AR SCÁTH A CHÉILE: ‘Mac Tíre na Draíochta’ á léamh ag an aisteoir Marcus Lamb

Ar Scáth A Chéile – Colún nua do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le heolas, nuacht agus tuairimíocht faoin saol aimsir ghéarchéim an choróinvíris. Seolaigí bhur scéalta chuig nuacht@tuairisc.ie…

[live id=”a860cc” datetime=”2020-04-07T20:11:51+00:00″]

‘Mac Tíre na Draíochta’ á léamh ag an aisteoir Marcus Lamb

Scéal faoi chairdeas a fhásann idir mac tíre agus coinín beag, atá á léamh inniu mar chuid de shraith Futa Fata ‘Scéal an Lae’.

[/live]

[live id=”2f6fa6″ datetime=”2020-04-07T19:32:47+00:00″]

Cleachtadh aireachais le Ciarán

Cleachtadh anála le Ciarán Mac Fhearghusa a chuirfidh ar do shuaimhneas thú atá sa tríú heagrán i sraith físeán atá á cur amach ag bunaitheoir Óga Yoga.

[/live]

[live id=”9ba1c6″ datetime=”2020-04-07T17:02:50+00:00″]

Ciarán Kilkenny ag díriú ar an gcos go lámh bréige san fhíseán is deireanaí aige

[/live]

[live id=”e28bf4″ datetime=”2020-04-07T16:58:18+00:00″]

Meabhrán tuisceana sínithe ag an dá rialtas faoin bpaindéim ‘atá dall ar gach teorainn’

[/live]

[live id=”f7abf1″ datetime=”2020-04-07T15:30:06+00:00″]

Breis agus 1,500 duine cláraithe do ranganna Gaeilge, a deir Sinn Féin

Deir Sinn Féin go bhfuil breis agus 1,500 duine ar fud na tíre cláraithe do shraith ranganna Gaeilge atá á reáchtáil ar líne acu d’aimsir an choróinvíris.

Dúirt Declan Kearney, Cathaoirleach Náisiúnta Shinn Féin go dtabharfadh na ranganna deis do dhaoine tuilleadh Gaeilge a fhoghlaim agus an oiread ama á chaitheamh ag daoine sa bhaile.

“B’éigean do dhaoine fud fad na hÉireann athruithe suntasacha a dhéanamh ar shaolta s’acu de dheasca na géarchéime, COVID-19, agus na bearta riachtanacha atá curtha i bhfeidhm le srian a chur ar an ghalar á scaipeadh.

“Tá sé ríthábhachtach go gcoinníonn daoine aigne aclaí agus cá bhfuil a shárú le fáil ná bheith ag foghlaim nó ag cur le d’eolas faoinár dteanga náisiúnta?” a dúirt sé.

Thug Kearney le fios go raibh daoine cláraithe as gach contae sa tír do na ranganna a bheas á dteagasc ar an ardán ZOOM agus go mbeadh “gníomhaithe de chuid an pháirtí agus Gaeilgeoirí tiomanta eile” i mbun an Ghaeilge a mhúineadh.


Tá fáilte á cur roimh dhaoine ar mian leo páirt a ghlacadh sna ranganna Gaeilge nó tabhairt faoin mhúineadh, teagmháil a dhéanamh leis an pháirtí ar gaeilge@sinnfein.ie

[/live]

[live id=”c9d67a” datetime=”2020-04-07T13:14:40+00:00″]

‘An Scoil sa mBaile’ le Bridget Bhreathnach

[/live]

[live id=”1e39c4″ datetime=”2020-04-07T13:17:35+00:00″]

[/live]

[live id=”dca996″ datetime=”2020-04-07T12:41:53+00:00″]

Comórtas scríbhneoireachta do dhaoine óga fógartha ag Ros na Rún i gcomhar le siopa leabhar Kennys

Cleachtadh Ros na Rún

Tá comórtas scríbhneoireachta gearrscéalta do dhaoine óga seolta ag lucht léirithe Ros na Rún agus iad ag iarraidh cabhair a thabhairt do thuismitheoirí atá ag cur scoil sa mbaile ar fáil dá bpáistí.

Tá an comórtas, atá á reáchtáil i gcomhar le siopa leabhar Kennys i gcathair na Gaillimhe, oscailte do thrí aoisghrúpa. Caithfidh gasúir ó 6 go dtí 9 mbliana d’aois agus ó 10 go dtí 14 bliain d’aois scéal 300 focal a scríobh. Tá ar dhaoine óga idir 15 agus 18 bliain d’aois scéal 500 focal a scríobh.

Tá comórtas scríbhneoireachta Ros na Rún dírithe ar dhá phríomhthéama. Don chéad téama, caithfidh na scríbhneoirí óga an carachtar is fearr leo féin i Ros na Run a roghnú. Níor mhór dóibh an duine arbh fhearr leo fanacht sa bhaile ina chomhluadar a roghnú agus tagairt a dhéanamh don chaoi ar dóigh leo a chaithfidís beirt 14 lá i gcoraintín lena chéile. An dara téama a d’fheadfaí a roghnú ná céard a bheidh i ndán don scríbhneoir óg féin nuair a thiocfaidh deireadh leis an bpaindéim seo. An mbeidh athrú ar an saol a bhfuil sé nó sí ina chleachtadh?

Iarrtar ar scríbhneoirí a n-iontrálacha a sheoladh chuig leiriuchain@rosnarun.com roimh a 5in ar an 24ú Aibreán 2020.

Beidh deis ag na buaiteoirí i ngach catagóir a bpíosaí scríbhneoireachta a léamh ar sheit Ros na Rún an fómhar seo, roimh thús an 25ú séasúr den sobaldráma.

[/live]

[live id=”d4f68d” datetime=”2020-04-07T09:27:16+00:00″]

Vóta ar son polasaí Gaeilge caite ar ríomhphost ag mic léinn

Vótáil baill d’Aontas na Mac Léinn gColáiste na Tríonóide go dtabharfaí polasaí Gaeilge isteach den chéad uair.

Ghlac comhairle Aontas na Mac Léinn leis an rún ag an gcruinniú deireanach a bhí acu agus cuirfear an polasaí i bhfeidhm an bhliain seo chugainn.

Agus cosc ar dhaoine bailiú le chéile, reáchtáladh an cruinniú ar líne agus caitheadh na vótaí faoin bpolasaí Gaeilge tríd an ríomhphost.

Dúradh gur glacadh leis an rún chun go mbeifí in ann “freastal ceart a dhéanamh ar ár mbaill arb í an Ghaeilge a gcéad teanga”.

Is é Oifigeach na Gaeilge a scríobhfaidh an polasaí agus déanfar athbhreithniú air ar a laghad uair sa bhliain.

Is í Mairéad Ní Sheanlaoich a bheidh ina hoifigeach Gaeilge ag Aontas na Mac Léinn an bhliain seo chugainn. Toghadh í an tseachtain seo caite agus tiocfaidh sí i gcomharbhacht ar Mhuireann Nic Corcráin, a mhol an rún maidir le polasaí Gaeilge.

Reáchtáladh toghchán agus feachtais toghchánaíochta Aontas na Mac Léinn ar líne.

[/live]

[live id=”042837″ datetime=”2020-04-07T09:27:16+00:00″]

A mbeannacht curtha ag an Taoiseach agus ceannairí ar fud an domhain chuig Boris Johnson

[/live]

[live id=”4c66c8″ datetime=”2020-04-07T09:27:16+00:00″]

Gael óg as Baile Átha Cliath i measc 190 dochtúir ar bronnadh céim orthu ag searmanas ar líne OÉ Gaillimh

[/live]

[live id=”b9db2e” datetime=”2020-04-07T09:27:16+00:00″]

SIAMSÁN SA mBAILE: Siamsaíocht do na páistí sa mbaile! Gníomhaíocht a 16!

[/live]

[live id=”4b26dc” datetime=”2020-04-03T09:37:22+00:00″]

[/live]

[live id=”9e4624″ datetime=”2020-04-07T09:27:16+00:00″]

Dé Luain, Márta 6

[/live]

[live id=”9bb08d” datetime=”2020-04-06T10:41:48+00:00″]

Dé hAoine, Márta 3

[/live]

[live id=”05e2a0″ datetime=”2020-04-03T09:37:22+00:00″]

Déardaoin, Aibreán 2

[/live]

[live id=”d460d6″ datetime=”2020-04-02T08:38:57+00:00″]

Dé Céadaoin, Aibreán 1

[/live]

[live id=”2de5d1″ datetime=”2020-04-01T09:50:11+00:00″]

Dé Máirt, Márta, 31

[/live]

Fág freagra ar 'AR SCÁTH A CHÉILE: ‘Mac Tíre na Draíochta’ á léamh ag an aisteoir Marcus Lamb'