A mbeannacht curtha ag an Taoiseach agus ceannairí ar fud an domhain chuig Boris Johnson

Fógraíodh aréir go raibh Príomh-Aire na Breataine, atá buailte go dona ag an gcoróinvíreas, aistrithe go dtí aonad dianchúraim in ospidéal St Thomas’s i Londain

A mbeannacht curtha ag an Taoiseach agus ceannairí ar fud an domhain chuig Boris Johnson

Ghuigh ceannairí agus iarcheannairí polaitiúla ar fud an domhain, an Taoiseach ina measc, gach rath aréir ar Phríomh-Aire na Breataine Boris Johnson atá in aonad dianchúraim agus é buailte go dona ag an gcoróinvíreas.

Dúirt Uachtarán Mheiriceá Donald Trump gur labhair sé le comhlachtaí leighis féachaint an bhféadfaidís teacht i gcabhair ar Johnson.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar ar Twitter:

“Táimid ag smaoineamh ar Boris Johnson anocht. Tá súil againn go mbeidh biseach air go luath agus go mbeidh sé i mbarr a shláinte arís gan mhoill.”

Dúirt Donald Trump go raibh paidreacha á rá aige do Phríomh-Aire na Breataine.

“Cara mór linn é, tá sé an-speisialta, láidir, diongbháilte. Ní stadann sé, ní ghéilleann sé. Feicfimid an féidir linn cabhair a thabhairt. Rinneamar teagmháil le dochtúirí Boris agus feicfimid cad a tharlóidh,” arsa Trump.

Fógraíodh aréir go raibh Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson aistrithe go dtí aonad dianchúraim in ospidéal St Thomas’s i Londain toisc go ndeachaigh na siomptóim atá air de thoradh an choróinvíris in olcas inné.

Dúirt urlabhraí ó Shráid Downing gur aistríodh an Príomh-Aire ar chomhairle a dhochtúirí agus go raibh “aire iontach” á tabhairt dó.

An rúnaí gnóthaí eachtracha Dominic Raab atá i mbun chúraimí an Phríomh-Aire “de réir mar is gá”, a dúradh.

Tugadh Príomh-Aire na Breataine, atá 55 bliain d’aois, chun an ospidéil Dé Domhnaigh toisc go raibh sé fós ag fulaingt siomptóim Covid-19 i ndiaidh dó seachtain a thabhairt á leithlisiú féin i Sráid Downing.

Dúradh níos túisce inné gur go “compordach” a chaith Johnson an oíche roimhe san ospidéal, go raibh “spion maith” air agus go raibh sé fós ag déanamh a chuid oibre mar cheannaire an rialtais.

Choimeádfaí san ospidéal é chun súil a choimeád air, a dúradh.

Ach b’amhlaidh gur in olcas a chuaigh siomptóim Johnson i gcaitheamh an lae agus aistríodh go dtí an t-aonad dianchúraim é thart ar 7pm tráthnóna inné.

Dúirt Dominic Raab aréir go raibh “spiorad foirne iontach” taobh thiar den Phríomh-Aire agus go gcuirfí pleananna Johnson i gcrích. Gheall Raab go n-éireodh leis an Rialtas an pobal a thabhairt slán ón bpaindéim.

Os cionn 5,000 duine atá curtha den saol sa Bhreatain ag an bpaindéim.

Fág freagra ar 'A mbeannacht curtha ag an Taoiseach agus ceannairí ar fud an domhain chuig Boris Johnson'