domhnaigh ar pháirc ar bith timpeall an domhain a bhí ar siúl.

An béile a itheadh go sciobtha an tráthnóna úd sa mbaile mór, na sluaite ag dul thar bráid ar an tsráid taobh amuigh. Ag iarraidh oibriú amach óna gcuma an raibh siad buartha – ba dheacair a rá. An scata glórach ag an gcéad bhord eile, an chaint stoptha ar feadh tamaillín fad is a léigh duine acu amach na figiúirí is déireanaí óna fón.

An bhean taobh amuigh den ionad siopadóireachta ag síneadh a méire i dtreo na bhflaitheas agus í ag iarraidh a thabhairt le fios gur toil Dé a bhí ann. An ciúnas an oíche úd ar an traein, daoine suite agus iad scartha amach óna chéile, mic léinn lena gcuid bagáiste ag filleadh ar a n-áiteanna dúchais.

Anois, is údar iontais na busanna atá fós ag taisteal ar na bóithre agus ar na sráideanna; is cúis bhuíochais iad na fir agus na mná atá ag seasamh an fhóid sna gnóthaí éagsúla atá fós ar oscailt agus lucht an phoist atá ag seachadadh na mbeartán agus na litreacha i gcónaí, gan trácht ar an lucht leighis atá ag troid go cróga ar ár son.

Cuimhnítear ar an tráth roimh an doineann nuair a bhí cuma níos simplí ar chúrsaí. Is fada uainn anois an saol úd roinnt seachtainí ó shin sula raibh an t-aer agus fiú craiceann na lámh ina n-údair bhuartha.

Ach bíodh muid dóchasach agus ná déanadh muid dearmad go n-ímíonn sin agus go dtagann seo.

Fág freagra ar 'Is fada uainn na hoícheanta sa teach tábhairne, an drochscéal thar lear ar an teilifís a bhí balbh sa gcúinne'